+Airteagal 36 Trédhearcacht cuntas soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta
---+Airteagal 36 1
---+Airteagal 36 2
---+Airteagal 36 3
---+Airteagal 36 4

Airteagal 36 Trédhearcacht cuntas soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, is cuma cén córas úinéireachta nó foirm dhlíthiúil atá acu, a gcuntais airgeadais a tharraingt suas agus a fhoilsiú gach bliain. Comhlíonfaidh na cuntais sin na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta atá glactha ag an Aontas.

I gcás nach féidir na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, toisc stádas dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, bainfidh an soláthraí an comhlíonadh sin amach a mhéid is féidir. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tuarascáil bhliantúil agus déanfar iniúchadh neamhspleách orthu go rialta i leith na gcuntas dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 36 2

2.   Beidh an ceart ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta rochtain a fháil ar chuntais soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta faoi mhaoirseacht na soláthraithe sin. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh rochtain ar na cuntais sin a thabhairt d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta Bhallstáit eile. Soláthróidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an fhaisnéis sin don Choimisiún i gcás inar gá sin a dhéanamh ionas go bhféadfaidh an Coimisiún a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 36 3

3.   Coinneoidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh le haghaidh gach seirbhíse aerloingseoireachta ina gcuntasaíocht inmheánach mar a bheadh de cheangal orthu dá ndéanfadh gnólachtaí ar leithligh na seirbhísí sin d’fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Coinneoidh soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta cuntais ar leithligh chomh maith le haghaidh gach gníomhaíochta sna cásanna seo a leanas:

(a)

soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta arna bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus 11(2) agus seirbhísí aerloingseoireachta nach gcumhdaítear leis an bhforáil sin;

(b)

soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta agus déanann sé gníomhaíochtaí eile, d’aon chineál, lena n-áirítear SCFanna;

(c)

soláthraíonn sé seirbhísí aerloingseoireachta san Aontas agus i dtríú tíortha.

Déanfar na costais a chinntear agus na costais iarbhír a eascraíonn as seirbhísí aerloingseoireachta a mhiondealú i gcatagóirí costas i gcomhréir le hAirteagal 30(6) agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, gan dochar d’Airteagal 52(3).

Airteagal 36 4

4.   Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta nó eintiteas atá neamhspleách ar an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann iniúchadh nó fíorú ar na sonraí airgeadais arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 29(6) mar aon le faisnéis eile is ábhartha chun rátaí aonaid a ríomh agus déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta iad sin a fhormheas. Cuirfear conclúidí an iniúchta sin ar fáil go poiblí gan dochar d’Airteagal 52(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.