+IARSCRÍBHINN IV CÓRAIS TOSTA INA BHFUIL ÁBHAIR SHNÁITHÍNEACHA IONSÚITE FUAIME

IARSCRÍBHINN IV CÓRAIS TOSTA INA BHFUIL ÁBHAIR SHNÁITHÍNEACHA IONSÚITE FUAIME

IARSCRÍBHINN IV

CÓRAIS TOSTA INA BHFUIL ÁBHAIR SHNÁITHÍNEACHA IONSÚITE FUAIME

1.   GINEARÁLTA

Is féidir ábhair shnáithíneacha ionsúite fuaime a úsáid i gcórais tosta nó i gcomhpháirteanna de chórais den chineál sin má chomhlíontar aon cheann den dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

ní théann an gás sceite i dteagmháil leis na hábhair shnáithíneacha; nó

(b) 

baineann an córas tosta nó comhpháirteanna de leis an bhfine dheartha chéanna leis na córais nó leis na comhpháirteanna ar cruthaíodh ina leith, le linn an phróisis cineálcheadaithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo maidir le cineál eile feithicle, nach dtagann meathlú orthu.

I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i bpointe (a) ná i bpointe (b) den chéad fhomhír, cuirfear an córas iomlán tosta nó na comhpháirteanna de isteach le haghaidh gnáthriochtú ag úsáid ceann de na trí shuiteáil agus nós imeachta a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 1.1, 1.2 agus 1.3.

Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, measfar gur den fhine dheartha chéanna iad grúpa de chórais tosta nó de comhpháirteanna de nuair is ionann do na saintréithe seo uile a leanas iontu:

(a) 

sreabhadh glan gáis a bheith ann, ar de na gáis sceite é, tríd an ábhar snáithíneach ionsúiteach nuair a bhíonn sé i dteagmháil leis an ábhar sin;

(b) 

an cineál snáithíní;

(c) 

más infheidhme, sonraíochtaí an cheanglóra;

(d) 

meántoisí na snáithíní;

(e) 

dlús pacáistíochta íosta na snáithíní i mbulc de réir kg/m3;

(f) 

an dromchla teagmhála uasta idir an sreabhadh gáis agus an t-ábhar ionsúiteach;

1.1.   Oibríocht leanúnach bóthair ar feadh 10 000 km.

1.1.1.

Tiomáint uirbeach a bheidh i gceist le 50 ± 20 % den oibríocht sin, agus cúrsaí fad-achair ar ardluas a bheidh sa chuid eile; is féidir clár comhfhreagrach raoin tástála a chur in ionad oibríochta leanúnaí bóthair.

1.1.2.

Déanfar an dá chóras luais a mhalartú ar a laghad faoi dhó.

1.1.3.

Áireofar ar a laghad 10 sos de thrí uair an chloig sa clár don tástáil iomlán d'fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d'fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.

1.2.   Riochtú ar bhinse tástála

1.2.1.

Ag baint úsáide as codanna caighdeánacha agus ag comhlíonadh treoracha monaróra na feithicle, feisteofar an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3. d'Iarscríbhinn I nó an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.4 d'Iarscríbhinn I leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. I gcás na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.3 d'Iarscríbhinn I, déanfar an fheithicil a ghléasadh ar dhinimiméadar rollála. I gcás innill dá dtagraítear i bpointe 1.4 d'Iarscríbhinn I, déanfar an t-inneall a chúpláil le dinimiméadar.

1.2.2.

Déanfar an tástáil i sé thréimhse, agus gach ceann acu sé-huaire ar fad, agus sos de dhá uair déag idir gach tréimhse d'fhonn tionchar an fhuaraithe agus aon chomhdhlúthú a d'fhéadfadh a bheith ann a atáirgeadh.

1.2.3.

Le linn gach tréimhse sé huaire, cuirfear an t-inneall ag obair, faoi na coinníollacha seo a leanas san ord seo a leanas:

(a) 

Cúig nóiméad ar luas réchasta;

(b) 

Sraith-aon uaire faoi 1/4 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(c) 

Sraith-aon uaire faoi 1/2 den ualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(d) 

Sraith 10 nóiméad faoi lánualach ar 3/4 den uasluas rátaithe (S);

(e) 

Sraith 15 nóiméad faoi 1/2 den ualach ar uasluas rátaithe (S);

(f) 

Sraith 30 nóiméad faoi 1/4 den ualach ar uasluas rátaithe (S).

Fad iomlán na sé shraith: sé huaire an chloig.

Is é a bheidh i ngach tréimhse dhá shraith sheicheamhacha de na coinníollacha sin in ord comhleantach ó (a) go (f).

1.2.4.

Le linn na tástála, ní dhéanfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le brúshéideadh lena ionsamhlaítear gnáth-aershreabh mórthimpeall na feithicle. Mar sin féin, ar iarratas ón monaróir, féadfar an córas tosta nó comhpháirteanna de a fhuarú le nach sárófar an teocht arna taifeadadh ag an ionraon nuair atá an fheithicil ag rith ar uasluas.

1.3.   Riochtú trí fhrithbhualadh

1.3.1.

Beidh an fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.3. d'Iarscríbhinn I nó an t-inneall dá dtagraítear i bpointe 1.4. d'Iarscríbhinn I feistithe leis an gcóras tosta nó le comhpháirteanna de. Sa chéad chás beidh an fheithicil gléasta ar dhinimiméadar rollála.

Sa dara cás beidh an t-inneall gléasta ar dhinimiméadar. Beidh an gaireas tástála, dá bhfuil léaráid mhionsonraithe i bhFigiúr 1 san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, beidh sé feistithe ag easrais an chórais tosta. Glacfar le haon ghaireas eile a tháirgeann torthaí coibhéiseacha.

1.3.2.

Déanfar an gaireas tástála a choigeartú sa dóigh is go ndéanfar sreabhadh an gháis sceite a stopadh agus a chur ar siúl arís leis an gcomhla mhearoscailte ar feadh 2 500 timthriall.

1.3.3.

Osclóidh an chomhla nuair a shroichfidh cúlbhrú an gháis sceite, arna thomhas 100 mm ar a laghad le sruth ón bhfeire intógtha, nuair a shroichfidh sé luach idir 0,35 agus 0,40 kPa. Dúnfaidh sí nuair nach bhfuil níos mó ná 10 % de dhifear idir an brú sin agus an luach cobhsaithe nuair atá an chomhla ar oscailt.

1.3.4.

Ní mór an lasc aga-mhoillithe a bheith ar siúl ar feadh sceitheadh an gháis a sceitheann mar gheall ar na forálacha atá leagtha síos i bpointe 1.3.3.

1.3.5.

Is é a bheidh i luas an innill 75 % den luas (S) ag a mbaineann an t-inneall a uaschumhacht amach.

1.3.6.

Beidh an chumhacht ar an dinimiméadar cothrom le 50 % den chumhacht leis an scóig lánoscailte arna tomhas ag 75 % de luas an innill (S).

1.3.7.

Beidh aon pholl draenála clúdaithe le linn na tástála.

1.3.8.

Tabharfar an tástáil ar fad i gcrích laistigh de 48 uair.

Más gá, beidh aon tréimhse fuaraithe amháin ann tar éis gach uaire.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.05.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0540
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.