3. Coinneoidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh le haghaidh gach seirbhíse aerloingseoireachta ina gcuntasaíocht inmheánach mar a bheadh de cheangal orthu dá ndéanfadh gnólachtaí ar leithligh na seirbhísí sin d’fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Coinneoidh soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh chomh maith le haghaidh gach gníomhaíochta sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta arna bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus 11(2) agus seirbhísí aerloingseoireachta nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin;
|
|
(b)
|
soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta agus déanann sé gníomhaíochtaí eile, d’aon chineál, lena n-áirítear SCFanna;
|
|
(c)
|
soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta san Aontas agus i dtríú tíortha.
|
Déanfar na costais a chinntear agus na costais iarbhír a eascraíonn as seirbhísí aerloingseoireachta a mhiondealú i gcatagóirí costas i gcomhréir le hAirteagal 30(6) agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, gan dochar d’Airteagal 52(3).