+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
---+Airteagal 2 (12)
---+Airteagal 2 (13)
---+Airteagal 2 (14)
---+Airteagal 2 (15)
---+Airteagal 2 (16)
---+Airteagal 2 (17)
---+Airteagal 2 (18)
---+Airteagal 2 (19)
---+Airteagal 2 (20)
---+Airteagal 2 (21)
---+Airteagal 2 (22)
---+Airteagal 2 (23)
---+Airteagal 2 (24)
---+Airteagal 2 (25)
---+Airteagal 2 (26)
---+Airteagal 2 (27)
---+Airteagal 2 (28)
---+Airteagal 2 (29)
---+Airteagal 2 (30)
---+Airteagal 2 (31)
---+Airteagal 2 (32)
---+Airteagal 2 (33)
---+Airteagal 2 (34)
---+Airteagal 2 (35)
---+Airteagal 2 (36)
---+Airteagal 2 (37)
---+Airteagal 2 (38)
---+Airteagal 2 (39)
---+Airteagal 2 (40)
---+Airteagal 2 (41)
---+Airteagal 2 (42)
---+Airteagal 2 (43)
---+Airteagal 2 (44)
---+Airteagal 2 (45)
---+Airteagal 2 (46)
---+Airteagal 2 (47)
---+Airteagal 2 (48)
---+Airteagal 2 (49)
---+Airteagal 2 (50)
---+Airteagal 2 (51)
---+Airteagal 2 (52)
---+Airteagal 2 (53)
---+Airteagal 2 (54)
---+Airteagal 2 (55)
---+Airteagal 2 (56)
---+Airteagal 2 (57)
---+Airteagal 2 (58)
---+Airteagal 2 (59)
---+Airteagal 2 (60)
---+Airteagal 2 (61)
---+Airteagal 2 (62)
---+Airteagal 2 (63)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin’ na hastaíochtaí díreacha uile as aon chomhpháirt, bídís de thoradh ar scaoileadh, dóchán neamhiomlán ó bhladhmadh, nó arsceití;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘comhpháirt’ aon chuid nó aon eilimint de threalaimh a úsáidtear i suiteálacha nó bonneagar ola, gáis nádúrtha nó guail, a bhfuil sé d’acmhainn aige meatán a astú;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn sócmhainn nó, i gcás ina bhforáiltear dó nó di faoin dlí náisiúnta, duine dar tarmligeadh dó nó di cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil sócmhainne;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘sócmhainn’ gnó nó aonad oibríochtúil ar féidir é a bheith comhdhéanta de shaoráidí nó láithreán éagsúla, lena n-áirítear sócmhainn oibrithe agus sócmhainn neamhoibrithe;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘sócmhainní oibrithe’ sócmhainní atá faoi rialú oibríochtúil an oibreora;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘sócmhainní neamhoibrithe’ sócmhainní nach bhfuil faoi rialú oibríochtúil an oibreora;
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘láithreán’ bailiúchán comhpháirteanna a bhfuil gaol éigin acu lena chéile mar fhoroinn sócmhainne;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur arna shainiú in Airteagal 2, pointe (17), de Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir (AE) 2024/1788;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘dáileadh’ dáileadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2024/1788;
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir (AE) 2024/1788;
|
|
Airteagal 2 (12)
|
ciallaíonn ‘oibreoir mianaigh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn mianach guail nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, duine dar tarmligeadh dó cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil mianaigh ghuail;
|
|
Airteagal 2 (13)
|
ciallaíonn ‘fíorú’ na gníomhaíochtaí a dhéanann fíoraitheoir chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na dtuarascálacha arna dtarchur ag na hoibreoirí, na gnóthais agus na hoibreoirí mianaigh de bhun an Rialacháin seo leis an Rialachán seo;
|
|
Airteagal 2 (14)
|
ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ duine dlítheanach a thugann faoi na gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe, tráth a eisítear ráiteas fíorúcháin, ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó, gan dochar d’Airteagal 5(2) den Rialachán sin, duine nádúrtha atá údaraithe ar shlí eile gníomhaíochtaí fíoraithe a dhéanamh;
|
|
Airteagal 2 (15)
|
ciallaíonn ‘foinse’ comhpháirt nó struchtúr geolaíoch as a scaoiltear meatán isteach san atmaisféar bíodh an scaoileadh sin beartaithe nó neamhbheartaithe, treallach nó leanúnach;
|
|
Airteagal 2 (16)
|
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ comhéifeacht a chainníochtaíonn na hastaíochtaí gáis in aghaidh an aonaid gníomhaíochta, atá bunaithe ar shampla de shonraí tomhais nó modhanna cainníochtaithe eile, meánaithe ar mhaithe le ráta ionadaíoch astaíochta le haghaidh leibhéal gníomhaíochta ar leith, faoi choinníollacha oibriúcháin ar leith, a fhorbairt;
|
|
Airteagal 2 (17)
|
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta cineálach’ fachtóir astaíochta caighdeánaithe do gach cineál foinse astaíochtaí a dhíorthaítear ó fhardail nó ó bhunachair sonraí, ach in aon chás gan a bheith fíoraithe trí bhíthin tomhais dhíreacha;
|
|
Airteagal 2 (18)
|
ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta sonrach’ fachtóir astaíochta le haghaidh cineál foinse astaíochta a dhíorthaítear ó thomhais dhíreacha;
|
|
Airteagal 2 (19)
|
ciallaíonn ‘tomhas díreach’ tomhas na n-astaíochtaí meatáin ag leibhéal na foinse le feiste tomhais lenar féidir meatán a thomhas;
|
|
Airteagal 2 (20)
|
ciallaíonn ‘cainníochtú’ gníomhaíochtaí chun cainníocht na n-astaíochtaí meatáin a chinneadh, trí mheán tomhais dhíreacha nó, i gcás nach bhfuil tomhais dhíreacha indéanta, bunaithe ar mhodhanna eile mar shampla uirlisí ionsamhlúcháin agus ríomhanna innealtóireachta mionsonraithe eile nó meascán de na modhanna sin;
|
|
Airteagal 2 (21)
|
ciallaíonn ‘astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin’ gach foinse astaíochtaí meatáin laistigh de láithreán;
|
|
Airteagal 2 (22)
|
ciallaíonn ‘tomhas ag leibhéal láithreáin’ tomhas lena bhfaightear forléargas iomlán ar na hastaíochtaí meatáin uile ar leibhéal an láithreáin, lena n-áirítear, i gcás gréasán píblíne, na hastaíochtaí as deighleoga den ghréasán sin, agus is iondúil go n-úsáidtear braiteoirí atá suite ar ardán móibíleach, amhail feithicil, ladrann, aerárthach, bád nó satailít, nó go n-úsáidtear modhanna eile, amhail braiteoirí seasta nó gréasáin de bhraiteoirí leanúnacha ag pointí áirithe.;
|
|
Airteagal 2 (23)
|
ciallaíonn ‘gnóthas’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích: taiscéalaíocht agus táirgeadh ola agus gáis iontaise, bailiú agus próiseáil gáis iontaise nó tarchur, dáileadh agus stóráil gáis faoi thalamh, lena n-áirítear maidir le GNL;
|
|
Airteagal 2 (24)
|
ciallaíonn ‘saoráid GNL’ saoráid GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2024/1788;
|
|
Airteagal 2 (25)
|
ciallaíonn ‘suirbhé braite agus deisithe sceití’ nó ‘suirbhé LDAR’ suirbhé lena ndéantar foinsí sceite meatáin agus astaíochtaí neamhbheartaithe eile meatáin a shainaithint agus a bhrath, agus na comhpháirteanna ábhartha a dheisiú nó a athsholáthair;
|
|
Airteagal 2 (26)
|
ciallaíonn ‘suirbhé braite agus deisithe sceití de chineál 1’ nó ‘suirbhé LDAR de chineál 1’ suirbhé braite agus deisithe sceití a dhéantar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach faoi Airteagal 14(2), (7) agus (8) agus Cuid 1 d’Iarscríbhinn I maidir le suirbhéanna LDAR de chineál 1;
|
|
Airteagal 2 (27)
|
ciallaíonn ‘suirbhé braite agus deisithe sceití de chineál 2’ nó ‘suirbhé LDAR de chineál 2’ suirbhé braite agus deisithe sceite a dhéantar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach faoi Airteagal 14(2), (7), (8) agus Cuid 1 d’Iarscríbhinn I i gcás suirbhéanna LDAR de chineál 2;
|
|
Airteagal 2 (28)
|
ciallaíonn ‘suíomh táirgthe’ suíomh ina n-eastósctar ola nó gás nádúrtha ón talamh agus ar thalamh é nach ndéantar aon phróiseáil air;
|
|
Airteagal 2 (29)
|
ciallaíonn ‘suíomh próiseála’ suíomh ina gcuirtear próisis, amhail ola agus gás nádúrtha a dheighilt ó uisce, i bhfeidhm chun ola agus gás nádúrtha a chóireáil;
|
|
Airteagal 2 (30)
|
ciallaíonn ‘múchadh córais’ cás nach n-oibríonn láithreán ná cuid dá chomhpháirteanna faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin a thuilleadh agus ina múchtar é, agus ina bhfuil gá leis an mbrú a laghdú go hiomlán nó go páirteach sula dtionscnaítear oibreacha deisiúcháin nó cothabhála;
|
|
Airteagal 2 (31)
|
ciallaíonn ‘scaoileadh’ an scaoileadh díreach meatáin neamhdhóite isteach san atmaisféar;
|
|
Airteagal 2 (32)
|
ciallaíonn ‘bladhmadh’ diúscairt meatáin trí dhóchán rialaithe, i ngaireas saindeartha chun na críche sin;
|
|
Airteagal 2 (33)
|
ciallaíonn ‘gnáthbhladhmadh’ gnáth-tháirgeadh ola nó gáis iontaise, i gcás nach ann d’áiseanna leordhóthanacha nó geolaíocht oiriúnach chun meatán a ath-instealladh, agus é a úsáid ar an láithreán nó é a sheoladh chuig margadh, agus bladhmadh de dheasca éigeandála nó mífheidhmithe a eisiamh;
|
|
Airteagal 2 (34)
|
ciallaíonn ‘simléar bladhaire’ gaireas atá feistithe le bladhmlastóir a úsáidtear le haghaidh an bhladhmtha;
|
|
Airteagal 2 (35)
|
ciallaíonn ‘éigeandáil’ cás sealadach, gan choinne, neamhchoitianta ina mbíonn astaíochtaí meatáin dosheachanta agus riachtanach chun drochthionchar substaintiúil láithreach ar shábháilteacht an duine, an tsláinte nó an comhshaol a chosc, agus eisítear cásanna a eascraíonn as na teagmhais a leanas, nó a bhaineann leo:
|
(a)
|
mainneachtain an oibreora an trealamh iomchuí d’inniúlacht leordhóthanach a shuiteáil don ráta agus brú i dtaca leis an táirgeadh tuartha nó iarbhír;
|
|
(b)
|
mainneachtain an oibreora an táirgeadh a theorannú nuair atá an ráta táirgthe níos mó ná inniúlacht an trealaimh ghaolmhair nó an chórais bailiúcháin, ach amháin má tá an rótháirgeacht sin mar thoradh ar éigeandáil iartheachtach, mífheidhmiú, nó deisiúchán nach bhfuil sceidealaithe agus nach maireann níos mó ná 8 n-uair an chloig ó am an fhógra maidir leis an bhfadhb inniúlachta iartheachtaí;
|
|
(c)
|
cothabháil sceidealta;
|
|
(e)
|
mainneachtain arís agus arís eile, eadhon ceithre mhainneachtain nó níos mó laistigh den 30 lá roimhe sin, den phíosa céanna trealaimh;
|
|
|
Airteagal 2 (36)
|
ciallaíonn ‘mífheidhmiú’ mainneachtain nó cliseadh tobann dosheachanta de threalamh nach bhfuil faoi smacht réasúnta an oibreora a chuireann isteach go substaintiúil ar oibríochtaí ach nach teip ná cliseadh trealaimh atá ann go hiomlán nó i bpáirt mar thoradh ar chothabháil lag nó oibríocht neamartach nó aon chás eile go bhféadfaí a chosc;
|
|
Airteagal 2 (37)
|
ciallaíonn ‘éifeachtúlacht scriosta agus bainte’ an céatadán maise meatáin a scriostar nó a bhaintear tar éis scor an dócháin i gcoibhneas leis an gcainníocht meatáin a théann isteach sa simléar bladhaire;
|
|
Airteagal 2 (38)
|
ciallaíonn ‘tobar neamhghníomhach’ tobar nó láithreán tobair taiscéalaíochta nó táirgthe ola nó gáis, ar tír nó amach ón gcósta, nach ndearnadh, ar feadh 1 bhliain amháin ar a laghad, aon oibríochtaí ann le haghaidh taiscéalaíochta ná táirgthe, cé is moite de thoibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe;
|
|
Airteagal 2 (39)
|
ciallaíonn ‘tobar atá líonta go sealadach’ tobar nó láithreán tobair taiscéalaíochta nó táirgthe ola nó gáis, ar tír nó amach ón gcósta, ina bhfuil bacainní tobair suiteáilte chun an taiscumair arna soláthair a leithlisiú go sealadach agus ina bhforáiltear do rochtain ar an tobar fós;
|
|
Airteagal 2 (40)
|
ciallaíonn ‘tobar atá líonta go buan agus atá tréigthe’ tobar nó láithreán tobair taiscéalaíochta nó táirgthe ola nó gáis, ar tír nó amach ón gcósta, a líonadh agus nach rachfar isteach ann arís, inar foirceannadh na hoibríochtaí uile agus inar baineadh gach suiteáil a bhaineann leis an tobar i gcomhréir leis na ceanglais rialála is infheidhme, agus inar féidir doiciméadacht a sholáthar mar a bhunaítear i gCuid 1, pointe 3, d’Iarscríbhinn V;
|
|
Airteagal 2 (41)
|
ciallaíonn ‘leigheasadh’ an próiseas chun uisce agus ithir éilithe a ghlanadh suas;
|
|
Airteagal 2 (42)
|
ciallaíonn ‘aisghabháil’ an próiseas chun go mbeadh dálaí ithreach agus fásra ag tobar ola nó gáis nó láithreán tobair cosúil leis na coinníollacha a bhí ann sular cuireadh isteach air;
|
|
Airteagal 2 (43)
|
ciallaíonn ‘mianach guail’ láithreán ina dtarlaíonn nó inar tharla gualmhianadóireacht, lena n-áirítear tailte, tochailtí, pasáistí faoi thalamh, seaftaí, fánaí, tolláin agus oibriúcháin, struchtúir, áiseanna, trealamh, meaisíní agus uirlisí suite ar an dromchla nó faoi thalamh agus úsáidte le linn na hoibre a bhaineann le lignít, gual fobhiotúmanach, gual biotúmanach, nó antraicít a bhaint óna fosuithe nádúrtha sa talamh ar aon mhodh nó aon bhealach, lena n-áirítear an obair a bhaineann leis an obair ullmhúcháin ar an ngual le haghaidh asbhainte;
|
|
Airteagal 2 (44)
|
ciallaíonn ‘mianach guail gníomhach’ mianach guail a dtagann tromlach an ioncaim ó lignít, gual fobhiotúmanach, gual biotúmanach, nó antraicít a bhaint, agus lena mbíonn feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:
|
(a)
|
tá forbairt mianaigh ar siúl;
|
|
(b)
|
táirgeadh gual le 90 lá anuas;
|
|
(c)
|
tá gaothráin aerála mianaigh ag oibriú;
|
|
|
Airteagal 2 (45)
|
ciallaíonn ‘mianach guail faoi thalamh’ mianach guail ina dtairgtear an gual trí thollánú isteach sa talamh chuig an mianach guail, ina déantar mianadóireacht ar an ngual le trealamh mianadóireachta guail faoi thalamh amhail meaisíní gearrtha agus meaisíní mianadóireachta guail leanúnach balla fhada agus balla ghearr, agus ansin a iompraítear chuig an dromchla;
|
|
Airteagal 2 (46)
|
ciallaíonn ‘mianach guail dromchla’ mianach guail ina luíonn an gual gar don dromchla agus ar féidir é a asbhaint trí na sraitheanna cumhdaigh carraige agus ithreach a bhaint;
|
|
Airteagal 2 (47)
|
ciallaíonn ‘seafta aerála’ pasáiste ingearach a úsáidtear chun aer úr a bhogadh faoi thalamh nó chun meatán agus gáis eile a bhaint as mianach guail faoi thalamh;
|
|
Airteagal 2 (48)
|
ciallaíonn ‘stáisiún draenála’ stáisiún a bhailíonn meatán ó chóras draenála gáis i mianach guail;
|
|
Airteagal 2 (49)
|
ciallaíonn ‘córas draenála’ córas, ina bhféadfar an iliomad foinsí meatáin a chuimsiú agus a thaoscann gás atá saibhir ó thaobh meatán de ó shíoga guail nó strataim carraige mórthimpeall agus a iompraíonn é chuig stáisiún draenála;
|
|
Airteagal 2 (50)
|
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí iarmhianadóireachta’ gníomhaíochtaí a dhéantar tar éis gual a bhaint agus a iompar chuig an dromchla, lena n-áirítear láimhseáil, próiseáil, stóráil agus iompar guail;
|
|
Airteagal 2 (51)
|
ciallaíonn ‘tomhas leanúnach’ tomhas dá nglactar an léamh gach nóiméad ar a laghad;
|
|
Airteagal 2 (52)
|
ciallaíonn ‘fosú guail’ limistéar a bhfuil tiúchain shuntasacha agus cainníocht in-inmhianaithe guail, arna sainmhíniú de réir mhodheolaíocht an Ballstáit maidir le doiciméadú fosuithe mianraí geolaíochta;
|
|
Airteagal 2 (53)
|
ciallaíonn ‘mianach guail dúnta’ mianach guail ina bhfuil deireadh tagtha le táirgeadh guail agus atá dúnta i gcomhréir leis na ceanglais cheadúnúcháin is infheidhme nó le comhshocraíochtaí eile, agus a bhfuil cead, ceadúnas nó doiciméad dlíthiúil eile fós ag oibreoir, úinéir nó ceadúnaí ina leith lena dtugtar freagracht an mhianaigh guail dó nó di;
|
|
Airteagal 2 (54)
|
ciallaíonn ‘mianach guail tréigthe’ mianach guail ina bhfuil deireadh tagtha le táirgeadh guail ach nach bhfuiltear in ann oibreoir, úinéir nó ceadúnaí an mhianaigh a shainaithint atá faoi réir na n-oibleagáidí faoi cead, ceadúnas nó doiciméad dlíthiúil eile fós lena dtugtar freagracht an mhianaigh guail dó nó di, nó nár dúnadh ar bhealach rialaithe;
|
|
Airteagal 2 (55)
|
ciallaíonn ‘úsáid mhalartach ar mhianach guail atá tréigthe faoi thalamh’ úsáid a bhaint as bonneagar mianach fodhromchla agus trealamh mianadóireachta guail chun críocha eile seachas táirgeadh guail;
|
|
Airteagal 2 (56)
|
ciallaíonn ‘trealamh mianadóireachta guail’ aon trealamh a fhanann agus nasc aige leis na strataim iompair meatáin, amhail gobghaothairí agus píopaí draenála;
|
|
Airteagal 2 (57)
|
ciallaíonn ‘mianach guail cóic’ mianach guail arb é gual cóic ar a laghad 50 % den aschur táirgthe meánaithe do na 3 bliana is deireanaí atá ar fáil, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);
|
|
Airteagal 2 (58)
|
ciallaíonn ‘táirgeoir’ gnóthas a tháirgeann amhola, gás nádúrtha nó gual le linn gníomhaíocht tráchtála tríd an ábhar sin a eastóscadh ón talamh i limistéar ceadúnaithe, é a phróiseáil nó é a iompar trí bhonneagar nasctha laistigh den limistéar ceadúnaithe sin;
|
|
Airteagal 2 (59)
|
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann, le linn gníomhaíocht tráchtála, amhola, gás nádúrtha nó gual de thionscnamh tríú tír ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a cheaptar chun gníomhartha agus foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoi Chaibidil 5 a chur i gcrích;
|
|
Airteagal 2 (60)
|
ciallaíonn ‘onnmhaireoir’ contrapháirtí conarthach an allmhaireora i ngach conradh a thugtar i gcrích chun amhola, gás nádúrtha nó gual a sholáthar isteach san Aontas;
|
|
Airteagal 2 (61)
|
ciallaíonn ‘próifíl feidhmíochta meatáin’ na bileoga aonair faisnéise agus sonraí le haghaidh na mBallstát, tríú tíortha agus, de réir mar is infheidhme, tháirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais, chomh maith le táirgeoirí nó onnmhaireoirí tríú tíortha a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual don Aontas nó a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais, de réir mar is infheidhme, a fhoilsítear sa bhunachar sonraí trédhearcachta meatáin;
|
|
Airteagal 2 (62)
|
ciallaíonn ‘teagmhas sár-astaíochta’ teagmhas a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas ina n-astaíonn foinse nó sraith foinsí dlúthcheangailte ar láithreán os cionn 100 kg meatáin in aghaidh na huaire;
|
|
Airteagal 2 (63)
|
ciallaíonn ‘próiseas réitigh’ an t-imscrúdú agus an míniú ar na cúiseanna atá le haon neamhréireachtaí suntasacha staidrimh idir an cainníochtú astaíochtaí meatáin ag an leibhéal foinse agus an tomhas astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|