Airteagal 6
Limistéir agus aonaid chríochacha mheánteagmhála a bhunú
Bunóidh na Ballstáit limistéir agus aonaid chríochacha mheánteagmhála ar fud a gcríche, lena n-áireofar, i gcás inarb iomchuí chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar aercháilíocht, ar leibhéal na gceirtleán. Déanfar measúnú agus bainistiú ar aercháilíocht i ngach limistéar agus aonad críochach meánteagmhála.