+Airteagal 10 Measúnú ar shláinte ithreach
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
---+Airteagal 10 7
---+Airteagal 10 8

Airteagal 10 Measúnú ar shláinte ithreach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tsláinte ithreach ina gceantair ithreach uile agus sna haonaid ithreach ghaolmhara bunaithe ar na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an fhaireacháin ithreach dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 le haghaidh gach ceann de na tuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnuithe ar shláinte ithreach gach 6 bliana agus go ndéanfar an chéad mheasúnú ar shláinte ithreach faoin 17 Nollaig 2031.

Airteagal 10 2

2.   Déanfar measúnú ar shláinte ithreach i ndáil le gach gné den díghrádú ithreach agus úsáid á baint as na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus as na truicearluachanna oibríochtúla le haghaidh an chritéir ghaolmhair maidir le riocht sláintiúil ithreach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2), (5) agus (6).

Airteagal 10 3

3.   Déanfaidh na Ballstáit anailís ar na luachanna le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, d’fhonn a shainaithint cé acu atá nó nach bhfuil caillteanas criticiúil seirbhísí éiceachórais ann, agus na sonraí ábhartha agus an t-eolas eolaíoch atá ar fáil á gcur san áireamh. Déanfaidh na Ballstáit anailís ar luachanna na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag séalú ithreach agus baint ithreach ar chaillteanas na seirbhísí éiceachórais agus ar chuspóirí agus spriocanna arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2018/841.

Airteagal 10 4

4.   Féadfaidh na Ballstáit feabhsuithe a shainaithint le haghaidh gach tuairisceora ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A, B agus C.

Airteagal 10 5

5.   Measfar riocht maith a bheith bainte amach i gcás tuairisceoir a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, nuair a chomhlíontar an spriocluach inbhuanaithe neamhcheangailteach. Socróidh na Ballstáit eatramh luachanna le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, ar riocht measartha agus drochriocht iad i ndáil leis na truicearluachanna oibríochtúla. Ní fhéadfaidh ach an t-eatramh le haghaidh riocht measartha a bheith nialasach.

Airteagal 10 6

6.   Bunaithe ar na measúnuithe ar shláinte ithreach arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás inarb ábhartha i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, na limistéir a shainaithint, i ngach ceantar ithreach, nach gcomhlíontar critéir aonair maidir le riocht sláintiúil ithreach iontu agus ina bhfuil gá le tacaíocht do shláinte ithreach agus d’athléimneacht ithreach i gcomhréir le hAirteagal 11, agus cuirfidh siad an pobal ar an eolas, ar leibhéal comhiomlánaithe, i gcomhréir le hAirteagal 20. Beidh na sonraí faireacháin ar shláinte ithreach, torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach agus an anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo mar bhonn eolais d’fhorbairt na gclár, na bpleananna, na spriocanna agus na mbeart a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Airteagal 10 7

7.   Chun rannchuidiú le sláinte ithreach a fheabhsú, déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, na limistéir a shainaithint, i ngach ceantar ithreach, ina bhféadfaí sláinte ithreach a fheabhsú trí dhíshéalú nó trí atógáil ithreach. Déanfar measúnú ar an acmhainneacht atá ag limistéir ithreach séalaithe agus ag limistéir ar a ndearnadh baint ithreach bunaithe ar indéantacht theicniúil, cost-éifeachtúlacht agus an leibhéal insroichte feabhsaithe ar shláinte ithreach.

Airteagal 10 8

8.   I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 20 agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit na sonraí maidir le sláinte ithreach dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 agus torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do na húinéirí talún ábhartha agus do na bainisteoirí talún ábhartha arna iarraidh sin dóibh, go háirithe chun tacú le forbairt na comhairle eolaíochtbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.