+Airteagal 30 Boinn chostais do mhuirir
---+Airteagal 30 1
---+Airteagal 30 2
---+Airteagal 30 3
---+Airteagal 30 4
---+Airteagal 30 5
---+Airteagal 30 6
|
Airteagal 30 Boinn chostais do mhuirir
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1
|
1. Is iad a bheidh sna boinn chostais do mhuirir le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, mar a leagtar amach iad sna pleananna feidhmíochta a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 24(6), na costais chinntitheacha a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin sa limistéar muirearaithe faoi bhealach agus sa limistéar muirearaithe críochfoirt lena mbaineann.
|
|
Airteagal 30 2
|
2. Áireofar ar na costais a chinntear dá dtagraítear i mír 1, costais na saoráidí agus na seirbhísí ábhartha, costas an chaipitil agus costas dímheasa sócmhainní, mar aon leis na costais chothabhála, oibriúcháin, bhainistíochta agus riaracháin lena n-áirítear costais foirne.
|
|
Airteagal 30 3
|
3. Beidh na costais seo a leanas san áireamh freisin sna costais chinntitheacha dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
costais a bhaineann le maoirseacht ar sheirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag údaráis inniúla náisiúnta, agus ag údaráis náisiúnta eile ar chuir na Ballstáit de chúram orthu cúraimí a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás ina gcinneann an Ballstát amhlaidh;
|
|
(b)
|
na costais a thabhaíonn na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10, i dtaca le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus na feidhmeanna gréasáin;
|
|
(c)
|
na costais a eascraíonn as Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Eurocontrol maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta na 13 Nollaig 1960 arna leasú go deireanach, i gcás ina gcinneann an Ballstát amhlaidh.
|
|
|
Airteagal 30 4
|
4. Ní áireofar sna costais a chinntear costais na bpionós arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 53.
|
|
Airteagal 30 5
|
5. Leithdháilfear na costais a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 21(4), pointe (l). Ní cheadófar tras-fhóirdheontais idir seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach agus seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt. Ní cheadófar tras-fhóirdheontas idir seirbhísí éagsúla aerloingseoireachta i gceachtar den dá chatagóir sin ach amháin má bhíonn údar maith leis ar chúiseanna oibiachtúla, faoi réir sainaithint thrédhearcach i gcomhréir le hAirteagal 36(3).
|
|
Airteagal 30 6
|
6. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a ainmnítear faoi Airteagail 8 agus 10 na mionsonraí maidir lena mbonn costais a sholáthar don údarás maoirseachta náisiúnta. Chuige sin, brisfear síos na costais trí idirdhealú a dhéanamh idir costais foirne, costais oibriúcháin nach costais foirne iad, costais dímheasa, costas caipitil, costais eisceachtúla agus costais dá dtagraítear in Airteagal 30(3). Chun a chur ar chumas an Choimisiúin a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an fhaisnéis sin don Choimisiún i gcomhréir leis na módúlachtaí a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|