+Airteagal 14
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.

Airteagal 14

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Féadfaidh maoirseoir airgeadais iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Údaráis go nglacfadh an tÚdarás maoirseacht dhíreach air féin agus na cúraimí a liostaítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh maidir le heintiteas neamhroghnaithe áirithe faoi oibleagáid.

Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thíolacadh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus é mar aidhm aghaidh a thabhairt ar leibhéal an Aontais ar riosca méadaithe ML/TF nó ar mhainneachtana comhlíonta ag eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid agus chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach ardchaighdeán maoirseachta a áirithiú.

Airteagal 14 2.

Déanfar an méid seo a leanas leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a shainaithint ar ina leith atá an maoirseoir airgeadais den tuairim gur cheart don Údarás maoirseacht dhíreach a ghlacadh;

(b) 

na cúiseanna a bhfuil gá le maoirseacht dhíreach AML/CFT ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid a lua;

(c) 

an dáta aistrithe atá beartaithe agus an tréimhse dá n-iarrtar aistriú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shainaithint agus údar cuí a thabhairt leo; agus

(d) 

an fhaisnéis tacaíochta, na sonraí agus an fhianaise uile is gá a chur ar fáil a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh.

Airteagal 14 3.
Beidh tuairisc ag gabháil le hiarraidh an mhaoirseora airgeadais ina léireofar stair mhaoirseachta agus próifíl riosca an eintitis neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann. Inti, cuirfear an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar an eolas faoin iarraidh agus faoin amlíne atá beartaithe.
Airteagal 14 4.

Déanfaidh an tÚdarás measúnú ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 2 mhí, nó laistigh de thréimhse ama lenar féidir cúraimí agus cumhachtaí a aistriú faoin dáta a mholtar san iarraidh, cibé acu is faide. Ní chomhaontóidh an tÚdarás leis an aistriú maoirseachta dírí arna iarraidh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur féidir leis an maoirseoir iarrthach a léiriú neamhéifeachtúlacht na mbeart maoirseachta arna bhforchur ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid i ndáil le sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglais is infheidhme;

(b) 

go ndéanann an riosca méadaithe ML/TF nó na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha ar cheanglais is infheidhme difear do roinnt eintiteas laistigh de ghrúpa eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid, agus go gcomhaontaíonn na maoirseoirí airgeadais ábhartha go mbeadh gníomhaíocht mhaoirseachta chomhordaithe ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt orthu;

(c) 

go mbaineann an iarraidh le heaspa acmhainneacht shealadach, oibiachtúil agus inléirithe ar leibhéal an mhaoirseora airgeadais chun aghaidh a thabhairt go leormhaith agus go tráthúil ar an riosca ML/TF a bhaineann le heintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid.

Airteagal 14 5.
I gcás ina gcinnfidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 4, glacfaidh sé cinneadh a bheidh dírithe ar an maoirseoir airgeadais iarrthach agus ar an eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann lena dtabharfar fógra dóibh gur glacadh leis an iarraidh. Sonrófar sa chinneadh an dáta a ghlacfaidh an tÚdarás maoirseacht dhíreach agus ré maoirseachta den sórt sin. Ón dáta a bheidh maoirseacht dhíreach le glacadh ag an Údarás, measfar gur eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid é an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann chun críocha an Rialacháin seo.

Ag deireadh ré na maoirseachta dírí ag an Údarás, a leagtar amach sa chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar na cúraimí agus na cumhachtaí a bhaineann le maoirseacht dhíreach an eintitis faoi oibleagáid lena mbaineann a aistriú ar ais go huathoibríoch chuig an maoirseoir airgeadais, mura rud é go gcuireann an tÚdarás síneadh le cur i bhfeidhm an chinnidh sin tar éis iarraidh chomhfhreagrach arna déanamh ag an maoirseoir airgeadais i gcomhréir le míreanna 1 go 4.

Airteagal 14 6.
I gcás ina ndiúltóidh Bord Feidhmiúcháin an Údaráis iarraidh an mhaoirseora airgeadais, soláthróidh sé na cúiseanna leis sin i scríbhinn, ag cur in iúl go soiléir cé na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 4 nár comhlíonadh. Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an maoirseoir airgeadais sula ndéanfaidh sé cinneadh agus áiritheoidh sé go gcuirfear an t-eintiteas neamhroghnaithe faoi oibleagáid ar an eolas faoi thoradh an phróisis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.