+Airteagal 13 Tairbhithe an chomhair
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
|
Airteagal 13 Tairbhithe an chomhair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Beidh comhar faoin Rialachán seo dírithe ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na húdaráis rialála inniúla i réimse na sábháilteachta núicléiche agus na heagraíochtaí tacaíochta teicniúla a ainmnítear dóibh, chun a scileanna teicniúla, a neamhspleáchas agus atreisiú an chreata rialála sna hábhair ábhartha a mhéid a bhaineann le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht a ráthú;
|
|
(b)
|
na gníomhaireachtaí náisiúnta atá i gceannas ar bhainistiú sábháilte na dramhaíola radaighníomhaí chun gur féidir í a aicmiú, a chlárú agus a chuntas agus a stóráil go sábháilte;
|
|
(c)
|
aon gheallsealbhóirí i státchóras arb é a mhisean ábhar núicléach a chuntas agus a rialú chun coimircí éifeachtúla éifeachtacha a bhunú;
|
|
(d)
|
oibreoirí stáisiún núicléach, i gcásanna eisceachtúla, teoranta do chur chun feidhme an mholta ón athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca agus sábháilteachta (tástálacha struis) arna dhéanamh ag ENSREG.
|
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Déanfar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(1) a shaothrú go háirithe trí bhíthin na mbeart seo a leanas:
|
(a)
|
nósanna imeachta agus córais an chreata rialála a atreisiú;
|
|
(b)
|
socruithe éifeachtacha a bhunú chun timpistí ag a mbíonn iarmhairtí raideolaíocha a chosc, lena n-áirítear nochtadh de thimpiste, mar aon le maolú na n-iarmhairtí sin má tharlaíonn siad;
|
|
(c)
|
straitéisí agus creataí, modheolaíochtaí, teicneolaíocht agus cineálacha cur chuige a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun bainistiú freagrach sábháilte a dhéanamh ar bhreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach;
|
|
(d)
|
tacaíocht chun sábháilteacht suiteálacha agus suíomhanna núicléacha a áirithiú maidir le bearta cosanta praiticiúla atá ceaptha chun rioscaí a bhaineann le radaíocht atá ann cheana do shláinte oibrithe agus an phobail go ginearálta a laghdú;
|
|
(e)
|
straitéisí agus creataí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun suiteálacha núicléacha atá ann cheana féin a dhíchoimisiúnú, chun iar-shuíomhanna núicléacha agus láithreacha táirgeachta stairiúla úráiniam a fheabhsú, agus chun nithe radaighníomhacha a chuaigh go tóin poill agus ábhar ar muir a aisghabháil agus a bhainistiú;
|
|
(f)
|
an creat rialála, na modheolaíochtaí, an teicneolaíocht agus na cineálacha cur chuige is gá a bhunú chun coimircí núicléacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear chun cuntasacht cheart agus rialú ceart a dhéanamh ar ábhair inscoilte ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal oibreoirí;
|
|
(g)
|
tacaíocht chun pearsanra a oiliúint;
|
|
(h)
|
soláthar teoranta trealaimh i gcásanna eisceachtúla le haghaidh oibreoirí stáisiún núicléach, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.
|
I gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo, déanfar na bearta a bhaineann le pointe (a) den chéad fhomhír a chur chun feidhme trí mheán comhar idir oibreoirí agus/nó eagraíochtaí inniúla de chuid na mBallstát agus oibreoirí suiteálacha núicléacha de chuid tríú tíortha mar a shainítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2009/71/Euratom.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 7(3) maidir le bearta a bhaineann le pointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.06.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0948
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|