+Airteagal 17 Nós imeachta maidir le hathbhreithniú i gcás coinbhleachtaí oibleagáidí
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
|
Airteagal 17 Nós imeachta maidir le hathbhreithniú i gcás coinbhleachtaí oibleagáidí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
I gcás ina measann seolaí go mbeadh comhlíonadh Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird i gcoinbhleacht le hoibleagáid faoi dhlí is infheidhme tríú tír, cuirfidh sé in iúl don údarás eisiúna agus don údarás forfheidhmiúcháin na cúiseanna atá aige gan an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a fhorghníomhú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(8) agus (9), ag úsáid na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn III (‘an agóid réasúnaithe’).
|
|
Airteagal 17 2.
|
Beidh na sonraí ábhartha ar fad a bhaineann le dlí an tríú tír san áireamh san agóid réasúnaithe, chomh maith lena infheidhmeacht i dtaca leis an gcás i dtrácht agus cineál na coinbhleachta oibleagáide. Ní bheidh an agóid réasúnaithe bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a)
nach ann d’fhorálacha comhchosúla maidir leis na coinníollacha, na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta chun ordú chun fianaise a thabhairt ar aird a eisiúint i ndlí infheidhme an tríú tír; nó
(b)
an fíoras go bhfuil na sonraí stóráilte i dtríú tír.
Déanfar an agóid réasúnaithe a chomhdú tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a fuair an seolaí an EPOC.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Déanfaidh an t-údarás eisiúna athbhreithniú ar an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar bhonn na hagóide réasúnaithe agus aon ionchuir arna soláthar ag an Stát forfheidhmiúcháin. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an údarás eisiúna seasamh leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, iarrfaidh sé athbhreithniú ó chúirt inniúil an Stáit eisiúna. Cuirfear forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar fionraí nó go mbeidh an nós imeachta athbhreithnithe curtha i gcrích.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Ar gcéad dul síos, déanfaidh an chúirt inniúil measúnú an bhfuil coinbhleacht ann maidir le hoibleagáidí, bunaithe ar scrúdú a dhéanamh:
(a)
i dtaobh an bhfuil dlí an tríú tír infheidhme, bunaithe ar chúinsí sonracha an cháis i dtrácht; agus
(b)
i dtaobh an dtoirmisctear nochtadh na sonraí lena mbaineann le dlí an tríú tír, más infheidhme amhail dá dtagraítear i bpointe (a), nuair a chuirtear i bhfeidhm é maidir le himthosca sonracha an cháis atá i gceist.
|
|
Airteagal 17 5.
|
I gcás ina gcinnfidh an chúirt inniúil nach ann d’aon choinbhleacht ábhartha oibleagáidí de réir bhrí mhíreanna 1 agus 4, seasfaidh sí leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.
|
|
Airteagal 17 6.
|
I gcás ina suífidh an chúirt inniúil, bunaithe ar an scrúdú de bhun mhír 4, pointe (b), go dtoirmeasctar nochtadh na sonraí lena mbaineann faoi dhlí an tríú tír, cinnfidh an chúirt inniúil an seasfar leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an gcuirfear deireadh leis. Bunófar an measúnú sin go háirithe ar bhonn na bhfachtóirí seo a leanas, agus urraim ar leith á tabhairt ar na fachtóirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b):
(a)
an leas atá á chosaint ag dlí ábhartha an tríú tír, lena n-áirítear cearta bunúsacha chomh maith le leasanna bunúsacha eile lena gcoisctear nochtadh na sonraí, go háirithe leasanna slándála náisiúnta an tríú tír;
(b)
méid an naisc idir an cás coiriúil ar eisíodh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ina leith agus ceachtar den dá dhlínse, mar a léirítear inter alia le:
(i)
suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh nó suíomh, náisiúntacht agus áit chónaithe íospartach nó íospartaigh an chiona choiriúil atá i gceist;
(ii)
an áit a ndearnadh an cion coiriúil i dtrácht;
(c)
méid an naisc atá idir an soláthraí seirbhíse agus an tríú tír i dtrácht; sa chomhthéacs sin, ní leor suíomh stórála sonraí amháin chun nasc substaintiúil a bhunú;
(d)
leasanna an Stáit imscrúdaithe, ar leasanna iad a bhaineann leis an bhfianaise lena mbaineann a fháil, bunaithe ar thromchúis an chiona agus ar an tábhacht a bhaineann le fianaise a fháil ar bhealach gasta;
(e)
na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don seolaí nó don soláthraí seirbhíse dá ndéanfaidís an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chomhlíonadh, lena n-áirítear na pionóis a d’fhéadfadh a bheith ann.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Féadfaidh an chúirt inniúil faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an tríú tír, agus Treoir (AE) 2016/680 á cur san áireamh aici, go háirithe Caibidil V di, agus a mhéid nach gcuirtear bac ar na himeachtaí coiriúla ábhartha leis an iarraidh sin. Go háirithe, iarrfaidh an Stát eisiúna faisnéis ar údarás inniúil an tríú tír i gcás ina mbaineann an choinbhleacht oibleagáidí le cearta bunúsacha nó leasanna bunúsacha eile de chuid an tríú tír a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.
|
|
Airteagal 17 8.
|
Má chinneann an chúirt inniúil an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a chur i leataobh, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí. Má chinneann an chúirt inniúil go seasfar leis an Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird, cuirfidh sí é sin in iúl don údarás eisiúna agus don seolaí, agus rachaidh an seolaí sin ar aghaidh le forghníomhú an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird.
|
|
Airteagal 17 9.
|
Chun críocha na nósanna imeachta faoin Airteagal seo, déanfar na teorainneacha ama a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an údaráis eisiúna.
|
|
Airteagal 17 10.
|
Cuirfidh an t-údarás eisiúna an t-údarás forfheidhmiúcháin ar an eolas faoi thoradh an nós imeachta um athbhreithniú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|