+Airteagal 24 Measúnú ar phleananna feidhmíochta
---+Airteagal 24 1
---+Airteagal 24 2
---+Airteagal 24 3
---+Airteagal 24 4
---+Airteagal 24 5
---+Airteagal 24 6

Airteagal 24 Measúnú ar phleananna feidhmíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta arna nglacadh dá dtagraítear in Airteagal 23, lena n-áirítear comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, i gcomhréir leis na critéir agus na coinníollacha a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b), agus ar leithdháileadh na gcostas coiteann idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt de réir na bprionsabal ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l). Sa mheasúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, cuirfear san áireamh feabhsuithe feidhmíochta le himeacht ama. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i bhfianaise na ngnéithe a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b).

Airteagal 24 2

2.   Agus measúnú á dhéanamh ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar imthosca áitiúla agus ar idirthuilleamaíochtaí idir na príomhréimsí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a).

Féadfaidh an Coimisiún a cheadú go n-imeoidh spriocanna feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach ó spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a mhéid a bhaineann le príomhréimsí feidhmíochta i gcás ina meastar go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta le haghaidh na seirbhísí sin a áirithiú le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais a mhéid a bhaineann le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

Airteagal 24 3

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b), arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun é a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 24 4

4.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún go bhfuil amhras ann i dtaobh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sé tús le scrúdú mionsonraithe ar an dréachtphlean feidhmíochta sin, agus iarrfaidh sé faisnéis bhreise ón mBallstát lena mbaineann más gá.

Airteagal 24 5

5.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, tar éis dó scrúdú mionsonraithe a dhéanamh, go gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha arna léamh i gcomhar le mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach gcomhlíonann an dréachtphlean feidhmíochta arna ghlacadh na critéir agus na coinníollacha sin, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme i bhfoirm cinneadh, lena n-iarrtar ar an mBallstát lena mbaineann dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chomhlíonann na critéir agus na coinníollacha sin a thíolacadh agus, i gcás inarb ábhartha, lena leagtar amach na bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an mBallstát sin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na bearta atá déanta aige de bhun an chinnidh sin in iúl don Choimisiún, chomh maith le faisnéis lena léirítear go bhfuil an cinneadh sin á chomhlíonadh leis na bearta sin.

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún gur leor na bearta sin chun comhlíonadh a chinnidh a áirithiú, tabharfaidh sé fógra i ndáil leis sin don Bhallstát lena mbaineann agus glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun an dréachtphlean feidhmíochta sin a fhormheas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach leor na bearta sin chun comhlíonadh an chinnidh a áirithiú, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 24 6

6.   Glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann na dréachtphleananna feidhmíochta arna bhformheas ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Airteagal seo mar phleananna cinntitheacha, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad gan dochar d’Airteagal 52(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.