+IARSCRÍBHINN IV Comhchreat ginearálta chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil

IARSCRÍBHINN IV Comhchreat ginearálta chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil




IARSCRÍBHINN IV

Comhchreat ginearálta chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil

1. Bunóidh an Coimisiún sainmhíniú ar tháscaire ullmhachta cliste agus modheolaíocht lena ríomhfar é, chun measúnú a dhéanamh ar chumas foirgnimh nó aonaid foirgnimh a oibríocht a oiriúnú de réir riachtanais an tsealbhóra agus na heangaí agus a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú.

Cumhdófar leis an táscaire ullmhachta cliste gnéithe le haghaidh coigilteas fuinnimh feabhsaithe, tagarmharcáil agus solúbthacht, feidhmiúlachtaí agus cumais fheabhsaithe mar thoradh ar fheistí idirnasctha agus cliste.

Cuirfear gnéithe, mar shampla, an fhéidearthacht macasamhail dhigiteach den fhoirgneamh san áireamh sa mhodheolaíocht.

Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht gnéithe, amhail méadair chliste, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, feistí féinrialaithe le haghaidh rialáil aertheochta laistigh, fearais bhaile ionsuite, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, stóráil fuinnimh agus feidhmiúlachtaí mionsonraithe agus idir-inoibritheacht na ngnéithe sin, chomh maith le tairbhí le haghaidh dálaí aeráide laistigh, éifeachtúlacht fuinnimh, leibhéil feidhmíochta agus solúbthacht chumasaithe.

2. Beidh an mhodheolaíocht ag brath ar na trí phríomhfheidhmiúlacht seo a leanas a bhaineann leis an bhfoirgneamh agus lena chórais theicniúla foirgnimh:

(a) 

an cumas feidhmíocht agus oibriú fuinnimh an fhoirgnimh a chothabháil trí thomhaltas fuinnimh a oiriúnú mar shampla trí úsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b) 

an cumas chun a oibríocht a oiriúnú mar fhreagairt ar riachtanais an áititheora agus aird chuí á tabhairt ar infhaighteacht soláimhsitheachta don úsáideoir, aeráid shláintiúil laistigh a chothabháil agus an cumas chun tuairisciú ar úsáid fuinnimh;

(c) 

solúbthacht éilimh fhoriomláin fuinnimh foirgnimh, lena n-áirítear a chumas rannpháirtíocht i bhfreagairt ghníomhach agus éighníomhach chomh maith le freagairt ar éileamh intuigthe agus sainráite a chumasú, agus trína stóráil fuinnimh agus fuinneamh a scaoileadh ar ais san eangach, mar shampla trí sholúbthacht agus acmhainní aistrithe ualaigh; agus

(d) 

an cumas a éifeachtúlacht fuinnimh agus a fheidhmíocht fhoriomlán a fheabhsú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí coigilte fuinnimh.

3. Ina theannta sin, féadfaidh an mhodheolaíocht an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

idir-inoibritheacht idir córais (méadair chliste, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh, fearais ionsuite baile, feistí féinrialaithe chun rialú a dhéanamh ar aertheocht laistigh den fhoirgneamh agus braiteoirí cáilíochta aeir laistigh agus aeráil); agus

(b) 

tionchar dearfach na ngréasán cumarsáide atá ann cheana, go háirithe bonneagar fisiciúil foirgnimh atá réidh don ardluas a bheith ann, mar shampla an lipéad deonach “leathanbhanda-réidh”, agus pointe rochtana a bheith ann d’fhoirgnimh le hilaonaid foirgnimh chónaithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).

4. Ní bheidh tionchar diúltach ag an modheolaíocht ar scéimeanna náisiúnta um dheimhniú feidhmíochta fuinnimh atá ann cheana agus cuirfidh sí le tionscnaimh ghaolmhara ar an leibhéal náisiúnta, agus prionsabal úinéireacht an áititheora, cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil á gcur san áireamh, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht chomh maith leis na teicnící is fearr atá ar fáil don chibearshlándáil.

5. Leagfar amach sa mhodheolaíocht an fhormáid is iomchuí den pharaiméadar um tháscaire ullmhachta cliste agus beidh sí simplí, trédhearcach agus sothuigthe do thomhaltóirí, úinéirí, infheisteoirí agus rannpháirtithe sa mhargadh freagartha ar éileamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1275
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.