|
+IARSCRÍBHINN V MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 30(14) A RÍOMH |
IARSCRÍBHINN V MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 30(14) A RÍOMH
IARSCRÍBHINN V MODHANNA COMHCHOITEANNA AGUS PRIONSABAIL CHOMHCHOITEANNA CHUN TIONCHAR SCÉIMEANNA UM OIBLEAGÁID ÉIFEACHTÚLACHTA FUINNIMH NÓ BEART BEARTAIS EILE FAOI AIRTEAGAIL 8, 9 AGUS 10 AGUS AIRTEAGAL 30(14) A RÍOMH 1. Modhanna chun an coigilteas fuinnimh seachas an coigilteas a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) a ríomh. Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe iontaoibhe, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:
(a)
coigilteas measta, mar thagairt do na torthaí ar fheabhsuithe fuinnimh a ndearnadh faireachán neamhspleách orthu cheana i suiteálacha comhchosúla. Tugtar ‘ex ante’ ar an gcur chuige cineálach;
(b)
coigilteas méadraithe, trína ndéantar an coigilteas ó shuiteáil birt, nó pacáiste de bhearta, a chinneadh tríd an laghdú iarbhír ar úsáid fuinnimh a thaifeadadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhachtóirí amhail breisíocht, áitíocht, leibhéil táirgeachta agus an aimsir a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltas. Tugtar ‘ex post’ ar an gcur chuige cineálach;
(c)
coigilteas scálaithe, trína n-úsáidtear meastacháin innealtóireachta ar choigilteas. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé deacair nó go díréireach daor sonraí tomhaiste láidre i gcomhair suiteáil shonrach a bhunú, mar shampla comhbhrúiteoir nó mótar leictreach ag a bhfuil rátáil kWh éagsúil a chur in ionad comhbhrúiteoir nó mótar leictreach a ndearnadh faisnéis neamhspleách faoi choigilteas a thomhas ina leith, nó i gcás ina ndéanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe atá neamhspleách ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe iontaoibhe na meastacháin sin ar bhonn modheolaíochtaí agus tagarmharcanna a bunaíodh go náisiúnta;
(d)
agus coigilteas fuinnimh á ríomh chun críocha Airteagal 8(3) is féidir a áireamh chun an oibleagáid san Airteagal sin a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit meastachán a dhéanamh ar choigilteas fuinnimh daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar bhonn meastacháin innealtóireachta trí dhálaí áitíochta caighdeánaithe agus compord teirmeach a úsáid, nó paraiméadair, amhail paraiméadair a shainítear i rialacháin náisiúnta tógála. Ba cheart do na Ballstáit an chaoi a meastar compord le haghaidh gníomhaíochtaí i bhfoirgnimh a thuairisciú don Choimisiún in éineacht le míniúcháin ar a modheolaíocht ríofa.
(e)
coigilteas a rinneadh suirbhéireacht orthu, trína gcinntear freagairt tomhaltóirí do chomhairle, d’fheachtais faisnéise, do lipéadú nó do scéimeanna deimhniúcháin nó do mhéadrú cliste. Ní bhainfear feidhm as an gcur chuige sin ach amháin do choigilteas a eascraíonn ó athruithe in iompar na dtomhaltóirí. Ní dhéanfar feidhm a bhaint as do choigilteas a eascraíonn ó shuiteáil beart fisiciúil. 2. Agus an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 8, 9 agus 10 agus Airteagal 30(14), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a)
léireoidh na Ballstáit gurb é ceann de chuspóirí an bhirt beartais, bíodh sé nua nó ann cheana féin, baint amach coigiltis fuinnimh críochúsáide de bhun Airteagal 8(1) agus soláthróidh siad fianaise agus a ndoiciméid lena dtaispeántar go raibh beart beartais ina chúis leis an gcoigilteas fuinnimh, lena n-áirítear comhaontuithe deonacha;
(b)
taispeánfar go bhfuil an coigilteas sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann ar aon chaoi gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe iontaoibhe nó na n-údarás poiblí cur chun feidhme. Chun a chinneadh cé na coigiltis is féidir a éileamh mar choigiltis bhreise, tabharfaidh na Ballstáit dá n-aire an chaoi a bhforbródh úsáid fuinnimh agus tomhailt fuinnimh in éagmais an bhirt beartais faoi thrácht trí na tosca seo a leanas, ar a laghad a chur san áireamh: treochtaí do thomhailt fhuinnimh, athruithe in iompar na dtomhaltóirí, dul chun cinn teicneolaíochta agus athruithe arb iad na bearta eile arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta is cúis leo;
(c)
measfar gur coigilteas a bheadh ann ar aon nós coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí éigeantach an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, ní dhéanfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críocha Airteagal 8(1). De mhaolú ar an gceanglas sin, coigilteas atá bainteach le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, lena n-áirítear na coigiltis a eascraíonn ó chur chun feidhme íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh i bhfoirgnimh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, féadfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críocha Airteagal 8(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo. Bearta lena gcuirtear feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh chun cinn san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 5 agus 6, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo;
(d)
féadfar coigilteas fuinnimh críochúsáide a eascraíonn ó chur chun feidhme beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh arna ndéanamh de bhun rialacháin éigeandála faoi Airteagal 122 CFAE a éileamh chun críocha Airteagal 8(1), ar choinníoll go mbeidh coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta, cé is moite den choigilteas fuinnimh sin mar thoradh ar bhearta cóimheasa nó ciorrúcháin;
(e)
is féidir bearta a dhéantar de bhun Rialachán (AE) 2018/842 a mheas mar bhearta ábhartha, ach ní mór do na Ballstáit a thaispeáint go n-eascraíonn coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe astu atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo;
(f)
ní dhéanfaidh na Ballstáit ach coigilteas fuinnimh críochúsáide a áireamh ó bhearta beartais in earnálacha nó i suiteálacha a chumhdaítear le Caibidil IVa ghabhann le Treoir 2003/87/CE má eascraíonn siad as cur chun feidhme Airteagal 9 nó 10 den Treoir seo agus a théann thar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2003/87/CE nó thar chur chun feidhme gníomhaíochtaí a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce faoin Treoir sin. Taispeánfaidh na Ballstáit gurb é an toradh atá ar na bearta beartais coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh an Iarscríbhinn seo. Má tá eintiteas ina pháirtí faoi oibleagáid faoi scéim náisiúnta um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh faoi Airteagal 9 den Treoir seo agus faoi CTA AE le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Chaibidil IVa a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, áiritheofar leis an gcóras faireacháin agus fíoraithe go gcuirfear san áireamh an praghas carbóin atá curtha i bhfeidhm nuair a scaoiltear breosla lena dtomhail faoin gCaibidil sin nuair a dhéanfar an coigilteas fuinnimh a bhearta coigilte fuinnimh a ríomh agus a thuairisciú;
(g)
féadfar creidmheas a thabhairt, ar choinníoll go dtabharfar é amháin do choigilteas a théann thar na leibhéil seo a leanas:
(i)
caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí an Aontais le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme ( 17 ); Ní foláir do na Ballstáit cúiseanna, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht le ceanglais nua an Aontais maidir le CO2 feithicle a thaispeáint;
(ii)
ceanglais an Aontais maidir le táirgí áirithe a bhfuil baint acu le fuinneamh a bhaint den mhargadh tar éis na bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE a chur chun feidhme. Soláthróidh na Ballstáit fianaise, a dtoimhdí agus a modheolaíocht ríofa chun breisíocht a thaispeáint;
(h)
ceadófar beartais a bhfuil mar chuspóir acu leibhéil níos airde éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh do tháirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí agus breoslaí, foirgnimh agus eilimintí foirgnimh, próisis nó margaí, cé is moite de bhearta beartais:
(i)
maidir le húsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise, a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, agus
(ii)
lena dtugtar fóirdheontas d’úsáid dócháin dhírigh teicneolaíochtaí breosla iontaise i bhfoirgnimh chónaithe ón 1 Eanáir 2026.
(i)
coigilteas fuinnimh a eascraíonn as bearta beartais a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2024 maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise i dtáirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí, foirgnimh nó oibreacha, ní áireofar iad faoi chomhair chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le coigilteas fuinnimh de bhun Airteagal 8(1)(b). I gcás bearta beartais lena gcuirtear teaglamaí teicneolaíochtaí chun cinn, ní bheidh an sciar den choigilteas fuinnimh a bhaineann leis an teicneolaíocht dócháin breoslaí iontaise incháilithe ón 1 Eanáir 2024.
(j)
de mhaolú ar phointe (i), le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, ní fhéadfar coigilteas fuinnimh ó theicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair dhianfhuinnimh in earnáil an tionscail a áireamh mar choigilteas fuinnimh ach amháin chun críocha Airteagal 8(1), pointí (b) agus (c), go dtí an 31 Nollaig 2030, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
rinne an fiontar iniúchadh fuinnimh de bhun Airteagal 11(2) agus plean cur chun feidhme ina n-áirítear:
—
forléargas ar na bearta éifeachtúlachta fuinnimh cost-éifeachtúla uile a bhfuil tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú acu, ar bhonn modheolaíochtaí simplí íostréimhse aisíoca arna gcur ar fáil ag an mBallstát,
—
tréimhse ama chun na bearta éifeachtúlachta fuinnimh ar fad a mholtar a chur chun feidhme a mbeidh tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú ag gabháil leo,
—
ríomh ar an gcoigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis mar thoradh ar na bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mholtar agus,
—
bearta éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise leis an bhfaisnéis ábhartha is gá chun:
—
a chruthú nach méadaíonn an beart arna shainaithint an méid fuinnimh is gá ná acmhainneacht suiteála,
—
údar maith a thabhairt nach bhfuil sé indéanta go teicniúil teicneolaíochtaí breosla neamh-iontaise inbhuanaithe a ghlacadh,
—
a léiriú go gcomhlíonann an teicneolaíocht dócháin dhírigh breoslaí iontaise reachtaíocht chomhfhreagrach is déanaí an Aontais maidir le feidhmíocht astaíochtaí agus cosc a chur ar éifeachtaí gaibhnithe teicneolaíochta trí chomhoiriúnacht amach anseo le breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha neamh-iontaise atá aeráidneodrach a áirithiú.
(ii)
is é atá i gceist le leanúint d’úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh na mbreoslaí iontaise beart éifeachtúlachta fuinnimh chun tomhaltas fuinnimh a laghdú le tréimhse aisíoca 5 bliana nó níos lú, ar bhonn modheolaíochtaí simplí tréimhse aisíoca arna soláthar ag an mBallstát, arna moladh mar thoradh ar iniúchadh fuinnimh de bhun Airteagal 11(2) agus a áirítear sa phlean cur chun feidhme;
(iii)
comhlíonann úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise reachtaíocht chomhfhreagrach is déanaí an Aontais maidir le feidhmíocht astaíochtaí agus ní thagann éifeachtaí gaibhnithe teicneolaíochta aisti agus áirithíonn sí comhoiriúnacht amach anseo le breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha aeráidneodracha;
(iv)
ní bhíonn méadú ar thomhaltas fuinnimh ná méadú ar acmhainneacht na suiteála san fhiontar mar thoradh ar úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh breoslaí iontaise san fhiontar sin;
(v)
cuirtear fianaise ar fáil nach raibh aon réiteach malartach, inbhuanaithe breosla neamh-iontaise indéanta go teicniúil;
(vi)
is é an toradh a bhíonn ar úsáid teicneolaíochtaí dócháin dhírigh na mbreoslaí iontaise díreacha go mbíonn coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasta, arna ríomh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo;
(vii)
foilsítear fianaise ar shuíomh gréasáin nó cuirtear ar fáil go poiblí í do gach saoránach ar spéis leo í;
(k)
bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar mionscála chun cinn ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais an Iarscríbhinn seo;
(l)
bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí teirmeacha gréine chun cinn, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh críochúsáide infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Is féidir an teas a thairgeann teicneolaíochtaí teirmeacha gréine ó radaíocht na gréine a eisiamh óna dtomhaltas fuinnimh críochúsáide;
(m)
i gcás beartais lena gcuirtear dlús le glacadh táirgí agus feithiclí níos éifeachtúla, seachas na beartais a chuirtear chun feidhme go nua ón 1 Eanáir 2024 maidir le húsáid dócháin dhírigh breosla iontaise, féadfar creidmheas iomlán a éileamh, ar choinníoll go dtaispeántar go dtarlóidh an glacadh sin sula rachaidh an saolré mheánach lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil in éag, nó sula ndéanfaí an táirge nó an fheithicil a ionadú de ghnáth, agus nach n-éileofar an coigilteas ach amháin don tréimhse go dtí deireadh na saolré meánaí lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil atá le hionadú;
(n)
agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh á chur chun cinn acu, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar caighdeáin cháilíochta do tháirgí, do sheirbhísí agus do shuiteáil beart a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcás nach ann do na caighdeáin sin;
(o)
chun éagsúlachtaí aeráide idir réigiúin a chur san áireamh, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh an coigilteas a oiriúnú do luach caighdeánach nó chun coigilteas fuinnimh éagsúil a thabhairt i gcomhréir le hathruithe teochta idir réigiúin;
(p)
déanfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh saolré na mbeart agus an ráta ag a laghdaítear coigilteas le himeacht ama a chur san áireamh. Leis an ríomh sin, déanfar an coigilteas a bhainfidh gach gníomhaíocht aonair amach le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí deireadh gach tréimhse oibleagáide a chomhaireamh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na Ballstáit modh eile a ghlacadh a mheastar go mbainfidh sé amach an méid iomlán céanna de choigilteas ar a laghad. Nuair a bheidh feidhm á baint acu as modh eile, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh méid iomlán an choigiltis fuinnimh arna ríomh trí fheidhm a bhaint as an modh sin méid an choigiltis fuinnimh a bheadh mar thoradh ar a ríomh agus an coigilteas, a bhainfear amach le gach gníomhaíocht aonair le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí 2030, á chomhaireamh acu. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe, ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dtugtar fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an modh eile agus ar na forálacha atá déanta chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ceangailteach maidir leis an ríomh. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 30(14):
(a)
déantar, leis na bearta beartais agus na gníomhaíochtaí aonair, coigilteas fuinnimh críochúsáide atá infhíoraithe;
(b)
déantar freagracht gach páirtí rannpháirtigh, gach páirtí iontaoibhe nó gach údaráis phoiblí cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, a shainiú go soiléir;
(c)
déantar an coigilteas fuinnimh a baineadh amach nó atá le baint amach a chinneadh ar bhealach trédhearcach;
(d)
sloinntear an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin mbeart beartais nó atá le baint amach aige i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil nó i dtomhaltas fuinnimh deiridh, agus feidhm á baint as na glanluachanna calracha nó na fachtóirí fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear in Airteagal 31;
(e)
cuirtear ar fáil tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhain na páirtithe iontaoibhe, na páirtithe rannpháirteacha agus na húdaráis phoiblí cur chun feidhme amach agus déantar í, mar aon le sonraí ar threocht bhliantúil an choigiltis fuinnimh, a fhoilsiú go poiblí;
(f)
faireachán a dhéanamh ar na torthaí agus bearta iomchuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn sásúil;
(g)
ní éilíonn níos mó ná aon pháirtí amháin an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíocht aonair;
(h)
taispeántar go raibh gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí iontaoibhe nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha maidir le baint amach an choigiltis fuinnimh a éilíodh;
(i)
níl aon éifeacht dhíobhálach ag gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí iontaoibhe nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. 4. Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas a tugadh isteach faoi Airteagal 10 á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
(a)
(b)
le praghasleaisteachais ghearrthréimhseacha chun tionchar na mbeart cánach fuinnimh a ríomh, léireofar freagrúlacht an éilimh fuinnimh d’athruithe praghsanna, agus déanfar iad a mheasúnú ar bhonn foinsí sonraí oifigiúla ionadaíocha, ar sonraí iad atá ann le gairid atá infheidhme maidir leis an mBallstát, agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhonn staidéir a ghabhann leo ó institiúid neamhspleách. Má úsáidtear praghasleaisteachas eile seachas praghasleaisteachais ghearrthréimhseacha, míneoidh na Ballstáit an chaoi ar tugadh isteach na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh de bharr cur chun feidhme reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áirítear sa bhunlíne a úsáidtear chun an coigilteas fuinnimh a mheas, nó an chaoi ar seachnaíodh comhaireamh dúbailte an choigiltis fuinnimh ó Reachtaíocht eile de chuid an Aontais;
(c)
déanfar an coigilteas fuinnimh ó na hionstraimí beartais cánachais a ghabhann leo, lena n-áirítear dreasachtaí fioscacha nó íocaíocht chuig ciste, a chuntasú ar leithligh;
(d)
ba cheart meastacháin leaisteachais ghearrthréimhsigh a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais chun forluí le dlí an Aontais agus le bearta beartais eile a sheachaint;
(e)
cinnfidh na Ballstáit éifeachtaí dáileacháin cánachais agus éifeachtaí dáileacháin beart coibhéiseach ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, agus taispeánfaidh siad éifeachtaí beart maolúcháin a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(1), (2) agus (3);
(f)
soláthróidh na Ballstáit fianaise nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte coigiltis fuinnimh, lena n-áirítear modheolaíochtaí ríofa, i gcás ina bhfuil forluí i dtionchar na mbeart fuinnimh nó cánachais carbóin nó trádáil astaíochtaí i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE. 5. Fógra faoin modheolaíocht Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus Airteagal 30(14) den Treoir seo a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh faisnéis faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:
(a)
leibhéal an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, nó an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse ar fad ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030;
(b)
an chaoi a ríomhfar méid an choigiltis fuinnimh nua a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, nó an chaoi a gcéimneofar an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse oibleagáide;
(c)
na páirtithe faoi oibleagáid, na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe iontaoibhe, nó na húdaráis phoiblí cur chun feidhme;
(d)
sprioc-earnálacha;
(e)
bearta beartais agus gníomhaíochtaí aonair, lena n-áirítear an méid iomlán de choigilteas carnach fuinnimh lena bhfuiltear ag súil le haghaidh gach birt;
(f)
na bearta beartais nó na cláir nó na bearta a mhaoinítear faoi chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a chuirtear chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
(g)
sciar agus méid an choigiltis fuinnimh atá le baint amach i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
(h)
i gcás inarb infheidhme, na táscairí arna gcur i bhfeidhm, an mheánscair uimhríochtúil agus toradh na mbeart beartais de bhun Airteagal 8(3);
(i)
i gcás inarb infheidhme, tionchair agus éifeachtaí díobhálacha na mbeart beartais a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 8(3) maidir le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
(j)
fad na tréimhse oibleagáide do na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh;
(k)
i gcás inarb infheidhme, méid an choigiltis fuinnimh nó na spriocanna maidir le laghdú costais atá le baint amach ag páirtithe faoi oibleagáid i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;
(l)
na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an mbeart beartais;
(m)
modheolaíocht an ríomha, lena n-áirítear an chaoi ar cinneadh an bhreisíocht agus an ábharthacht agus cé na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigilteas measta agus coigilteas scálaithe, agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna calracha agus fachtóirí coinbhéartachta;
(n)
saolréanna na mbeart, agus an chaoi a ndéantar iad a ríomh nó cad air a bhfuil siad bunaithe;
(o)
an cur chuige a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát;
(p)
na córais faireacháin agus fíoraithe le haghaidh bearta faoi Airteagail 9 agus 10 agus an chaoi a ndéantar a neamhspleáchas ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe iontaoibhe a áirithiú;
(q)
i gcás cánachais:
(i)
sprioc-earnálacha agus sciar na gcáiníocóirí;
(ii)
an t-údarás poiblí cur chun feidhme;
(iii)
an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach;
(iv)
an fad a mhairfidh an beart cánachais;
(v)
an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear na praghasleaisteachais a úsáidtear agus an chaoi ar bunaíodh iad agus
(vi)
an chaoi ar seachnaíodh forluí le CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE agus ar cuireadh deireadh leis an riosca maidir le háireamh dúbailte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|