+Airteagal 91a Sealbhóirí príomhfheidhme agus measúnú oiriúnachta
---+Airteagal 91a 1.
---+Airteagal 91a 2.
---+Airteagal 91a 3.
---+Airteagal 91a 4.
---+Airteagal 91a 5.
---+Airteagal 91a 6.
---+Airteagal 91a 7.
---+Airteagal 91a 8.
|
Airteagal 91a Sealbhóirí príomhfheidhme agus measúnú oiriúnachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 91a 1.
|
Is ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 91(1) a bheidh an phríomhfhreagracht as a áirithiú go bhfuil dea-cháil leordhóthanach i gcónaí ar shealbhóirí príomhfheidhme, go ngníomhóidh siad ar bhealach macánta, ionraic, agus go bhfuil eolas leordhóthanach, scileanna leordhóthanacha agus taithí leordhóthanach acu chun a ndualgais a chur i gcrích. Ní leor ann féin duine a bheith gan ciontú coiriúil nó gan aon ionchúiseamh a bheith ar siúl ina leith faoi láthair i gcion coiriúil chun an ceanglas maidir le dea-cháil agus gníomhú ar bhealach macánta, ionraic a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 91a 2.
|
Áiritheoidh na heintitis go mbeidh na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh ag na sealbhóirí príomhfheidhme i gcónaí agus déanfaidh siad measúnú ar oiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme sula rachaidh siad i mbun a bpost agus go tréimhsiúil, agus na hionchais mhaoirseachta á gcur san áireamh, mar a leagtar síos sna dlíthe agus sna rialacháin, sna treoirlínte agus sna beartais oiriúnachta inmheánacha is infheidhme.
|
|
Airteagal 91a 3.
|
I gcás ina gcinneann na heintitis, bunaithe ar an measúnú inmheánach ar oiriúnacht dá dtagraítear i mír 2, nach gcomhlíonann duine na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1, déanfaidh na heintitis an méid seo a leanas:
(a)
gan an duine sin a cheapadh mar shealbhóir príomhfheidhme, i gcás ina gcuirtear an measúnú sin i gcrích sula dtéann an duine i mbun an phoist;
(b)
an duine sin a bhaint mar shealbhóir príomhfheidhme, go tráthúil; nó
(c)
na bearta breise a dhéanamh, go tráthúil, is gá chun a áirithiú go bhfuil duine den sórt sin oiriúnach don phost lena mbaineann nó go dtiocfaidh duine den sórt sin chun bheith oiriúnach don phost sin.
Déanfaidh na heintitis gach beart is gá chun feidhmiú iomchuí an phoist mar shealbhóir príomhfheidhme a áirithiú, lena n-áirítear duine eile a chur in ionad an tsealbhóra príomhfheidhme mura mbeadh na critéir oiriúnachta agus ceanglais á gcomhlíonadh a thuilleadh aige.
|
|
Airteagal 91a 4.
|
Áiritheoidh na heintitis go bhfuil an fhaisnéis maidir le hoiriúnacht na sealbhóirí príomhfheidhme cothrom le dáta. Soláthróidh na heintitis an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil trí mhodhanna arna gcinneadh ag an údarás inniúil.
|
|
Airteagal 91a 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú go mbíonn na critéir oiriúnachta agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1á gcomhlíonadh i gcónaí ag na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus ag an bpríomhoifigeach airgeadais i gcás ina gceaptar na ceannairí sin nó an t-oifigeach sin i róil sna heintitis seo a leanas ar a laghad:
(a)
máthairinstitiúidí AE atá cáilithe mar institiúidí mhóra;
(b)
máthairinstitiúidí i mBallstát atá cáilithe mar institiúidí móra; ach amháin i gcás ina bhfuil siad cleamhnaithe le comhlacht lárnach;
(c)
comhlachtaí lárnacha atá cáilithe mar institiúidí móra nó a dhéanann maoirseacht ar institiúidí móra atá cleamhnaithe leo;
(d)
institiúidí neamhspleácha san Aontas atá cáilithe mar institiúidí móra;
(e)
fochuideachtaí móra mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (147), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(f)
máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais AE agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE, a bhfuil institiúidí móra laistigh dá ngrúpa, cé is moite díobh siúd a thagann faoi Airteagal 21a(4) den Treoir seo.
|
|
Airteagal 91a 6.
|
I gcás nach mbíonn na critéir agus na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí ag na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh nó ag an bpríomhoifigeach airgeadais, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
i gcás measúnú ex ante, cosc a chur ar cheannairí den sórt sin nó oifigeach den sórt sin dul i mbun an phoist nó iad a bhaint den phost;
(b)
i gcás measúnú ex post, ceannairí den sórt sin nó oifigeach den sórt sin a bhaint, nó a cheangal ar an eintiteas iad a bhaint den phost;
(c)
ceangal a chur ar na heintitis lena mbaineann bearta iomchuí breise a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil ceannairí den sórt sin nó oifigeach den sórt sin oiriúnach don phost lena mbaineann nó go dtiocfaidh siad chun bheith oiriúnach don phost sin.
A luaithe is eol aon fhíorais nua nó aon imthosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais, déanfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 5 athmheasúnú ar oiriúnacht na gceannairí sin agus an oifigigh sin, agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil amach go bhfuil athrú tagtha ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le hoiriúnacht na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh lena mbaineann, déanfaidh an t-údarás inniúil a n-oiriúnacht a athmheasúnú. Ní cheanglófar ar na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh sin nuair a dhéantar a gconarthaí a athnuachan nó a shíneadh, ach amháin má tháinig athrú ar fhaisnéis ábhartha a bhfuil na húdaráis inniúla ar an eolas fúithi agus go bhféadfadh an t-athrú sin difear a dhéanamh d’oiriúnacht na gceannairí nó an oifigigh lena mbaineann. Ar a laghad i gcás cheapadh na gceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh sin agus an phríomhoifigigh airgeadais sin do phoist sna heintitis dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh na húdaráis inniúla ar cheart tréimhse uasta a shocrú a ndéanfaí an measúnú oiriúnachta a chur i gcrích lena linn. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse uasta sin, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 91a 7.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bhfrithsciúradh airgid nó comhrac mhaoiniú na sceimhlitheoireachta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na ceannairí feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus leis an bpríomhoifigeach airgeadais a cheadú i gcomhthéacs a bhfíoraithe agus ar bhonn riosca-íogair. Féadfaidh údaráis inniúla rochtain a iarraidh freisin ar an mbunachar sonraí lárnach AML/CFT dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1620. Cinnfidh an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta an ndéanfaidh sé an rochtain sin a dheonú nó gan a dheonú.
|
|
Airteagal 91a 8.
|
Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
coincheapa na dea-cháile, na macántachta agus an ionracais dá dtagraítear i mír 1;
(b)
coincheapa an eolais leordhóthanaigh, na scileanna leordhóthanacha agus na taithí leordhóthanaí dá dtagraítear i mír 1.
(c)
na critéir chun a chinneadh an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 á dhéanamh nó go ndearnadh iarracht é a dhéanamh, nó gur mó an riosca go dtarlóidh siad, i dtaca leis an eintiteas.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), oibreoidh ÚBE i ndlúthchomhar le ESMA agus leis an Údarás um FhrithSciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|