+Airteagal 37 Feidhmeanna gréasáin
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
---+Airteagal 37 4
---+Airteagal 37 5
|
Airteagal 37 Feidhmeanna gréasáin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1
|
1. Is é an toradh a bheidh ar fheidhmeanna an ghréasáin bainistíochta aerthráchta go mbainfear úsáid inbhuanaithe éifeachtúil as an aerspás agus as na hacmhainní tearca. Áiritheofar leo chomh maith go mbeidh úsáideoirí aerspáis in ann ruthaig agus próifílí eitilte a oibriú atá optamaithe don chomhshaol, ach ag an am céanna rochtain chothrom réasúnach a cheadú ar an aerspás agus ar sheirbhísí aerloingseoireachta agus brú aerthráchta a laghdú. Leis na feidhmeanna gréasáin sin, a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, tacófar le rochtain réidh a bheith ag úsáideoirí aerspáis ar sheirbhísí aerloingseoireachta agus, lena chois sin, tacófar le spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (b), a bhaint amach agus beidh siad bunaithe ar cheanglais oibríochtúla. Le cur chun feidhme na bhfeidhmeanna gréasáin sin, urramófar forálacha Airteagal 1, agus ní dochar iad do cheannasacht na mBallstát ar a gcuid aerspáis féin agus dá gceanglais maidir leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí agus le cúrsaí cosanta.
|
|
Airteagal 37 2
|
2. Is iad seo a leanas na feidhmeanna gréasáin dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
dearadh agus úsáid struchtúr aerspáis ar fud an Aontais lena dtugtar an leibhéal sábháilteachta, acmhainneachta, solúbthachta, freagrúlachta, feidhmíochta comhshaoil is gá, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais slándála agus cosanta agus gan dochar d’fhreagrachtaí na mBallstát maidir le bealaí agus struchtúir aerspáis don aerspás atá faoina bhfreagracht;
|
|
(c)
|
acmhainní tearca a chomhordú maidir le bandaí minicíochta a úsáideann an aerthrácht ginearálta, go háirithe minicíochtaí raidió agus, lena chois sin, cóid trasfhreagróra radar;
|
|
(d)
|
tarmligean soláthar seirbhísí aerthráchta a éascú trí bhíthin comhar le soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus údaráis na mBallstát;
|
|
(e)
|
soláthar acmhainneachta rialaithe aerthráchta sa ghréasán i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san NOP, d’fhonn ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus luachanna tagartha áitiúla a chomhlíonadh;
|
|
(f)
|
bainistíocht i gcás géarchéimeanna gréasáin;
|
|
(h)
|
bainistíocht a dhéanamh ar phleanáil, faireachán agus comhordú gníomhaíochtaí cur chun feidhme a bhaineann le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach BAT, i gcomhréir le Máistirphlean Eorpach BAT, ag cur san áireamh riachtanais oibríochtúla agus nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara;
|
|
(i)
|
faireachán ar fheidhmíocht bhonneagar gréasáin Eorpaigh BAT.
|
|
|
Airteagal 37 3
|
3. Cuirfidh na Ballstáit agus gach geallsealbhóir oibríochtúil ábhartha feidhmeanna gréasáin i gcrích le rannchuidiú ón mBainisteoir Gréasáin mar a shainítear in Airteagal 38(6) agus sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(10).
|
|
Airteagal 37 4
|
4. Ní bheidh glacadh beart ceangailteach ag a bhfuil raon feidhme ginearálta ná feidhmiú lánrogha polaitiúla i gceist leis na feidhmeanna a leagtar amach i mír 2. Déanfar iad i gcomhordú le húdaráis shibhialta agus mhíleata, go háirithe, i gcomhréir le nósanna imeachta comhaontaithe maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis. Is de chineál iomlán oibríochtúil nó teicniúil a bheidh na bearta a dhéanfar le haghaidh chur chun feidhme na bhfeidhmeanna a liostaítear i mír 2 agus cuirfear sainiúlachtaí na mBallstát san áireamh iontu.
|
|
Airteagal 37 5
|
5. Chun cur chun feidhme agus comhlíonadh aonfhoirmeach na bhforálacha dá dtagraítear san Airteagal seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3), lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna gréasáin, lena n-áirítear maidir le bainistíocht géarchéime.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|