+Airteagal 30 Oibleagáid an chomhair agus malartú faisnéise
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 2a.
---+Airteagal 30 2b.
---+Airteagal 30 2c.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
|
Airteagal 30 Oibleagáid an chomhair agus malartú faisnéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Cuirfidh an Bord an Coimisiún ar an eolas maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh sé chun ullmhú i gcomhair réitigh. Maidir le haon fhaisnéis a gheobhaidh an Bord, beidh comhaltaí na Comhairle, an Coimisiún chomh maith le foireann na Comhairle agus an Choimisiúin faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, BCE agus na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta i ndlúthchomhar le chéile, go háirithe le linn chéimeanna na pleanála réitigh, na luath-idirghabhála agus an réitigh de bhun Airteagal 8 go hAirteagal 29. Cuirfidh siad an fhaisnéis uile is gá ar fáil dá chéile chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2a, 2b agus 2c den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 30 2a.
|
Comhoibreoidh an Bord, BERS, ÚBE, ESMA agus ÚEÁPC go dlúth le chéile agus soláthróidh siad dá chéile an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 30 2b.
|
Comhoibreoidh BCE agus comhaltaí eile an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) go dlúth leis an mBord agus déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá chun cúraimí an Bhoird a chomhlíonadh a sholáthar dó, lena n-áirítear an fhaisnéis arna bailiú acu de bhun Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 88(6) maidir le gach malartú faisnéise den sórt sin.
|
|
Airteagal 30 2c.
|
Comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe agus na scéimeanna ráthaithe taiscí go dlúth leis an mBord. Déanfaidh na húdaráis ainmnithe sin, na scéimeanna ráthaithe taiscí sin agus an Bord an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh a sholáthar dá chéile. Beidh na húdaráis ainmnithe agus na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla a leagtar síos in Airteagal 88.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Maidir le BCE nó leis na húdaráis inniúla náisiúnta, déanfaidh siad comhaontuithe tacaíochta airgeadais an ghrúpa, arna n-údarú mar aon le haon athruithe ar na comhaontuithe sin, a chur chuig an mBord agus chuig na húdaráis réitigh náisiúnta.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh BCE cuireadh a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird a bheith páirteach mar bhreathnadóir i mBord Maoirseachta BCE arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. I gcás ina measfar gurb iomchuí sin, féadfaidh an Bord ionadaí eile a cheapadh chun ionad an Chathaoirligh a ghabháil chun na críche sin
|
|
Airteagal 30 5.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, ceapfaidh an Bord ionadaí a bheidh páirteach i gCoiste Réitigh ÚBE arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 127 de Threoir 2014/59/AE.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Féachfaidh an Bord le comhoibriú go dlúth le haon saoráid cúnaimh airgeadais phoiblí, lena n-áirítear an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
sna himthosca urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 27(9) agus i gcás inar dheonaigh saoráid mar sin cúnamh airgeadais díreach nó indíreach, nó inar dóigh di í a dheonú, d’eintitis atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;
(b)
i gcás ina mbeidh socrú airgeadais déanta ag an mBord le haghaidh an Chiste de bhun Airteagal 74.
|
|
Airteagal 30 7.
|
I gcás inar gá, tabharfaidh an Bord meabhrán tuisceana i gcrích le BCE agus le comhaltaí eile CEBC, leis na húdaráis réitigh náisiúnta agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta, agus leis na húdaráis ainmnithe agus na scéimeanna ráthaithe taiscí ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a gcomhoibreoidh siad faoi mhíreanna 2 go 2c agus 4 den Airteagal seo agus faoi Airteagal 74, an dara mír, i gcomhlíonadh a gcúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais. Athbhreithneofar an meabhrán sin go tráthrialta agus déanfar é a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|