+IARSCRÍBHINN VIII

IARSCRÍBHINN VIII




IARSCRÍBHINN VIII

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le BAT/SAL agus rialtóirí aerthráchta

1.   ÚSÁID AN AERSPÁIS

1.1.

Déanfar gach aerárthach, seachas na haerárthaí sin atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a), le linn gach céime den eitilt nó le linn dóibh a bheith ar limistéar gluaiseachta aeradróim, a oibriú i gcomhréir le comhrialacha ginearálta oibriúcháin agus i gcomhréir le haon nós imeachta infheidhme a bheidh sonraithe maidir le húsáid an aerspáis.

1.2.

Beidh gach aerárthach, seachas na haerárthaí sin atá ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a), feistithe leis na comhdhamhnaí is gá agus oibreofar dá réir iad. Comhlíonfaidh na comhdhamhnaí a úsáidtear i gcóras BAT/SAL na ceanglais i bpointe 3 freisin.

2.   SEIRBHÍSÍ

2.1.   Faisnéis aerloingseoireachta agus sonraí d'úsáideoirí aerspáis chun críocha aerloingseoireachta

2.1.1.

Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse faisnéise aerloingseoireachta ar cháilíocht leordhóthanach, iomlán agus cothrom le dáta agus soláthrófar iad go luath.

2.1.2.

Beidh an fhaisnéis aerloingseoireachta cruinn, iomlán, cothrom le dáta, gan athbhrí, tiocfaidh sí ó fhoinse dhlisteanach, agus beidh sí slán a dóthain, agus beidh sí i bhformáid a bheidh oiriúnach d'úsáideoirí freisin.

2.1.3.

Déanfar an fhaisnéis aerloingseoireachta sin a scaipeadh ar úsáideoirí aerspáis go luath agus bainfear úsáid as modh cumarsáide a bheidh iontaofa agus gasta a dhóthain, ar modh é a bheidh cosanta ar chur isteach agus ar éilliú.

2.2.   Faisnéis mheitéareolaíochta

2.2.1.

Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse faisnéise meitéareolaíochta aerloingseoireachta ar cháilíocht leordhóthanach, iomlán agus cothrom le dáta.

2.2.2.

A mhéid is féidir, beidh an fhaisnéis mheitéareolaíochta aerloingseoireachta cruinn, iomlán, cothrom le dáta, beidh sí slán a dóthain agus gan athbhrí d'fhonn riachtanais úsáideoirí an aerspáis a chomhlíonadh. Beidh an fhaisnéis mheitéareolaíochta aerloingseoire ó fhoinse dhlisteanach.

2.2.3.

Déanfar an fhaisnéis mhéitéareolaíochta aerloingseoireachta sin a scaipeadh ar úsáideoirí aerspáis go luath agus bainfear úsáid as modh cumarsáide iontaofa agus gasta a dhóthain a bheidh cosanta ar chur isteach agus ar éilliú.

2.3.   Seirbhísí aerthráchta

2.3.1.

Beidh na sonraí a úsáidfear mar fhoinse chun seirbhísí aerthráchta a sholáthar ceart, iomlán agus cothrom le dáta.

2.3.2.

Beidh na seirbhísí aerthráchta a chuirfear ar fáil cruinn, iomlán, cothrom le dáta agus gan athbhrí oiread is a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh siad riachtanais sábháilteachta na n-úsáideoirí.

2.3.3.

Déanfar uirlisí uathoibrithe a thugann faisnéis nó comhairle d'úsáideoirí a dhearadh, a tháirgeadh agus a chothabháil go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don sprioc atá leo.

2.3.4.

Forálfaidh seirbhísí rialaithe aerthráchta agus próisis ghaolmhara go mbeidh spás leormhaith idir aerárthaí agus, i limistéar ainlithe eitilte an aeradróim, coiscfidh siad imbhuailtí idir aerárthaí agus baic agus, más iomchuí, cabhróidh siad lena gcosaint ar ghuaiseacha aeriompartha eile agus áiritheoidh siad go ndéanfar comhordú pras agus luath i gcomhar leis na húsáideoirí ábhartha go léir agus leis na méideanna aerspáis cóngaracha go léir.

2.3.5.

An chumarsáid idir na seirbhísí aerthráchta agus aerárthaí agus idir na haonaid ábhartha seirbhísí aerthráchta, beidh sí luath, soiléir, ceart agus gan athbhrí agus beidh sí cosanta ar chur isteach agus beidh sí sothuigthe gan dua agus, más infheidhme, aitheanta ag na gníomhairí go léir lena mbaineann.

2.3.6.

Beidh modhanna i bhfeidhm chun cásanna éigeandála a d'fhéadfadh bheith ann a bhrath agus, más iomchuí, chun gníomhaíocht chuardaigh agus tarrthála éifeachtach a chur ar bun. Cuimseoidh na modhanna sin, ar a laghad, meicníochtaí iomchuí rabhaidh, bearta agus nósanna imeachta comhordúcháin, modhanna agus pearsanra chun an réimse freagrachta a chuimsiú go héifeachtúil.

▼M3

2.3a.   Seirbhísí sonraí aerthráchta

2.3a.1. Na sonraí aerthráchta a bhaileofar, is de cháilíocht leordhóthanach, iomlán, cothrom le dáta agus is ó fhoinse dhlisteanach a bheidh siad agus soláthrófar go tráthúil iad.

2.3a.2. Déanfaidh na seirbhísí sonraí aerthráchta feidhmíocht leordhóthanach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun chomh fada agus a bhaineann lena n-infhaighteacht, lena sláine, lena leanúnachas agus lena dtráthúlacht chun riachtanais na n-úsáideoirí a chomhlíonadh.

2.3a.3 Déanfar na córais agus na huirlisí a sholáthróidh seirbhísí sonraí aerthráchta a dhearadh, a tháirgeadh agus a choinneáil ar bun go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don sprioc atá leo.

2.3a.4. Déanfar na sonraí sin a scaipeadh go tráthúil agus bainfear úsáid as modh cumarsáide a bheidh iontaofa agus gasta a dhóthain, modh a bheidh faoi chosaint ar chur isteach agus ar éilliú, bíodh sé sin d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe.

▼B

2.4.   Seirbhísí cumarsáide

Déanfaidh na seirbhísí cumarsáide feidhmíocht leordhóthanach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun chomh fada agus a bhaineann lena n-infhaighteacht, lena sláine, lena leanúnachas agus lena luas. Beidh siad gasta agus déanfar iad a chosaint ar éilliú agus ar chur isteach.

2.5.   Seirbhísí aerloingseoireachta

Déanfaidh an tseirbhís aerloingseoireachta leibhéal leordhóthanach feidhmíochta a bhaint amach agus a choinneáil ar bun maidir le treoir, aimsiú suímh agus faisnéis uainiúcháin, nuair atá an fhaisnéis sin ar fáil. Áirítear ar na critéir feidhmíochta beachtas, sláine, dlisteanacht na foinse, infhaighteacht agus leanúnachas na seirbhíse.

2.6.   Seirbhísí faireachais

Déanfaidh na seirbhísí faireachais amach cá bhfuil suímh na n-aerárthaí faoi seach atá san aer, mar aon le suímh aerárthaí eile agus feithiclí talún ar dhromchla an aeradróim, agus déanfaidh siad an méid sin ar leibhéal feidhmíochta leordhóthanach chomh fada agus a bhaineann le beachtas, sláine, dlisteanacht na foinse, leanúnachas agus dóchúlacht brathadóireachta na suíomh sin.

2.7.   Bainistiú na sreibhe aerthráchta

Úsáidfidh agus soláthróidh an bainistiú oirbheartaíochta ar shreabha aerthráchta ar leibhéal an Aontais faisnéis atá beacht a dóthain agus cothrom le dáta faoi mhéid agus faoi chineál an aerthráchta bheartaithe a dhéanfaidh difear do sholáthar seirbhísí agus déanfaidh sé comhordú agus caibidlíocht ar athródú nó moilliú na sreabh aerthráchta d'fhonn an riosca go dtarlódh ró-ualú san aer nó sna haeradróim a laghdú. Déanfar bainistiú sreibhe d'fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn atá ar fáil ó thaobh úsáid aerspáis de agus feabhas a chur ar phróisis bhainistíochta an tsreafa aerthráchta. Beidh sé bunaithe ar shábháilteacht, ar thrédhearcacht agus ar éifeachtúlacht, rud a áiritheoidh go gcuirfear an acmhainn ar fáil ar mhodh solúbtha luath atá comhsheasmhach leis an bPlean Eorpach Aerloingseoireachta.

Tacóidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 43, maidir le bainistiú na sreibhe aerthráchta, le cinntí oibríochtúla a dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta, oibreoirí aeradróim agus úsáideoirí aerspáis agus clúdóidh siad na réimsí seo a leanas:

(a) 

pleanáil eitiltí;

(b) 

úsáid na hacmhainneachta aerspáis atá ar fáil le linn gach céim den eitilt, lena n-áirítear sliotáin a shannadh;

(c) 

úsáid a bhaint as ródúcháin i ngnáth-aerthrácht, lena n-áirítear:

— 
foilseachán aonair a chruthú le haghaidh treoraíocht bhealaí agus tráchta,
— 
roghanna chun an gnáth-aerthrácht a athstiúradh ó limistéir phlódaithe, agus
— 
rialacha tosaíochta maidir le rochtain ar aerspás don ghnáth-aerthrácht, go háirithe i rith tréimhsí plódúcháin agus géarchéime; agus
(d) 

an chomhsheasmhacht idir pleananna eitilte agus sliotáin aerfoirt agus an comhordú is gá le réigiúin chomharsanacha, más iomchuí.

▼M3

2.8.   Bainistíocht aerspáis

Maidir le méideanna sonracha aerspáis a ainmniú chun críocha úsáide áirithe, déanfar faireachán ar an ainmniú sin agus déanfar é a chomhordú agus a fhógairt go tráthúil chun an riosca a laghdú go gcaillfear aon spás scoite idir aerárthaí i ngach uile imthoisc. Agus eagrú gníomhaíochtaí míleata agus gnéithe gaolmhara faoi fhreagracht na mBallstát á chur san áireamh, tacóidh bainistíocht aerspáis freisin le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis, i gcomhréir leis an gcur síos air a rinne an ICAO agus arna cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2024/2803, d’fhonn bainistíocht aerspáis agus bainistíocht aerthráchta a éascú i gcomhthéacs an chomhbheartais iompair.

▼B

2.9.   Dearadh an nós imeachta eitiltí

Déanfar nósanna imeachta eitiltí a dhearadh go hiomchuí agus déanfar suirbhéireacht go hiomchuí orthu agus déanfar iad a bhailíochtú go hiomchuí sula bhféadfar iad a imlonnú agus sula bhféadfaidh aerárthaí iad a úsáid.

3.   CÓRAIS AGUS COMHDHAMHNAÍ

3.1.   Ginearálta

Maidir leis na córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a sholáthraíonn faisnéis ghaolmhar don aerárthach agus ón aerárthach agus ar an talamh, beidh siad deartha, táirgthe, suiteáilte, cothabháilte, cosanta i gcoinne cur isteach neamhúdaraithe agus oibrithe go hiomchuí chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh.

Áireofar ar na córais agus ar na nósanna imeachta go háirithe na cinn sin a bhfuil gá leo chun tacú leis na feidhmeanna agus leis na seirbhísí seo a leanas:

(a) 

bainistiú an aerspáis;

(b) 

bainistiú na sreibhe aerthráchta;

(c) 

seirbhísí aerthráchta, go háirithe córais um próiseáil sonraí eitilte, córais um próiseáil sonraí faireachais agus córais um chomhéadan idir duine agus meaisín;

(d) 

córais chumarsáide lena n-áirítear cumarsáid talamh go talamh/spás, cumarsáid aer go talamh agus cumarsáid aer go haer/spás;

(e) 

loingseoireacht;

(f) 

faireachas;

(g) 

seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta; agus

(h) 

seirbhísí meitéareolaíocha.

3.2.   Sláine, feidhmíocht agus iontaofacht na gcóras agus na gcomhdhamhnaí

Maidir le sláine na gcóras agus na gcomhdhamhnaí agus maidir lena bhfeidhmíocht ó thaobh na sábháilteachta de, cibé acu ar aerárthach, ar an talamh nó sa spás é, beidh siad oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh. Déanfaidh siad an leibhéal feidhmíochta oibríochta is gá maidir lena ndálaí intuartha oibríochtúla go léir agus maidir lena saolré oibríochtúil iomlán a chomhlíonadh.

Déanfar córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a dhearadh, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú, agus úsáid á baint chuige sin as na nósanna imeachta iomchuí bailíochtaithe, ar bhealach a áiritheoidh oibriú comhleanúnach an Ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (EATMN) i gcónaí agus ag gach céim den eitilt. Is féidir oibriú comhleanúnach a léiriú, go háirithe, le faisnéis a chomhroinnt, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha faoin stádas oibríochta, tuiscint chomhchoiteann ar fhaisnéis, feidhmíochtaí próiseála atá inchurtha le chéile agus na nósanna imeachta a ghabhann leo a dhéanann feidhmíochtaí comhchoiteanna oibriúcháin a chumasú don EATMN iomlán nó do chodanna de.

Tacóidh EATMN, a chórais agus a gcomhdhamhnaí, ar bhonn comhordaithe, le coincheapa nua oibríochtúla a comhaontaíodh agus a bailíochtaíodh, coincheapa lena bhfeabhsófar caighdeán, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht na seirbhísí aerloingseoireachta, ó thaobh sábháilteachta agus toilleadh de go háirithe.

Tacóidh EATMN, a chórais agus a gcomhdhamhnaí, le comhordú sibhialta/míleata a chur chun feidhme de réir a chéile, a mhéad is gá ar mhaithe le bainistiú éifeachtach aerspáis agus sreibhe aerthráchta, agus le go mbainfidh gach úsáideoir úsáid shábháilte éifeachtúil as an aerspás, trí chur i bhfeidhm an choincheapa maidir le húsáid sholúbtha a bhaint as aerspás.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tacóidh EATMN, a chórais agus na comhdhamhnaí a ghabhann leo le faisnéis cheart chomhsheasmhach a chumhdóidh gach céim eitilte a chomhroinnt go luath idir páirtithe sibhialta agus míleata, gan dochar do leasanna beartais slándála nó cosanta, lena n-áirítear ceanglais maidir le rúndacht.

3.3.   Córais agus comhdhamhnaí a dhearadh

3.3.1.

Déanfar córais agus comhdhamhnaí a dhearadh chun go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sábháilteachta agus slándála is infheidhme.

3.3.2.

Maidir le córais agus le comhdhamhnaí, arna mbreithniú i dteannta a chéile, ar leithligh agus ag féachaint don ghaol atá eatarthu, déanfar iad a dhearadh sa chaoi go mbeidh gaol inbhéartach ann idir an dóchúlacht gur cliseadh ar an gcóras iomlán a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar aon chliseadh agus déine a éifeachta ar shábháilteacht na seirbhísí.

3.3.3.

Déanfar na srianta a bhaineann le hinniúlachtaí agus feidhmíocht an duine a chur san áireamh agus na córais agus na comhdhamhnaí, arna mbreithniú ar leithligh agus i gcomhcheangal lena chéile, á ndearadh.

3.3.4.

Déanfar na córais agus na comhdhamhnaí a dhearadh sa chruth go gcosnófar iad, agus na sonraí a sheoltar leo, ó idirghníomhaíochtaí dochracha le gnéithe seachtracha agus inmheánacha.

3.3.5.

Déanfar faisnéis atá riachtanach chun na córais agus na comhpháirteanna a tháirgeadh, a shuiteáil, a oibriú agus a chothabháil, mar aon le faisnéis maidir le coinníollacha neamhshábháilte, a chur ar fáil do phearsanra ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus gan athbhrí.

3.4.   Leibhéal leanúnach seirbhíse

Déanfar leibhéil sábháilteachta na gcóras agus na gcomhdhamhnaí a choinneáil ar bun le linn seirbhíse agus tráth a dhéantar aon mhodhnuithe ar an tseirbhís.

4.   CÁILÍOCHTAÍ RIALTÓIRÍ AERTHRÁCHTA

4.1.   Ginearálta

Beidh duine a bhfuil oiliúint á cur air mar rialtóir aerthráchta nó mar ábhar rialtóra aerthráchta chomh haibí sin ó thaobh oideachais, coirp agus meabhrach de chun go mbeidh sé in ann an t-eolas ábhartha teoiriciúil agus an scil phraiticiúil a shealbhú, a choinneáil ar bun agus a léiriú.

4.2.   Eolas teoiriciúil

4.2.1.

Déanfaidh rialtóir aerthráchta leibhéal eolais a shealbhú agus a choinneáil ar bun, ar leibhéal eolais é a oirfidh do na feidhmeanna a dhéanfar agus a bheidh i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál seirbhíse.

4.2.2.

Léireofar go bhfuil eolas teoiriciúil á shealbhú agus á choinneáil ar bun trí mheasúnú leanúnach le linn na hoiliúna, nó trí scrúduithe iomchuí.

4.2.3.

Déanfar leibhéal iomchuí eolais theoiriciúil a choinneáil ar bun. Léireofar go bhfuil comhlíonadh á dhéanamh trí mheasúnuithe rialta nó trí scrúduithe rialta. Beidh rialtacht na scrúduithe i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an gcineál seirbhíse i dtrácht.

4.3.   Scil phraiticiúil

4.3.1.

Gheobhaidh rialtóir aerthráchta na scileanna praiticiúla is iomchuí chun a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chur i gcrích agus déanfaidh sé nó sí iad a choinneáil ar bun. Beidh na scileanna sin i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál seirbhíse agus déanfaidh siad, más iomchuí i gcás na bhfeidhmeanna a fheidhmeofar, an méid seo a leanas a chumhdach:

(a) 

nósanna imeachta oibríochta;

(b) 

sainghnéithe a bhaineann leis an gcúram;

(c) 

cásanna neamhghnácha agus cásanna éigeandála; agus

(d) 

tosca a bhaineann leis an duine.

4.3.2.

Léireoidh rialtóir aerthráchta go bhfuil sé ar a chumas na nósanna imeachta agus na cúraimí gaolmhara a chur i gcrích de réir leibhéal inniúlachta is iomchuí de réir na bhfeidhmeanna a chuirfear i gcrích.

4.3.3.

Déanfar leibhéal sásúil inniúlachta i scil phraiticiúil a choinneáil ar bun. Fíorófar go bhfuil comhlíonadh á dhéanamh trí mheasúnuithe rialta. Beidh minicíocht na measúnuithe sin comhréireach leis an gcastacht agus leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an gcineál seirbhíse agus leis na cúraimí a dhéanfar.

4.4.   Inniúlacht teanga

4.4.1.

Léireoidh rialtóir aerthráchta go bhfuil sé de chumas aige nó aici Béarla a labhairt agus a thuiscint oiread agus a ligfidh dó nó di cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i gcásanna guthchumarsáide amháin (guthán/raidió-theileafón) agus i gcásanna cumarsáide “aghaidh ar aghaidh” i dtaobh ábhair nithiúla agus ábhair a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear cásanna éigeandála.

4.4.2.

I gcás ina bhfuil gá leis chun seirbhísí aerthráchta (ATS) a sholáthar i méid sainithe aerspáis, beidh ar chumas rialtóra aerthráchta an teanga náisiúnta nó na teangacha náisiúnta a labhairt agus a thuiscint go dtí an leibhéal a bhfuil tuairisc tugtha thuas air.

4.5.   Feistí sintéiseacha oiliúna (STD)

Nuair a bhaintear úsáid as STD chun oiliúint phraiticiúil a thabhairt san fheasacht ar dhálaí éagsúla agus i dtosca an duine nó chun a léiriú go bhfuil scileanna faighte nó coinnithe ar bun, beidh leibhéal feidhmíochta ag an bhfearas sin lena bhféadfar ionsamhlú leordhóthanach a dhéanamh ar an timpeallacht oibre agus ar na dálaí oibríochtúla atá oiriúnach don oiliúint atá á soláthar.

4.6.   Cúrsa oiliúna

4.6.1.

Tabharfar an oiliúint i bhfoirm cúrsa oiliúna, ina bhféadfar teagasc teoiriciúil agus teagasc praiticiúil a chuimsiú, lena n-áirítear oiliúint ar STD, más infheidhme.

4.6.2.

Déanfar cúrsa a shainiú agus a fhormheas i gcomhair gach cineáil oiliúna.

4.7.   Teagascóirí

4.7.1.

Teagascóirí cuícháilithe amháin a dhéanfaidh an teagasc teoiriciúil. Maidir leis na teagascóirí seo:

(a) 

beidh eolas iomchuí acu ar an réimse lena mbaineann an teagasc; agus

(b) 

beidh sé léirithe acu go bhfuil sé ar a gcumas modhanna teagaisc iomchuí a úsáid.

4.7.2.

Teagascóirí cuícháilithe, a mbeidh na cáilíochtaí seo a leanas acu, a dhéanfaidh na scileanna praiticiúla a theagasc:

(a) 

comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí maidir le heolas teoiriciúil agus maidir le taithí de réir mar a oireann don teagasc atá á thabhairt;

(b) 

beidh sé léirithe acu go bhfuil ar a gcumas teagasc a dhéanamh agus modhanna teagaisc iomchuí a úsáid;

(c) 

beidh taithí acu ar theicnící teagaisc a bhaineann leis na nósanna imeachta sin ina mbeartaítear teagasc a chur ar fáil; agus

(d) 

cuirfear oiliúint athnuachana rialta orthu chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta.

4.7.3.

Beidh teagascóirí scileanna praiticiúla i dteideal gníomhú mar rialtóirí aerthráchta freisin, nó beidh sé amhlaidh go raibh siad i dteideal gníomhú mar sin tráth.

4.8.   Measúnóirí

4.8.1.

Maidir leis na daoine a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar scil na rialtóirí aerthráchta:

(a) 

beidh sé léirithe acu go bhfuil siad ábalta feidhmíocht na rialtóirí aerthráchta a mheasúnú, agus scrúduithe agus seiceálacha a dhéanamh orthu; agus

(b) 

cuirfear oiliúint athnuachana rialta orthu chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta.

4.8.2.

Beidh measúnóirí ar scileanna praiticiúla i dteideal gníomhú mar rialtóirí aerthráchta sna réimsí sin ina bhfuil an measúnú le déanamh, nó beidh sé amhlaidh go raibh siad i dteideal gníomhú mar sin tráth.

4.9.   Dea-shláinte rialtóra aerthráchta

4.9.1.

Beidh ar gach rialtóir aerthráchta a léiriú go tráthrialta go bhfuil siad folláin a ndóthain chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go sásúil. Déanfar comhlíonadh a léiriú trí mheasúnú iomchuí trína gcuirfear an meath meabhrach agus fisiceach a d'fhéadfadh bheith ann de dheasca aoise san áireamh.

4.9.2.

Maidir le dea-shláinte a léiriú, lena gcuimsítear sláinte choirp agus mheabhrach, áireofar gur léiríodh nach bhfuil aon ghalar ná aon mhíchumas ar an duine a sholáthraíonn seirbhís rialaithe aerthráchta (ATC), a d'fhágfadh nach mbeadh sé in ann:

(a) 

na cúraimí is gá chun seirbhís rialaithe aerthráchta a sholáthar a dhéanamh go hiomchuí,

(b) 

na dualgais a shannfar dó a fheidhmiú tráth ar bith, nó

(c) 

a timpeallacht nó a thimpeallacht a bhrath i gceart.

4.9.3.

I gcás nach féidir dea-shláinte a léiriú go hiomlán, féadfar bearta maolaithe a chur i bhfeidhm lena gcuirfear sábháilteacht choibhéiseach ar fáil.

5.   SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ AGUS EAGRAÍOCHTAÍ OILIÚNA

5.1.

Ní rachfar i mbun seirbhísí a sholáthar mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh an acmhainn is gá le haghaidh scála agus raon na seirbhíse ag an soláthraí seirbhíse, cibé acu go díreach é nó de thoradh comhaontuithe le tríú páirtithe. Áireofar ar an acmhainn sin córais, áiseanna, lena n-áirítear soláthar cumhachta, struchtúr bainistíochta, pearsanra, trealamh agus cothabháil an trealaimh, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, gan a bheith teoranta dóibh;

(b) 

déanfaidh an soláthraí seirbhíse lámhleabhair bhainistíochta agus lámhleabhair oibríochta a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta chomh fada is a bhaineann le soláthar a chuid seirbhísí agus beidh air oibriú de réir na lámhleabhar sin. Beidh sna lámhleabhair sin na treoracha uile, an fhaisnéis uile agus na nósanna imeachta uile is gá do na hoibríochtaí, don chóras bainistíochta agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibríochtaí a gcuid dualgas a chomhlíonadh;

▼M3

(c) 

más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don soláthraí seirbhíse córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach;

▼B

(d) 

is pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte, agus iad sin amháin, a úsáidfidh an soláthraí seirbhíse agus déanfaidh siad cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun don phearsanra;

(e) 

déanfaidh an soláthraí seirbhíse idirphléití foirmiúla a bhunú leis na geallsealbhóirí go léir a d'fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar shábháilteacht a gcuid seirbhísí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo;

(f) 

déanfaidh an soláthraí seirbhíse plean teagmhasach, ina gcuimseofar cásanna éigeandála agus dálaí neamhghnácha a d'fhéadfadh titim amach maidir lena sheirbhísí, a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás teagmhais ar dá mbarr a dhíghrádaítear nó a chuirtear isteach ar a chuid oibríochtaí;

(g) 

déanfaidh an soláthraí seirbhíse córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe (c) d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir leis an leibhéal sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais; agus

(h) 

déanfaidh an soláthraí seirbhíse socruithe chun a fhíorú ag tráth ar bith go bhfuil ceanglais feidhmíochta sábháilteachta aon chórais agus aon chomhdhamhna a oibríonn sé á gcomhlíonadh.

5.2.

Ní rachfar i mbun seirbhís rialaithe aerthráchta a sholáthar mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déanfar bainistiú trí bhíthin córas uainchláir ar chosc tuirse an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhís ATC. Ní mór an córas uainchláir sin a dhéileáil le tréimhsí dualgais, am dualgais agus tréimhsí scíthe oiriúnaithe. Maidir leis na srianta a bhunaítear laistigh den chóras uainchláir, tabharfar lánaird ar na tosca ábhartha a chuireann le tuirse amhail, go háirithe, easpa codlata, cur isteach ar rithim laethúil na colainne, uaireanta oíche, am dualgais carnach ar feadh tréimhsí ama áirithe chomh maith le cúraimí leithdháilte a roinntear ar an bpearsanra;

(b) 

déanfar bainistiú ar chosc struis an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhís ATC trí bhíthin cláir oideachais agus cláir um strus a chosc;

(c) 

beidh nósanna imeachta curtha ar bun ag soláthraí seirbhíse rialaithe aerthráchta chun a fhíorú nach lagaítear breithiúnas cognaíoch an phearsanra sin a sholáthraíonn seirbhísí rialaithe aerthráchta nó nach bhfuil siad easpach ó thaobh dea-shláinte de; agus

(d) 

Maidir lena chuid pleanála agus oibríochtaí, déanfaidh an soláthraí seirbhíse rialaithe aerthráchta srianta oibríochtúla agus teicniúla, mar aon le prionsabail a bhaineann le tosca an duine, a chur san áireamh.

5.3.

Ní rachfar i mbun seirbhís chumarsáide, loingseoireachta agus/nó faireachais a sholáthar mura rud é go gcomhlíontar an coinníoll seo a leanas:

Déanfaidh an soláthraí seirbhíse úsáideoirí ábhartha an aerspáis agus na haonaid ATS a choinneáil ar an eolas ar bhonn tráthúil maidir le stádas oibríochta a sheirbhísí (agus maidir le haon athruithe ar an stádas sin) arna soláthar chun críocha ATS.

5.4.

Eagraíochtaí oiliúna

Déanfaidh eagraíocht oiliúna a chuireann oiliúint ar phearsanra a sholáthraíonn seirbhís ATC na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

ní mór gach acmhainn is gá a bheith acu maidir le raon na bhfreagrachtaí sin a bhaineann lena ngníomhaíocht. Áirítear ar na hacmhainní sin áiseanna, pearsanra, trealamh, modheolaíocht, doiciméadacht na gcúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;

(b) 

más iomchuí don oiliúint a chuirfear ar fáil agus do mhéid na heagraíochta féin, déanfaidh an eagraíocht córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le meath ar chaighdeán na hoiliúna, agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach; agus

(c) 

socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile a bhunú, más gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar bhonn leanúnach.

6.   SCRÚDAITHEOIRÍ AERLEIGHIS AGUS IONAID AERLEIGHIS

6.1.   Scrúdaitheoirí aerleighis

Maidir le scrúdaitheoirí aerleighis:

(a) 

ní mór dóibh a bheith cáilithe agus ceadúnaithe i gcleachtadh leighis;

(b) 

ní mór oiliúint a bheith orthu sa leigheas eitlíochta chomh maith le hoiliúint athnuachana rialta sa leigheas eitlíochta a fháil chun a áirithiú go gcoinneofar ardchaighdeáin mheasúnaithe cothrom le dáta; agus

(c) 

ní mór eolas praiticiúil agus taithí phraiticiúil a bheith acu maidir le na dálaí faoina gcuireann rialtóirí aerthráchta a gcuid dualgas i gcrích.

6.2.   Ionaid aerleighis

Ní mór d'ionaid aerleighis na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) 

ní mór gach acmhainn a bheith acu is gá le haghaidh raon na bhfreagrachtaí sin a ghabhann lena bpribhléidí. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht na gcúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;

(b) 

más iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach; agus

(c) 

bunóidh siad socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar bhonn leanúnach.

▼M3

7.    LÁIDREACHT AIRGEADAIS, DLISTEANAS, CEANGLAIS CUMHDAIGH ÁRACHAIS, ÚINÉIREACHT AGUS STRUCHTÚR EAGRÚCHÁIN

Déanfaidh soláthraithe BAT/SAL an méid seo a leanas, d’fhonn soláthar seirbhíse sábháilte agus leanúnach a áirithiú:

(a) 

léireoidh siad láidreacht airgeadais leordhóthanach;

(b) 

beidh cumhdach iomchuí dliteanais agus árachais faighte acu, agus a stádas dlíthiúil agus leibhéal an chumhdaigh árachais tráchtála atá ar fáil á gcur san áireamh; agus

(c) 

comhlíonfaidh siad na ceanglais is infheidhme maidir le húinéireacht agus struchtúr eagraíochtúil d’fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc chun soláthar seirbhísí neamh-idirdhealaitheach a áirithiú.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.