+Airteagal 37 2

Airteagal 37 2

2.   Is iad seo a leanas na feidhmeanna gréasáin dá dtagraítear i mír 1:

(a)

dearadh agus úsáid struchtúr aerspáis ar fud an Aontais lena dtugtar an leibhéal sábháilteachta, acmhainneachta, solúbthachta, freagrúlachta, feidhmíochta comhshaoil is gá, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais slándála agus cosanta agus gan dochar d’fhreagrachtaí na mBallstát maidir le bealaí agus struchtúir aerspáis don aerspás atá faoina bhfreagracht;

(b)

BSAT;

(c)

acmhainní tearca a chomhordú maidir le bandaí minicíochta a úsáideann an aerthrácht ginearálta, go háirithe minicíochtaí raidió agus, lena chois sin, cóid trasfhreagróra radar;

(d)

tarmligean soláthar seirbhísí aerthráchta a éascú trí bhíthin comhar le soláthraithe seirbhísí aerthráchta agus údaráis na mBallstát;

(e)

soláthar acmhainneachta rialaithe aerthráchta sa ghréasán i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san NOP, d’fhonn ceanglais feidhmíochta oibríochtúla gréasáin agus luachanna tagartha áitiúla a chomhlíonadh;

(f)

bainistíocht i gcás géarchéimeanna gréasáin;

(g)

sannadh moille BSAT;

(h)

bainistíocht a dhéanamh ar phleanáil, faireachán agus comhordú gníomhaíochtaí cur chun feidhme a bhaineann le himscaradh bonneagair sa ghréasán Eorpach BAT, i gcomhréir le Máistirphlean Eorpach BAT, ag cur san áireamh riachtanais oibríochtúla agus nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara;

(i)

faireachán ar fheidhmíocht bhonneagar gréasáin Eorpaigh BAT.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2803
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.