+Airteagal 15 Deimhniúchán oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
---+Airteagal 15 7
---+Airteagal 15 8
---+Airteagal 15 9
---+Airteagal 15 10
---+Airteagal 15 11
---+Airteagal 15 12
---+Airteagal 15 13

Airteagal 15 Deimhniúchán oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach oibreoir córais stórála gáis nádúrtha, lena n-áirítear aon oibreoir córais stórála gáis nádúrtha atá faoi rialú oibreoir córais tarchuir, deimhnithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo, ag an údarás rialála nó ag údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (i gceachtar de na cásanna dá ngairtear ‘an t-údarás deimhniúcháin’).

Tá feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hoibreoirí córais stórála gáis nádúrtha arna rialú ag oibreoirí córais tarchuir atá deimhnithe de bhun Threoir 2009/73/CE nó Threoir (AE) 2024/1788.

Airteagal 15 2

2.   Faoin 1 Feabhra 2023 nó laistigh de 150 lá oibre ón dáta a bhfaighfear fógra de bhun mhír 9, eiseoidh an t-údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin i leith oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha a oibríonn saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh a bhfuil acmhainn breis is 3,5 TWh acu i gcás, gan beann ar líon na n-oibreoirí córais stórála, inar líonadh iomlán na saoráidí stórála, an 31 Márta 2021 agus an 31 Márta 2022 go leibhéal a bhí níos lú ná 30 % dá n-acmhainn uasta ar an meán.

Maidir le hoibreoirí córais stórála gáis nádúrtha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin a ndícheall dréachtchinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoin 1 Samhain 2022.

Maidir le oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha cé is moite díobh siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, eiseoidh an t-údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin faoin 2 Eanáir 2024 nó laistigh de 18 mí ón dáta a bhfaightear an fógra de bhun mhír 8 nó 9.

Airteagal 15 3

3.   Agus breithniú á dhéanamh ar an riosca do shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, cuirfidh an t-údarás deimhniúcháin i gcuntas aon riosca maidir le slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, nó réigiúnach mar aon le haon mhaolú ar an riosca sin a eascraíonn, inter alia, as an méid seo a leanas:

(a)

úinéireacht, soláthar nó aon chaidreamh tráchtála eile a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do dhreasachtaí agus do chumas an oibreora córais stórála gáis nádúrtha an tsaoráid stórála gáis nádúrtha faoi thalamh a líonadh;

(b)

cearta agus oibleagáidí an Aontais maidir le tríú tír a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheist shlándáil an tsoláthair fuinnimh;

(c)

cearta agus oibleagáidí na mBallstát lena mbaineann maidir le tríú tír a eascraíonn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le Ballstáit lena mbaineann le tríú tír amháin nó níos mó, a mhéid a chomhlíontar dlí an Aontais leis na comhaontuithe sin; nó

(d)

aon fhíorais shonracha nó imthosca sonracha eile a bhaineann leis an gcás.

Airteagal 15 4

4.   Má chinneann an t-údarás deimhniúcháin go bhféadfadh duine a rialaíonn go díreach nó go hindíreach an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó a fheidhmíonn aon cheart go díreach nó go hindíreach air, slándáil an tsoláthair fuinnimh, nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit a chur i mbaol, diúltóidh an t-údarás deimhniúcháin don deimhniúchán. Ina ionad sin, féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin cinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoi réir coinníollacha, lena n-áirithítear maolú leordhóthanach na rioscaí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar líonadh na saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh, ar choinníoll gur féidir a n-inoibritheacht a áirithiú go hiomlán trí chur chun feidhme agus trí fhaireachán éifeachtach. Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin, go háirithe, ceanglas ar an úinéir nó ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha bainistiú an chórais stórála a aistriú.

Airteagal 15 5

5.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás deimhniúcháin nach féidir rioscaí an tsoláthair gáis nádúrtha a mhaolú faoi choinníollacha de bhun mhír 4, lena n-áirítear trína cheangal ar an úinéir córais stórála gáis nádúrtha nó ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha bainistiú an chórais stórála gáis nádúrtha a aistriú, agus mar sin go ndiúltaíonn sé an deimhniúchán, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

ceangal a chur ar an úinéir córais stórála gáis nádúrtha nó ar an oibreoir córais stórála gáis nádúrtha nó ar aon duine a mheasann sé a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair fuinnimh nó leasanna slándála riachtanacha an Aontais nó aon Bhallstáit a chur i mbaol an scairsheilbh nó na cearta atá aige ar úinéireacht an chórais stórála gáis nádúrtha nó ar úinéireacht an oibreora córais stórála gáis nádúrtha a dhiúscairt agus teorainn ama a leagan síos don diúscairt sin;

(b)

i gcás inarb iomchuí, bearta idirlinne a ordú chun a áirithiú nach féidir le duine den sórt sin aon rialú nó ceart a fheidhmiú ar úinéir an chórais stórála gáis nádúrtha nó ar oibreoir an chórais stórála gáis nádúrtha sin go dtí go ndéanfar an scairsheilbh nó na cearta a dhiúscairt; agus

(c)

foráil a dhéanamh maidir leis na bearta cúiteacha iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 15 6

6.   Tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin fógra faoina dhréachtchinneadh deimhniúcháin don Choimisiún gan mhoill, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile.

Eiseoidh an Coimisiún tuairim ar an dréachtchinneadh deimhniúcháin chun an údaráis deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ón bhfógra sin a fháil. Tabharfaidh an t-údarás deimhniúcháin an aird is mó is féidir ar an tuairim ón gCoimisiún.

Airteagal 15 7

7.   Glacfaidh an t-údarás deimhniúcháin a chinneadh deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ón tuairim ón gCoimisiún a fháil.

Airteagal 15 8

8.   Sula gcuirfear saoráid stórála gáis nádúrtha nuathógtha faoi thalamh i bhfeidhm, déanfar an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha a dheimhniú i gcomhréir le míreanna 1 go 7. Tabharfaidh an t-oibreoir córais stórála gáis nádúrtha fógra don údarás deimhniúcháin go bhfuil sé beartaithe aige an tsaoráid stórála gáis nádúrtha a chur i bhfeidhm.

Airteagal 15 9

9.   Tabharfaidh oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha fógra don údarás deimhniúcháin ábhartha faoi aon idirbheart pleanáilte a d’éileodh athmheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

Airteagal 15 10

10.   Déanfaidh na húdaráis deimhniúcháin faireachán ar oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha ar bhonn leanúnach a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Athosclóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun athmheasúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

ar fhógra a fháil ón oibreoir córais stórála gáis nádúrtha de bhun mhír 8 nó 9;

(b)

ar a dtionscnamh féin i gcás ina bhfuil siad ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh neamhchomhlíonadh na gceanglas i míreanna 1, 2 agus 3 mar thoradh ar athrú atá beartaithe ar na cearta nó ar an tionchar ar oibreoir córais stórála gáis nádúrtha;

(c)

ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún.

Airteagal 15 11

11.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go leanfar d’oibriú na saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh ar a gcríocha faoi seach. Ní fhéadfaidh na saoráidí stórála gáis nádúrtha faoi thalamh sin scor d’oibríochtaí ach amháin i gcás nach gcomhlíontar ceanglais theicniúla agus sábháilteachta nó i gcás ina gcinnfidh an t-údarás deimhniúcháin tar éis measúnú a dhéanamh agus tuairim Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (‘ENTSO don Ghás’) á cur i gcuntas, nach lagódh scor den sórt sin slándáil an tsoláthair gáis nádúrtha ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.

Déanfar bearta cúiteacha iomchuí, i gcás inarb iomchuí, mura gceadaítear scor na n-oibríochtaí.

Airteagal 15 12

12.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a eisiúint a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 15 13

13.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na codanna de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.