+Airteagal 4 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 (1)
---+Airteagal 4 (2)
---+Airteagal 4 (3)
---+Airteagal 4 (4)
---+Airteagal 4 (5)
---+Airteagal 4 (6)
---+Airteagal 4 (7)
---+Airteagal 4 (8)
---+Airteagal 4 (9)
---+Airteagal 4 (10)
---+Airteagal 4 (11)
---+Airteagal 4 (12)
---+Airteagal 4 (13)
---+Airteagal 4 (14)
---+Airteagal 4 (15)
---+Airteagal 4 (16)
---+Airteagal 4 (17)
---+Airteagal 4 (18)
---+Airteagal 4 (19)
---+Airteagal 4 (20)
---+Airteagal 4 (21)
---+Airteagal 4 (22)
---+Airteagal 4 (23)
---+Airteagal 4 (24)
---+Airteagal 4 (25)
---+Airteagal 4 (26)
---+Airteagal 4 (27)
---+Airteagal 4 (28)
---+Airteagal 4 (29)
---+Airteagal 4 (30)
---+Airteagal 4 (31)
---+Airteagal 4 (32)
---+Airteagal 4 (33)
---+Airteagal 4 (34)
---+Airteagal 4 (35)
---+Airteagal 4 (36)
---+Airteagal 4 (37)
---+Airteagal 4 (38)
---+Airteagal 4 (39)
---+Airteagal 4 (40)
---+Airteagal 4 (41)
---+Airteagal 4 (42)
---+Airteagal 4 (43)
---+Airteagal 4 (44)
---+Airteagal 4 (45)

Airteagal 4 Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 (1)

ciallaíonn ‘aer comhthimpeallach’ aer lasmuigh sa trópaisféar, seachas láithreacha oibre mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 89/654/CEE (19) ón gComhairle áit a bhfuil feidhm le forálacha a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus nach bhfuil rochtain rialta ag baill den phobal orthu;

Airteagal 4 (2)

ciallaíonn ‘caighdeáin aercháilíochta’ teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha foláirimh, tairseacha faisnéise agus cuspóirí fadtéarmacha;

Airteagal 4 (3)

ciallaíonn ‘truailleán’ aon substaint atá in aer comhthimpeallach agus ar dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aige ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol;

Airteagal 4 (4)

ciallaíonn ‘leibhéal’ tiúchan truailleáin in aer comhthimpeallach nó deascadh an truailleáin sin ar dhromchlaí laistigh de thréimhse ar leith;

Airteagal 4 (5)

ciallaíonn ‘deascadh iomlán’ mais iomlán na dtruailleán a aistrítear ón atmaisféar chuig dromchlaí, amhail ithir, fásra, uisce nó foirgnimh, i limistéar áirithe laistigh d’am áirithe;

Airteagal 4 (6)

ciallaíonn ‘PM10’ ábhar cáithníneach a ritheann trí ionraon méid-roghnaitheach, de réir mar a shainmhínítear sa mhodh tagartha chun PM10, EN 12341, a shampláil agus a thomhas, agus éifeachtúlacht scoite 50 % ann ag trastomhas aeraidinimiciúil 10 μm;

Airteagal 4 (7)

ciallaíonn ‘PM2,5’ ábhar cáithníneach a ritheann trí ionraon méid-roghnaitheach, de réir mar a shainmhínítear sa mhodh tagartha chun PM2,5, EN 12341, a shampláil agus a thomhas, agus éifeachtúlacht scoite 50 % ann ag trastomhas aeraidinimiciúil 2,5 μm;

Airteagal 4 (8)

ciallaíonn ‘ocsaídí nítrigine’ suim an chóimheasa measctha toirte (ppbv) d’aonocsaíd nítrigine (ocsaíd nítreach) agus dé-ocsaíd nítrigine arna cur in iúl mar aonaid de mhais-tiúchan dé-ocsaíde nítrigine (μg/m3);

Airteagal 4 (9)

ciallaíonn ‘arsanaic’, ‘caidmiam’, ‘luaidhe’, ‘nicil’ agus ‘beinsi[a]piréin’ lánmhéid na n-eilimintí agus na gcomhdhúl sin sa chodán PM10;

Airteagal 4 (10)

ciallaíonn ‘hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha’ na comhdhúile orgánacha sin, atá comhdhéanta de dhá fháinne aramatacha chomhleáite ar a laghad atá déanta go hiomlán as carbón agus as hidrigin;

Airteagal 4 (11)

ciallaíonn ‘mearcair gásach iomlán’ gal de mhearcair eiliminteach (Hg0) agus mearcair gásach imoibríoch, i.e. speicis de mhearcair uiscethuaslagtha lena mbaineann galbhrú atá ard a dhóthain chun fanacht sa phas gásach;

Airteagal 4 (12)

ciallaíonn ‘comhdhúile so-ghalaithe orgánacha’ nó ‘VOC’ comhdhúile orgánacha ó fhoinsí antrapaigineacha agus bithghineacha, seachas meatán, atá in ann ocsaídeáin fhótaiceimiceacha a tháirgeadh trí imoibrithe le hocsaídí nítrigine faoi lé sholas na gréine;

Airteagal 4 (13)

ciallaíonn ‘substaintí réamhtheachtaithe ózóin’ substaintí a chuireann le cruthú ózóin ar leibhéal na talún;

Airteagal 4 (14)

ciallaíonn ‘carbón dubh’ nó ‘BC’ aerasóil charbónacha arna dtomhas le hionsú solais;

Airteagal 4 (15)

ciallaíonn ‘cáithníní sármhíne’ nó ‘UFP’ cáithníní ar trastomhas 100 nm nó níos lú iad, ina dtomhaistear UFP mar thiúchan líon na gcáithníní in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh le haghaidh raon méide a bhfuil teorainn íosta 10 nm aige agus le haghaidh raon méide nach bhfuil aon srian leis an uasteorainn;

Airteagal 4 (16)

ciallaíonn ‘acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh’ tomhas ar chumas an ábhair cháithnínigh ocsaídiú a dhéanamh ar spriocmhóilíní a d’fhéadfadh a bheith ann;

Airteagal 4 (17)

ciallaíonn ‘limistéar’ cuid de chríoch Bhallstáit, de réir mar a theorannaíonn an Ballstát sin é chun críocha mheasúnú agus bainistiú aercháilíochta;

Airteagal 4 (18)

ciallaíonn ‘aonad críochach meánteagmhála’ cuid de chríoch Ballstáit arna ainmniú ag an mBallstát sin chun an táscaire meánteagmhála a chinneadh, lena gcomhfhreagraítear do réigiún NUTS 1 nó NUTS 2 mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) nó teaglaim de dhá réigiún NUTS 1 nó NUTS 2 nó níos mó in aice láimhe, ar choinníoll gur lú a gcomh-mhéid iomlán ná críoch iomlán an Bhallstáit sin agus nach mó ná 85 000 km2 é;

Airteagal 4 (19)

ciallaíonn ‘ceirtleán’ comhchathair ina bhfuil daonra níos mó ná 250 000 áitritheoir nó, i gcás inarb é 250 000 áitritheoir nó níos lú an daonra, ag a bhfuil dlús daonra ar leith in aghaidh an chiliméadair2 atá le bunú ag na Ballstáit;

Airteagal 4 (20)

ciallaíonn ‘measúnú’ aon mhodh a úsáidtear chun leibhéil a thomhas, a ríomh, a thuar nó a mheas;

Airteagal 4 (21)

‘ciallaíonn‘tairseach measúnaithe’ an leibhéal lena gcinntear an córas measúnaithe is gá a úsáid chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheas;

Airteagal 4 (22)

ciallaíonn ‘tomhais sheasta’ tomhais a dhéantar ag pointí samplála, go leanúnach nó trí shampláil randamach, ag suíomhanna seasta ar feadh 1 bhliain féilire ar a laghad chun na leibhéil a chinneadh i gcomhréir leis na cuspóirí ábhartha maidir le cáilíocht sonraí;

Airteagal 4 (23)

ciallaíonn ‘tomhais tháscacha’ tomhais, a dhéantar go tráthrialta le linn bliain féilire nó trí shampláil randamach, chun na leibhéil a chinneadh i gcomhréir le cuspóirí cáilíochta sonraí nach bhfuil chomh dian leis na tomhais a cheanglaítear le haghaidh tomhais sheasta;

Airteagal 4 (24)

ciallaíonn ‘feidhmchlár samhaltaithe’ córas samhaltaithe a chur i bhfeidhm, a thuigtear mar shlabhra samhlacha agus foshamhlacha, lena n-áirítear na sonraí ionchuir uile is gá, agus aon iarphróiseáil;

Airteagal 4 (25)

ciallaíonn ‘meastachán oibiachtúil’ faisnéis maidir le tiúchan nó leibhéal deasctha truailleáin ar leith a fhaightear trí anailís shaineolach agus ar féidir úsáid uirlisí staitistiúla a áireamh ann;

Airteagal 4 (26)

ciallaíonn ‘ionadaíochas spásúil’ cur chuige measúnaithe ina bhfuil na méadrachtaí aercháilíochta a bhreathnaítear ag pointe samplála ionadaíoch ar limistéar geografach atá sainithe go sainráite sa mhéid nach bhfuil difríocht níos mó ná leibhéal lamháltais réamhshainithe idir méadrachtaí aercháilíochta laistigh den limistéar sin agus na méadrachtaí a breathnaíodh ag an bpointe samplála;

Airteagal 4 (27)

ciallaíonn ‘teophointí aerthruaillithe’ suíomhanna laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchaintí is airde is dócha a mbeidh an daonra i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le meántréimhse na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna, lena n-áirítear áiteanna ina bhfuil tionchar mór ag na hastaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe, amhail bóithre atá plódaithe in aice láimhe agus bóithre a mbíonn trácht trom orthu, foinse thionsclaíoch aonair nó limistéar tionsclaíoch ina bhfuil go leor foinsí, calafort, aerfort, téamh dianchónaithe, nó meascán díobh sin;

Airteagal 4 (28)

ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna uirbeacha’ áiteanna i gceantair uirbeacha agus fho-uirbeacha ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra uirbigh ghinearálta;

Airteagal 4 (29)

ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna tuaithe’ áiteanna i gceantair thuaithe ina bhfuil dlús an daonra íseal agus ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra tuaithe ghinearálta, an fhásra agus éiceachóras nádúrtha;

Airteagal 4 (30)

ciallaíonn ‘sárláithreán faireacháin’ stáisiún faireacháin ag cúlsuíomh uirbeach nó ag cúlsuíomh tuaithe ina gcomhcheanglaítear iliomad pointí samplála chun sonraí fadtéarmacha a bhailiú maidir le roinnt truailleán;

Airteagal 4 (31)

ciallaíonn ‘teorainnluach’ leibhéal atá socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú, agus atá le baint amach laistigh de thréimhse áirithe agus nach bhfuil le sárú agus é bainte amach;

Airteagal 4 (32)

ciallaíonn ‘spriocluach’ leibhéal socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú, leibhéal atá le baint amach nuair is féidir thar thréimhse áirithe;

Airteagal 4 (33)

ciallaíonn ‘táscaire meánteagmhála’ nó ‘AEI’ meánleibhéal arna chinneadh ar bhonn na dtomhas ag cúlsuíomhanna uirbeacha ar fud an aonaid chríochaigh meánteagmhála nó, i gcás nach bhfuil aon cheantar uirbeach suite san aonad críochach sin, ag culsuíomhanna tuaithe, ina léirítear teagmháil an daonra, úsáidtear é chun a sheiceáil ar comhlíonadh an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála don aonad críochach sin;

Airteagal 4 (34)

ciallaíonn ‘an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála’ laghdú céatadáin ar mheánteagmháil an daonra, arna shloinneadh mar tháscaire meánteagmhála, d’aonad críochach meánteagmhála, atá socraithe agus é mar aidhm aige laghdú a bhaint amach ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, atá le baint amach thar thréimhse áirithe agus nach bhfuil le sárú agus é bainte amach;

Airteagal 4 (35)

ciallaíonn ‘cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála’ leibhéal den táscaire meánteagmhála atá le baint amach, agus é mar aidhm aige na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a laghdú;

Airteagal 4 (36)

ciallaíonn ‘leibhéal criticiúil’ leibhéal a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha díreacha a bheith ann ar roinnt gabhdóirí má sháraítear é, gabhdóirí ar nós crann, plandaí eile nó éiceachórais nádúrtha ach ní daoine;

Airteagal 4 (37)

ciallaíonn ‘tairseach foláirimh’ leibhéal a bhfuil baol ann, má sháraítear é, do shláinte an duine mar thoradh ar theagmháil ghearrthréimhseach don daonra iomlán, agus ag a bhfuil bearta láithreacha le déanamh ag Ballstáit;

Airteagal 4 (38)

ciallaíonn ‘tairseach faisnéise’ leibhéal a bhfuil baol ann, má sháraítear é, do shláinte an duine mar thoradh ar theagmháil ghearrthréimhseach i gcás daonra íogair agus grúpaí leochaileacha ar leith a bhfuil gá le faisnéis láithreach iomchuí ina leith;

Airteagal 4 (39)

ciallaíonn ‘cuspóir fadtéarmach’ leibhéal atá le baint amach san fhadtéarma, ach amháin i gcás nach féidir é sin a dhéanamh trí bhearta comhréireacha, agus é d’aidhm aige cosaint éifeachtach a chur ar fáil do shláinte an duine agus don chomhshaol;

Airteagal 4 (40)

ciallaíonn ‘rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha’ astaíochtaí truailleán nach n-eascraíonn go díreach ná go hindíreach as gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear teagmhais nádúrtha ar nós brúchtaí bolcánacha, gníomhaíochtaí seismeacha, gníomhaíochtaí geoiteirmeacha, dóiteáin fhiathalún, imeachtaí ardghaoithe, cáitheadh farraige nó cáithníní nádúrtha ó réigiúin thirime á athfhuaidreamh nó a n-iompar san atmaisféar;

Airteagal 4 (41)

ciallaíonn ‘plean aercháilíochta’ plean lena leagtar amach beartais agus bearta chun na teorainnluachanna, spriocluachanna nó oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála a chomhlíonadh tar éis sárú a bheith déanta orthu;

Airteagal 4 (42)

ciallaíonn ‘treochlár aercháilíochta’ plean aercháilíochta, a ghlactar roimh spriocdháta gnóthachtála na dteorainnluachanna agus na spriocluachanna, lena leagtar amach beartais agus bearta chun na teorainnluachanna agus na spriocluachanna sin a chomhlíonadh laistigh den spriocdháta gnóthachtála;

Airteagal 4 (43)

ciallaíonn ‘plean gníomhaíochta gearrthéarmach’ plean ina leagtar amach bearta éigeandála atá le déanamh sa ghearrthéarma chun an riosca láithreach nó an fad a sháraítear na tairseacha foláirimh a laghdú;

Airteagal 4 (44)

ciallaíonn ‘daonra íogair agus grúpaí leochaileacha’ na grúpaí daonra sin atá níos íogaire nó níos leochailí, go buan nó go sealadach, d’éifeachtaí an truaillithe aeir ná an meándaonra, mar gheall ar shaintréithe sonracha a fhágann gur suntasaí na héifeachtaí ar an tsláinte a bhaineann le teagmháil nó toisc go bhfuil íogaireacht níos airde nó tairseach níos ísle acu maidir le héifeachtaí ar an tsláinte nó toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu iad féin a chosaint;

Airteagal 4 (45)

ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a ndéantar difear dóibh nó ar dócha go ndéanfar difear dóibh ag, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9, 19 nó 20; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.