+Airteagal 29 Prionsabail le haghaidh na scéime muirearaithe
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6

Airteagal 29 Prionsabail le haghaidh na scéime muirearaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1

1.   Gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a chumhdaítear leis an Airteagal seo a mhaoiniú trí chistí poiblí a mhéid atá sin i gcomhréir le rialacha an Chonartha maidir le hiomaíochas i gcás inarb iomchuí, socrófar, forchuirfear agus forfheidhmeofar muirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta ar úsáideoirí aerspáis.

Beidh an scéim muirearaithe a chuirtear ar bun faoin Airteagal seo agus faoi Airteagail 30 go 32 comhsheasmhach le hAirteagal 15 de Choinbhinsiún Chicago. I gcás muirir faoi bhealach, maidir leis an scéim muirearaithe a chuirtear ar bun faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33 agus maidir le córas muirearaithe Eurocontrol le haghaidh muirir faoi bhealach, beidh an scéim agus an córas sin comhsheasmhach.

Airteagal 29 2

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 29 go 36 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a sholáthraítear ag aerfoirt, atá suite ar chríoch na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo, a bhfuil níos lú ná 80 000 gluaiseacht aeriompair lena ngabhann rialacha um eitiltí de réir uirlisí in aghaidh na bliana acu. Féadfaidh Ballstát a chinneadh, áfach, go bhfuil na seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt sin faoi réir na nAirteagal sin.

Airteagal 29 3

3.   Beidh na muirir bunaithe ar chostais na soláthraithe aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 ar costais iad a thabhaítear i leith seirbhísí agus feidhmeanna a rachaidh chun tairbhe úsáideoirí aerspáis thar thréimhsí tagartha seasta mar a shainítear in Airteagal 21(3). Féadfar fáltas réasúnach ar shócmhainní a áireamh ar na costais sin.

Airteagal 29 4

4.   Trí bhíthin muirear, cuirfear chun cinn soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte, éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus costéifeachtúlachta a bhaint amach, agus tionchar comhshaoil na heitlíochta á laghdú ag an am céanna.

Airteagal 29 5

5.   Ní úsáidfear ioncam a fhaightear ó sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 ar ioncam é a thagann as na muirir a fhorchuirtear ar úsáideoirí aerspáis i gcomhréir leis an Airteagal seo chun seirbhísí a mhaoiniú ar seirbhísí iad a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta faoi choinníollacha margaidh i gcomhréir le hAirteagal 11 nó chun aon ghníomhaíocht tráchtála eile arna déanamh ag an soláthraí sin a mhaoiniú.

Airteagal 29 6

6.   Tuairisceofar sonraí airgeadais maidir le costais a chinntear, costais iarbhír agus ioncam gaolmhar na soláthraithe aerloingseoireachta ainmnithe do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Chun a chur ar chumas an Choimisiúin a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, tuairisceoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na sonraí sin don Choimisiún i gcomhréir leis na módúlachtaí a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33. Cuirfear sonraí airgeadais maidir le costais a chinnfear, costais iarbhír agus ioncam gaolmhar ar fáil d’úsáideoirí aerspáis, agus foilseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 52(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.