|
+Airteagal 17 6. |
Airteagal 17 6.I gcás ina suífidh an chúirt inniúil, bunaithe ar an scrúdú de bhun mhír 4, pointe (b), go dtoirmeasctar nochtadh na sonraí lena mbaineann faoi dhlí an tríú tír, cinnfidh an chúirt inniúil an seasfar leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an gcuirfear deireadh leis. Bunófar an measúnú sin go háirithe ar bhonn na bhfachtóirí seo a leanas, agus urraim ar leith á tabhairt ar na fachtóirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b):
(a)
an leas atá á chosaint ag dlí ábhartha an tríú tír, lena n-áirítear cearta bunúsacha chomh maith le leasanna bunúsacha eile lena gcoisctear nochtadh na sonraí, go háirithe leasanna slándála náisiúnta an tríú tír;
(b)
méid an naisc idir an cás coiriúil ar eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ina leith agus ceachtar den dá dhlínse, mar a léirítear inter alia le:
(i)
suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh nó suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe íospartach nó íospartaigh an chiona choiriúil atá i gceist;
(ii)
an áit a ndearnadh an cion coiriúil i dtrácht;
(c)
méid an naisc atá idir an soláthraí seirbhíse agus an tríú tír i dtrácht; sa chomhthéacs sin, ní leor suíomh stórála sonraí amháin chun nasc substaintiúil a bhunú;
(d)
leasanna an Stáit imscrúdaithe, ar leasanna iad a bhaineann leis an bhfianaise lena mbaineann a fháil, bunaithe ar thromchúis an chiona agus ar an tábhacht a bhaineann le fianaise a fháil ar bhealach gasta;
(e)
na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí nó don soláthraí seirbhíse dá ndéanfaidís an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chomhlíonadh, lena n-áirítear na pionóis a d’fhéadfadh a bheith ann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|