+IARSCRÍBHINN VIII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL

IARSCRÍBHINN VIII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL




IARSCRÍBHINN VIII

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Maidir le cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail, bailíonn siad agus cuireann siad i láthair sonraí faoi aistrithe reatha agus faoi aistrithe caipitil a bheartaítear chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear táirgeadh agus úsáid táirgí comhshaoil, ar bhealach atá ag luí le coincheapa agus sainmhínithe CEC 2010.

Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail. Úsáidtear na sonraí sin freisin chun caiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil a thiomsú mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Roinn 2

CUMHDACH

Íocaíochtaí neamhchúitithe ón rialtas ginearálta le hearnálacha institiúideacha (laistigh den gheilleagar intíre agus leis an gcuid eile den domhan) agus ó ghníomhaithe neamhchónaitheacha (an chuid eile den domhan), chun críche an comhshaol a chosaint nó úsáid agus asbhaint acmhainní nádúrtha a laghdú, déantar iad a thaifeadadh sna cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail a ullmhú de réir na saintréithe seo a leanas:

— 
fóirdheontais (CEC 2010 cód D.3);
— 
aistrithe reatha eile (CEC 2010 cóid D.6 agus D.7);
— 
aistrithe caipitil (CEC 2010 cód D.9).

Tuairisceofar na sonraí ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.

4. Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.

5. Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.

6. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí de réir an mhéid seo a leanas:

— 
an earnáil institiúideach íocaíochta, mar a leanas:
— 
an rialtas ginearálta;
— 
an chuid eile den domhan;
— 
an earnáil institiúideach fála, mar a leanas:
— 
an rialtas ginearálta;
— 
corparáidí;
— 
teaghlaigh;
— 
institiúidí neamhbhrabúsacha a fhónann do theaghlaigh;
— 
an chuid eile den domhan.

▼M5

2. I gcás gach ceann de na catagóirí tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe 1, tuairisceofar sonraí de réir grúpaí an aicmithe críoch comhshaoil (CEP) agus iad grúpáilte mar a leanas:

— 
CEP 01 — Aer agus aeráid;
— 
CEP 0201 — Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;
— 
CEP 0202 — Coigilt agus bainistiú fuinnimh;
— 
CEP 0301 — Bainistiú fuíolluisce;
— 
CEP 0302 — Coigilteas uisce agus bainistiú acmhainní uisce nádúrtha;
— 
CEP 0401 — Bainistiú dramhaíola;
— 
CEP 0402 — Aisghabháil agus coigilteas ábhar;
— 
CEP 0501 — Cosaint ithreach, uisce dromchla agus screamhuisce;
— 
CEP 0502 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach;
— 
CEP 0503 — Bainistiú acmhainní foraoise;
— 
CEP 06 — Torann agus radaíocht;
— 
Suim CEP 0701, CEP 0703, CEP 0705, CEP 0707, CEP 0709 — T&F maidir le hastaíochtaí aeir a laghdú agus a rialú, bainistiú fuíolluisce, bainistiú dramhaíola, ithir, dromchla, screamhuisce agus bithéagsúlacht agus torann agus radaíocht;
— 
Suim CEP 0702, CEP 0704, CEP 0706, CEP 0708 – T&F le haghaidh fuinnimh, bainistiú acmhainní uisce, aisghabháil agus coigilteas ábhar agus bainistiú foraoise;
— 
CEP 08 — Críocha trasghearrtha agus comhshaoil eile.

▼M3

3.  ►M5  Déanfar aistrithe is infhaighte ag corparáidí ón rialtas ginearálta agus iad grúpáilte de réir shuim rannáin uile CEP (CEP 01-08) a ghrúpáil a thuilleadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 mar a leanas: ◄

— 
NACE A – talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht;
— 
NACE B – mianadóireacht agus cairéalacht;
— 
NACE C – monaraíocht;
— 
NACE D – soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóiriúcháin;
— 
NACE E – soláthar uisce, séarachas, bainistiú dramhaíola agus feabhsúchán;
— 
NACE F – tógáil;
— 
NACE G – trádáil mórdhíola agus miondíola, deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar;
— 
NACE H – Iompar agus stóráil;
— 
NACE I-U – ranna eile NACE.

▼M5 —————

▼M3

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.