|
+Airteagal 1 4. |
Airteagal 1 4.Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) maidir le haon cheann de na cineálacha seo tairiscintí urrús don phobal:
(a)
urrúis nach dtairgtear ach d'infheisteoirí cáilithe amháin;
(b)
urrúis a thairgtear do níos lú ná 150 duine nádúrtha nó dlítheanach, nach infheisteoirí cáilithe iad, in aghaidh an Bhallstáit;
(c)
urrúis a thairgtear arb é EUR 100 000 ar a laghad a n-ainmníocht in aghaidh an aonaid;
(d)
urrúis a thairgtear d'infheisteoirí a fhaigheann urrúis ar fiú EUR 100 000 ar a laghad an chomaoin iomlán ina leith in aghaidh an infheisteora, maidir le gach tairiscint ar leith;
(da)
tairiscint urrús atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna agus atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
is lú na hurrúis, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon urrús a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh céanna;
(ii)
níl eisitheoir na n-urrús faoi réir athstruchtúrú ná imeachtaí dócmhainneachta;
(iii)
comhdaítear doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, i bhformáid leictreonach, le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus cuirtear ar fáil don phobal é i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2) an tráth céanna a chomhdaítear é leis an údarás inniúil sin;
(db)
tairiscint urrús atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBM go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad roimh thairiscint na n-urrús nua, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
ní eisítear na hurrúis a thairgtear don phobal i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumaisc nó deighilte;
(ii)
níl eisitheoir na n-urrús faoi réir athstruchtúrú ná imeachtaí dócmhainneachta;
(iii)
comhdaítear doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, i bhformáid leictreonach, le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus cuirtear ar fáil don phobal é i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2) an tráth céanna a chomhdaítear é leis an údarás inniúil sin;
(e)
scaireanna a eisítear in ionad scaireanna den aicme chéanna a eisíodh cheana, ar choinníoll nach bhfuil méadú ar an gcaipiteal eisithe mar thoradh ar eisiúint na scaireanna sin;
(f)
urrúis a thairgtear i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;
(g)
urrúis a thairgtear, a leithroinntear nó a leithroinnfear i dtaca le cumasc nó roinnt, ar choinníoll go gcuirfear doiciméad ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ina bhfuil faisnéis faoin idirbheart agus faoina thionchar ar an eisitheoir;
(h)
díbhinní a íoctar le scairshealbhóirí reatha i bhfoirm scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna a n-íoctar díbhinní den sórt sin ina leith, ar choinníoll go bhfuil doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus faoi chineál na scaireanna agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint agus mionsonraí na tairisceana;
(i)
urrúis a thairgeann fostóir nó gnóthas cleamhnaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe atá aige faoi láthair nó a bhí aige, nó a leithroinneann sé orthu nó a leithroinnfidh sé orthu, ar choinníoll go gcuirtear doiciméad ar fáil ina bhfuil faisnéis faoi líon agus faoi chineál na n-urrús agus faoi na cúiseanna atá leis an tairiscint nó an leithroinnt agus mionsonraí na tairisceana nó na leithroinnte sin.
(j)
►M5 urrúis neamhchothromais arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa ar bhealach leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a thairgtear ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, ar choinníoll: ◄
(i)
nach bhfuil siad fo-ordaithe, in-chomhshóite ná inmhalartaithe; agus
(ii)
nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach;
(k)
tairiscint sluachistiúcháin don phobal ó sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna húdarú faoi Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), ar choinníoll nach sáraítear an tairseach a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán sin. ▼M5 ————— Beidh uasfhad 11 taobh de leathanaigh de pháipéar A4 sa doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (da)(iii) agus pointe (db)(iii), nuair a phriontálfar é, agus leagfar amach é ar bhealach atá éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair de mhéid inléite agus dréachtófar é i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi. Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (j), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, nó de bhun Airteagal 3(2) nó de bhun Airteagal 3(2a). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|