+Airteagal 7 Cóireáil threasach
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
---+Airteagal 7 9.
---+Airteagal 7 10.
---+Airteagal 7 11.

Airteagal 7 Cóireáil threasach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó agus nach mbaintear feidhm iontu as an gcóireáil threasach an 1 Eanáir 2025, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil threasach i gcomhréir le Cuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I faoin:

(a) 

31 Nollaig 2033 do sceitheadh ó 30 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin;

(b) 

31 Nollaig 2036, do sceitheadh ó 70 % de na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sin níos mó.

31 Nollaig 2039, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach le hualach 150 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach in uiscí glactha iad, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil threasach dá dtagraítear i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I níos mó.

Airteagal 7 2.
Faoin 31 Nollaig 2027, bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit liosta limistéar ar a gcríoch atá íogair ó thaobh eotrófaithe de. Áireoidh siad in éineacht leis an liosta sin faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na limistéir íogair ó thaobh fosfair nó nítrigine de, nó iad araon. Tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta gach 6 bliana ag tosú ón 31 Nollaig 2033.

Beidh ar áireamh sa liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na limistéir a shainaithnítear in Iarscríbhinn II.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír i gcás ina gcuireann Ballstát cóireáil threasach chun feidhme i gcomhréir le mír 5 ar a chríoch iomlán.

Airteagal 7 3.

Gan dochar do mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear fuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin 10 000 p.e. agus níos mó, sula sceitear isteach iad i limistéir a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 2, na ceanglais ábhartha maidir le cóireáil threasach a leagtar amach i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I faoin:

(a) 

31 Nollaig 2033 le haghaidh 20 % de na ceirtleáin sin;

(b) 

31 Nollaig 2036 le haghaidh 40 % de na ceirtleáin sin;

(c) 

31 Nollaig 2039 le haghaidh 60 % de na ceirtleáin sin;

(d) 

31 Nollaig 2045 le haghaidh na gceirtleán uile sin.

Airteagal 7 4.

Féadfaidh na Ballstáit maolú ar an spriocdháta dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), ar feadh 8 mbliana ar a mhéad ar choinníoll:

(a) 

nach bhfuil cóireáil threasach á cur i bhfeidhm ag ar a laghad 50 % de na ceirtleáin lena mbaineann i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE nó nach gcomhlíonann siad ceanglais Chuid B agus Thábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin an 1 Eanáir 2025; agus

(b) 

go n-áirítear an méid seo a leanas sa chéad chlár náisiúnta cur chun feidhme a chuirtear isteach faoi Airteagal 23(2):

(i) 

líon na gceirtleán dá dtagraítear i mír 3 nach bhfuil cóireáil threasach á déanamh acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE nó nach gcomhlíonann ceanglais Chuid B agus Thábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin an 1 Eanáir 2025;

(ii) 

plean ina sonraítear na hinfheistíochtaí is gá le go mbeidh na ceanglais ar fad á gcomhlíonadh ag na ceirtleáin sin laistigh spriocdháta fadaithe; agus

(iii) 

na cúiseanna teicniúla nó eacnamaíocha is údar le síneadh a chur leis an spriocdháta dá dtagraítear i mír 3, pointe (d).

Ní bheidh éifeacht le fadú an spriocdháta dá dtagraítear sa mhír seo ach amháin má chomhlíontar coinníollacha na chéad fhomhíre. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit mura bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh faoin 31 Iúil 2028. Mar sin féin, comhlíonfaidh gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a dhéanann cóireáil ar ualach 150 000 p.e. agus níos mó fós na spriocdhátaí a leagtar síos i mír 1.

Airteagal 7 5.
Aon sceitheadh fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, comhlíonfaidh sé na ceanglais ábhartha i gCuid B agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí a leagtar síos i gCuid C d’Iarscríbhinn I. Beidh meán bliantúil na samplaí le haghaidh gach paraiméadair dá dtagraítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na luachanna paraiméadracha ábhartha a leagtar amach sa tábla sin.
Airteagal 7 6.
Maidir le gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá á dtógáil, a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh a mhéid a bhaineann lena gcóireáil threasach nó a coimisiúnaíodh tar éis an 31 Nollaig 2020 agus roimh an 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann leis an bparaiméadar nítrigine dá dtagraítear san Airteagal seo 5 bliana ar a dhéanaí ó na spriocdhátaí a bhunaítear i míreanna 1 agus 3.
Airteagal 7 7.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun Cuid C d’Iarscríbhinn I a leasú chun na modhanna chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí maidir le cóireáil threasach a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch.
Airteagal 7 8.

De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh aonair atá lonnaithe i limistéar a áirítear ar an liosta dá dtagraítear i mír 2, nach bhfuil sé le bheith faoi réir na gceanglas a leagtar amach i míreanna 3 agus 5 i gcás inar féidir a léiriú gurb ionann luach chéatadán íosta an laghdaithe ar an ualach iomlán a théann isteach sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir sa limistéar sin agus:

(a) 

75 % ar a laghad den fhosfar iomlán agus 75 % ar a laghad den nítrigin iomlán ón 1 Eanáir 2025;

(b) 

82,5  % den fhosfar iomlán agus 80 % den nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2039;

(c) 

87,5  % den fhosfar iomlán agus 82,5  % den nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2045.

Airteagal 7 9.
Maidir le sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is ionann agus 10 000 p.e. agus níos mó a théann isteach i ndobharcheantar de chuid limistéar atá íogair i leith an eotrófaithe agus atá ar áireamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 2, beidh an sceitheadh sin faoi réir mhíreanna 3, 5 agus 8 freisin.
Airteagal 7 10.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh atá lonnaithe i limistéar a áirítear sa liosta dá dtagraítear i mír 2 tar éis ceann amháin de na nuashonruithe tráthrialta ar an liosta a cheanglaítear faoin mír sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 5 laistigh de 7 mbliana ón limistéar a bheith curtha sa liosta sin.
Airteagal 7 11.
I gcás nach slánuimhir é líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh is gá a uasghrádú chun na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 ar an leibhéal náisiúnta a bhaint amach, déanfar líon na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire. I gcás comhfhad idir dhá shlánuimhir, déanfar an líon a shlánú síos.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L3019
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.