+Airteagal 48 An fhéidearthacht rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha a theorannú
---+Airteagal 48 1
---+Airteagal 48 2
---+Airteagal 48 3
---+Airteagal 48 4
---+Airteagal 48 5

Airteagal 48 An fhéidearthacht rannpháirtíocht sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha a theorannú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48 1

1.   Ón 1 Eanáir 2026, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó na Bealarúise, nó soláthairtí GNL ó shaoráidí GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis, a eisiamh go sealadach ó bheith rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha, i gcás inar gá sin chun leasanna slándála fíor-riachtanacha nó slándáil soláthair an Aontais nó Ballstáit a chosaint, ar choinníoll:

(a)

nach gcuireann na bearta isteach go míchuí ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do ghás nádúrtha agus ar shreabha trasteorann gáis nádúrtha idir na Ballstáit, agus nach mbaineann siad an bonn de shlándáil an tsoláthair san Aontas nó i mBallstát;

(b)

go n-urramaítear leis na bearta sin prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh;

(c)

go nglactar na bearta sin i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí an Aontais nó na mBallstát maidir le tríú tíortha.

Airteagal 48 2

2.   In am trátha roimh an gcéad bhabhta tairisceana in 2026, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha uile a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le haon bhearta dá dtagraítear inti. Beidh aon chinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse suas le bliain amháin agus féadfar é a athnuachan má tá údar leis.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú leanúnach ar cibé acu atá na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh agus coinneoidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí faoina measúnuithe, lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 48 3

3.   Agus an gá atá le slándáil sholáthar an Aontais a áirithiú á chur i gcuntas, féadfaidh na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 a bheith dírithe ar sholáthairtí gáis nádúrtha nó GNL a éagsúlú d’fhonn an spleáchas ar ghás nádúrtha na Rúise a laghdú, i gcás inar féidir a léiriú go bhfuil gá leis na bearta sin chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus na mBallstát a chosaint.

Airteagal 48 4

4.   Beidh liosta de na nithe seo a leanas sna cinntí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

na pointí iontrála uile ó Chónaidhm na Rúise nó ón mBealarúis nó ó thríú tíortha eile a fhónann mar thíortha idirthurais nach n-úsáidfear chun soláthairtí gáis nádúrtha a sheachadadh faoi réir comhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach; agus

(b)

gach saoráid GNL atá lonnaithe i gCónaidhm na Rúise nó sa Bhealarúis.

Cuirfidh soláthróirí gáis nádúrtha nó táirgeoirí atá rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus ceannach comhpháirteach gáis nádúrtha gealltanas ar fáil maidir le comhlíonadh Airteagal 47 agus na cinntí arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 48 5

5.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Airteagail seo agus Airteagal 47 a áirithiú agus féadfaidh sé a cheangal ar sholáthróirí nó táirgeoirí gáis nádúrtha atá rannpháirteach sa sásra um chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach gáis nádúrtha an fhaisnéis uile is gá chun cabhrú leis an gcúram sin, lena n-áirítear na doiciméid loingseoireachta ábhartha a chur faoi bhráid na gceannaitheoirí agus na soláthairtí gáis nádúrtha á seachadadh, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.