+Airteagal 15 Athbhreithniú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
|
Airteagal 15 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh torthaí an athbhreithnithe sin. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a)
líon chlárúcháin na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá sna Ballstáit;
(b)
an dul chun cinn maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe breoslaí malartacha poiblí agus príobháideacha a imscaradh le haghaidh feithiclí tromshaothair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chomh maith le srianta bonneagair a bheith ann i dtríú tíortha ar oibriú feithiclí tromshaothair nuachláraithe san Aontas lasmuigh den Aontas;
(c)
an tionchar ar fhostaíocht, go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), éifeachtacht na mbeart chun tacú le hathoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair, agus an tábhacht a bhaineann le haistriú i dtreo soghluaisteacht de bhóthar atá nialasach ó thaobh astaíochtaí de agus atá inmharthana go heacnamaíoch agus cothrom ó thaobh na sochaí de; leagfar béim ar leith ar an tionchar ar Bhallstáit fhorimeallacha agus ar an tionchar ar iompar earraí meatacha;
(d)
i dtaobh an bhfuil bonn cirt fós le leanúint den díolúine a leagtar amach in Airteagal 6b do mhonaróirí a tháirgeann líon beag feithiclí a leagtar amach in Airteagal 6b den Rialachán seo;
(e)
an tionchar a bhaineann le híostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha nua a chuirtear ar mhargadh an Aontais;
(f)
leibhéal na préimhe astaíochtaí iomarcacha CO2 chun a áirithiú go sáraíonn sí meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach.
(g)
na feithiclí tromshaothair seo a leanas, nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/2400 faoi láthair, a áireamh sna spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2:
(i)
leoraithe beaga ag a bhfuil TPMLM atá cothrom le nó níos lú ná 5 thona, tar éis imscrúdú ar oiriúnacht chinneadh na n-astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair den sórt sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400 (ionsamhlúcháin VECTO), agus Rialachán (AE) 2017/1151 á chur san áireamh; agus
(ii)
feithiclí sainchuspóireacha, feithiclí easbhóthair agus feithiclí easbhóthair sainchuspóireacha;
(h)
aon srianta sonracha maidir le hAirteagal 3d, mír 1 a chomhlíonadh, i ngeall ar shochair agus costais shocheacnamaíocha i bhfianaise moirfeolaíocht chríochach shonrach nó imthosca meitéareolaíocha sonracha, chomh maith le hinfheistíochtaí a rinne údaráis phoiblí cheana féin i mbithmheatán.
(i)
an ról atá ag fachtóra ceartaithe carbóin san aistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha in earnáil na bhfeithiclí tromshaothair.
(j)
an ról atá ag modheolaíocht chun feithiclí tromshaothair a chlárú a fheidhmíonn go heisiach ar bhreoslaí atá neodrach ó thaobh CO2 de, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais;
(k)
cibé an bhfuil méadú míchuí tagtha ar chumhacht rátaithe innill mar thoradh ar fhoghrúpaí nua feithiclí a chruthú i gcás leoraithe EHC.
(l)
an fhéidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin;
(m)
roghanna chun breithniú a dhéanamh ar fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha, a rinneadh a iarfheistiú ó ghnáthfheithiclí tromshaothair a cláraíodh roimhe sin, chun críoch measúnaithe comhlíontachta faoin Rialachán seo.
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin chun an Rialachán seo a leasú.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ról na mbreoslaí in-athnuaite inbhuanaithe san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta, lena n-áirítear in earnáil na bhfeithiclí tromshaothair. Ar leithligh ón athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1, agus mar chuid de straitéis chuimsitheach le haghaidh feidhm a bhaint as breoslaí den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2025 ina mbeidh anailís chuimsitheach ar an ngá atá le glacadh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis ardfhorbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in earnáil na bhfeithiclí tromshaothair a dhreasú tuilleadh chomh maith leis an gcreat iomchuí beart, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais, chun é sin a bhaint amach. Bunaithe ar an anailís sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha breise nó cuirfidh sé moltaí faoi bhráid na mBallstát.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|