+Airteagal 85 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942
---+Airteagal 85 (1)
---+Airteagal 85 (2)
---+Airteagal 85 (3)
---+Airteagal 85 (4)
---+Airteagal 85 (5)
---+Airteagal 85 (6)
---+Airteagal 85 (7)

Airteagal 85 Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 mar a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 85 (1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig oibreoirí córais tarchuir, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH), eintiteas AE do OCDanna, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais agus eintitis a bhunaíonn oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí gréasáin hidrigine;’

;

Airteagal 85 (2)

in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Arna iarraidh sin do ACER, déanfaidh na húdaráis rialála, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, na lárionaid comhordaithe, eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córais tarchurtha gáis nádúrtha, oibreoirí gréasáin hidrigine, na hoibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe, agus eintitis arna mbunú ag oibreoirí córais tarchuir do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí críochfoirt hidrigine, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur ar fáil do ACER ar an leibhéal céanna sonraíochta chun críche cúraimí ACER a dhéanamh faoin Rialachán seo, murar iarr ACER an fhaisnéis sin agus mura bhfuair sí cheana í.’

Airteagal 85 (3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Déanfaidh ACER tuairim a thabhairt don Choimisiún maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Leictreachas, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/943, agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás, i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Rialachán (EU) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus maidir le ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 57(9) de Rialachán (AE) 2024/1789 agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta eititeas AE do OCDanna i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2024/1789.

2.   Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/943, ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Ghás i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (CE) (EU) 2024/1789 agus ar fhorghníomhú chúraimí ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (EU) 2024/1789 agus ar fhorghníomhú chúraimí eintiteas AE do OCDanna arna leagan amach in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 41 de Rialachán (EU) 2024/1789.

3.   Féadfaidh ACER tuairim a chur ar fáil:

(a)

do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/1789, do ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 59(1) den Rialachán sin maidir le cóid ghréasáin;

(b)

do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 agus do ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 60(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir leis an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais agus maidir le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 26(3) agus Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2024/1789, agus cuspóirí an neamh-idirdhealaithe, na hiomaíochta éifeachtaí agus fheidhmiú cuí agus slán na margaí inmheánacha don leictreachas, don hidrigin agus don ghás nádúrtha á gcur i gcuntas;

(c)

d’eintiteas AE do OCDanna maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil agus le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) 2024/1789, agus na cuspóirí a bhaineann le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú cuí agus slán an mhargaidh inmheánaigh do leictreachas, hidrigin agus gás nádúrtha á gcur i gcuntas.

(*3)  Rialachán (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha i gcomhair gás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigin, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:

‘6.   Comhordóidh na húdaráis rialála ábhartha chun a shainaithint go comhpháirteach an ndéanann ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionaid comhordúcháin réigiúnacha a n-oibleagáidí a neamhchomhlíonadh faoi dhlí an Aontais agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcomhréir le hAirteagal 59(1) pointe (c), agus Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó le hAirteagal 78(1), pointe (e) de Threoir (EU) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**).

Arna iarraidh sin d’údarás rialála amháin nó níos mó nó ar a tionscnamh féin, déanfaidh ACER tuairim réasúnaithe chomh maith le moladh a eisiúint chuig ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha maidir le comhlíonadh a n-oibleagáidí.

7.   I gcás ina sainaithneofar cás i dtuairim réasúnaithe ó ACER ina bhféadfadh sé nár chomhlíon ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach a gcuid oibleagáidí faoi seach, déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe d’aon toil lena suífear neamhchomhlíonadh le hoibleagáidí ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, tiocfaidh siad ar chomhaontú ar na bearta a bheidh le déanamh ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach chun an neamhchomhlíonadh sin a réiteach. I gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis náisiúnta rialála cinntí comhordaithe den sórt sin a dhéanamh d’aon toil laistigh de 4 mhí ó dháta eisiúna tuairim réasúnaithe ACER, cuirfear an cás faoi bhráid ACER lena chinneadh, de bhun Airteagal 6(10).

8.   Mura mbeidh an sárú atá déanta ag ENTSO don Leictreachas, ENSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach, a sainaithníodh de bhun mhír 6 nó 7 den Airteagal seo, leigheasta laistigh de 3 mhí, nó i gcás nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag an údarás rialála sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an eintiteas chun comhlíonadh a áirithiú, eiseoidh ACER moladh don údarás rialála go ndéanfaí gníomhaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 59(1), pointe (c), agus Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó le hAirteagal 78(1), pointe (f) de Threoir (EU) 2024/1788, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, eintiteas AE do OCDanna nó an lárionad comhordúcháin réigiúnach a n-oibleagáidí, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.

(**)  Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite, sa ghás nádúrtha agus sa hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj.).’;"

Airteagal 85 (4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

‘1.   Glacfaidh ACER páirt i bhforbairt cód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus i bhforbairt treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74(5) de Rialachán (AE) 2024/1789. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

dréacht-chreat treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(4) nó Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2024/1789. Athbhreithneoidh ACER na creat-treoirlínte a agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin athuair iad i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(7) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(7) nó Airteagal 72(7) de Rialachán (AE) 2024/1789;

(b)

an cód gréasáin a athbhreithniú i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. Ina athbhreithniú, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a sholáthair gach páirtí lena mbaineann agus an cód gréasáin athbhreithnithe á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Chuige sin, féadfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, an coiste dréachtaithe a bunaíodh faoi na cóid ghréasáin a úsáid. Tuairisceoidh ACER don Choimisiún ar thoradh na gcomhairliúchán. Ina dhiaidh sin, cuirfidh ACER an cód gréasáin athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(11) nó Airteagal 72(11) de Rialachán (AE) 2024/1789. I gcás nár fhorbair ENTSO don Leictreachas nó ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna cód gréasáin, déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(12) nó Airteagal 72(12) de Rialachán (AE) 2024/1789;

(c)

tuairim chuí-réasúnaithe a sholáthar don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 27(1) nó Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2024/1789 maidir le ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH nó eintiteas AE do OCDanna, gur mhainnigh siad cód gréasáin arna tharraingt suas faoi Airteagal 30(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 26(1) nó Airteagal 59(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1789 nó cód gréasáin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(3) go (12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 71(3) go (12) nó Airteagal 72(3) go (12) de Rialachán (AE) 2024/1789 ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 59(13) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 71(13) nó Airteagal 72(13) de Rialachán (AE) 2024/1789.

(d)

faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin arna nglacadh ag an gCoimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus na dtreoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2024/1789, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.’

Airteagal 85 (5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála, de bhun Airteagal 57(7) de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 76(6) de Threoir (AE) 2024/1788’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Arna iarraidh sin d’aon údarás rialála amháin nó níos mó nó don Choimisiún, tabharfaidh ACER tuairim fhíorasach i dtaobh an gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialála na cóid gréasán agus na treoirlínte dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (EU)2024/1789, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir (EU) 2024/1788, nó an gcomhlíonann sé forálacha ábhartha eile de chuid na rialachán nó na dtreoracha sin, nó in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938.’

;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘9a.   Eiseoidh ACER moltaí chuig oibreoirí córais tarchuir, oibreoirí córais dáileacháin, oibreoirí gréasáin hidrigine agus údaráis rialála, maidir leis na modheolaíochtaí chun leithdháileadh idir-ama costas a shocrú de bhun Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (EU) 2024/1789.

Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint d’oibreoirí córais tarchuir, d’oibreoirí córas dáileacháin, d’oibreoirí gréasáin hidrigine agus d’údaráis rialála, maidir leis na boinn sócmhainní rialála de bhun Airteagal 5(6), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1789.

9b.   Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chuig údaráis rialála maidir le leithdháileadh costas réitigh ar shrianta ar shreafaí trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí sa ghás de bhun Airteagal 21(11) de Rialachán (AE) 2024/1789.

9c.   Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint chuig údaráis rialála maidir le leithdháileadh costas réitigh ar shrianta ar shreafaí trasteorann i ngeall ar dhifríochtaí i gcáilíocht hidrigine de bhun Airteagal 55(8) de Rialachán (AE) 2024/1789.

9d.   Foilseoidh ACER tuarascálacha faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc de bhun phointí 2.2.1(2) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789.’

;

(d)

leasaítear mír 10 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a ghlacadh maidir le saincheisteanna rialála a bhfuil éifeacht acu ar thrádáil trasteorann nó ar shlándáil na gcóras trasteorann lena gceanglaítear cinneadh comhpháirteach ó dhá údarás rialála ar a laghad, i gcás gur tugadh na hinniúlachtaí sin do na húdaráis rialála faoi cheann amháin de na gníomhartha dlí seo a leanas:

(a)

gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;

(b)

cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus na treoirlínte sin;

(c)

cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011;

(d)

treoirlínte de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (EU) 2024/1789; nó

(e)

cóid ghréasáin agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagail 71 go 74 de Rialachán (EU) 2024/1789.’

;

(ii)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

i gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis inniúla rialála teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí tar éis an cás a tharchur chuig an údarás deiridh de na húdaráis rialála sin, nó laistigh de 4 mhí i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788;’

;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír agus an ceathrú mír:

‘Féadfaidh na húdaráis rialála inniúla a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a fhadú go ceann tréimhse suas go 6 mhí, ach amháin i ndáil le cásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi Airteagal 59(1), pointe (c) nó Airteagal 62(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788.

I gcás ina mbeidh na hinniúlachtaí chun saincheisteanna trasteorann a chinneadh dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo tugtha do na húdaráis rialála i gcóid ghréasáin nua nó i dtreoirlínte nua dá dtagraítear in Airteagail 59 go 61 de Rialachán (AE) 2019/943 arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019, ní bheidh ACER inniúil ach ar bhonn deonach de bhun phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, agus é sin ar iarraidh a fháil ó 60 % ar a laghad de na húdaráis rialála ábhartha. I gcás nach bhfuil baint ach ag dhá údarás inniúla leis, féadfaidh ceann ar bith acu an cás a tharchur chuig ACER.’

;

(e)

i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

eiseoidh sé cinneadh laistigh de 6 mhí ó dháta an tarchuir, nó laistigh de 4 mhí ó dháta an tarchuir i ndáil le cásanna de bhun Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó de bhun Airteagal (59)(1), pointe (c), nó Airteagal 62(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/944 nó Airteagal 78(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2024/1788 agus’

;

Airteagal 85 (6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):

‘1.   Agus a cúraimí á ndéanamh aici, go háirithe sa phróiseas chun creat-treoirlínte a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagail 71 agus 72 de Rialachán (AE) 2024/1789 agus le linn leasuithe ar chóid ghréasáin a mholadh faoi Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2024/1789 Rachaidh ACER i gcomhairle go forleathan, ag céim luath, le rannpháirtithe sa mhargadh, le hoibreoirí córais tarchuir, le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine, le tomhaltóirí, le húsáideoirí deiridh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis iomaíochta, gan dochar dá n-inniúlacht faoi seach, ar bhealach oscailte agus trédhearcach, go háirithe nuair a bhaineann a cúraimí le hoibreoirí córas tarchuir agus le hoibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine.’

Airteagal 85 (7)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, faireachán ar na margaí mórdhíola agus miondíola sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha, go háirithe ar leibhéil agus ar mhúnlú praghsanna miondíola agus mórdhíola, chun a éascú gur féidir leis na húdaráis ábhartha iompraíocht fhrithiomaíoch, éagórach nó neamhthrédhearcach a d’fhéadfadh a bheith ag oibreoirí margaidh a shainaithint, agus maidir le comhlíonadh chearta na dtomhaltóirí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/944 agus i dTreoir (AE) 2024/1788, ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí teaghlaigh, ar rochtain ar na gréasáin lena n-áirítear rochtain ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéantar i dtaca le hidirnascairí, ar bhacainní féideartha roimh thrádáil trasteorann, lena n-áirítear an tionchar atá ag hidrigin a chumasc sa chóras gáis nádúrtha agus ag bacainní ar an sreabhadh meatáin trasteorann, ar bhacainní rialála d’iontrálaithe nua sa mhargadh agus do pháirtithe níos lú sa mhargadh, lena n-áirítear pobail fuinnimh do shaoránaigh agus pobail fuinnimh in-athnuaite, ar idirghabhálacha Stáit a chuireann cosc ar phraghsanna a bheith ina léiriú ar an teirce iarbhír, amhail mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2019/943, ar fheidhmíocht an Bhallstáit i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe Eorpaigh ar leordhóthanacht acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán sin, go háirithe ag cur san áireamh an mheastóireacht ex post dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/941.

Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d’inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, faireachán ar na margaí hidrigine, go háirithe ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí hidrigine, ar an rochtain ar an ngréasán hidrigine, lena n-áirítear rochtain ar an ngréasán hidrigine a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéanfar i leith na n-idirnascairí agus bacainní ar thrádáil a d’fhéadfadh a bheith ann.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Gach bliain, foilseoidh ACER tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1. Sa tuarascáil sin, sainaithneofar aon bhacainní ar chomhlánú na margaí inmheánacha do leictreachas, gás nádúrtha hidrigin.’

;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘6.   foilseoidh ACER staidéir ina ndéanfar comparáid idir éifeachtúlacht costas na n-oibreoirí córais tarchuir san Aontas de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán (AE) 2024/1789.

7.   cuirfidh ACER tuairimí isteach lena bhforálfar maidir le formáid chomhchuibhithe le haghaidh foilsiú faisnéise teicniúla maidir le rochtain ar ghréasáin tarchurtha hidrigine agus foilseoidh sé tuarascáil faireacháin ar phlódú ag pointí idirnaisc de bhun na dtreoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1789.’.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.