|
+Airteagal 24 5 |
Airteagal 24 55. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh, go gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2). I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha sin, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme i bhfoirm cinneadh, lena n-iarrtar ar an mBallstát lena mbaineann dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chomhlíonann na critéir agus na coinníollacha sin a thíolacadh agus, i gcás inarb ábhartha, lena leagtar amach na bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBallstát sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3). Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na bearta atá déanta aige de bhun an chinnidh sin in iúl don Choimisiún, chomh maith le faisnéis lena léirítear go bhfuil an cinneadh sin á chomhlíonadh leis na bearta sin. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún gur leor na bearta sin chun comhlíonadh a chinnidh a áirithiú, tabharfaidh sé fógra i ndáil leis sin don Bhallstát lena mbaineann agus glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun an dréachtphlean feidhmíochta sin a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2). I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach leor na bearta sin chun comhlíonadh an chinnidh a áirithiú, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|