12. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do dháileoirí deiridh comhthiomsuithe a fhoirmiú chun a n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 a chomhlíonadh, ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
ní bheidh sna comhthiomsuithe sin níos mó ná 40 % de sciar an mhargaidh atá ag an gcatagóir dí ábhartha;
|
|
(b)
|
ní bheidh níos mó ná cúigear dáileoirí deiridh sna comhthiomsuithe; agus
|
|
(c)
|
ní chumhdóidh na comhthiomsuithe sin ach catagóirí deochanna a chuireann comhaltaí uile na gcomhthiomsuithe ar fáil ar chríoch Bhallstáit.
|
Níl coinníollacha faoi phointe (b) má oibríonn na dáileoirí deiridh faoin ainm branda céanna.
I gcás ina gceadóidh Ballstát do dháileoirí deiridh comhthiomsuithe a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh gach comhthiomsú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit:
|
(a)
|
na dáileoirí deiridh atá ar áireamh sa chomhthiomsú; agus
|
|
(b)
|
an dáileoir deiridh a ceapadh ina bhainisteoir comhthiomsaithe agus ina phointe teagmhála.
|
Féadfaidh na Ballstáit, a chur de cheangal go gcuirfí tuilleadh faisnéise ar fáil atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi mhír 6 a fhorfheidhmiú i gcomhar leis an mír seo.
Áiritheoidh dáileoirí deiridh go gcomhlíonfaidh a socruithe comhthiomsaithe Airteagail 101 agus 102 CFAE. Gan dochar d’infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir leis na comhthiomsuithe sin, áiritheoidh na comhaltaí uile i gcomhthiomsú go háirithe nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise, lena n-áirítear i dtaca le sonraí díolacháin ionchasacha, tarlú i gcomhthéacs a socruithe comhthiomsaithe, ach amháin i ndáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(2) den Rialachán seo.
Faoin 1 Eanáir 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha mionsonraithe agus na ceanglais tuairiscithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na socruithe comhthiomsaithe dá dtagraítear sa mhír seo, a bhunú agus a shonrú, agus cineál agus cainníocht na pacáistíochta a chuireann gach dáileoir deiridh ar an margadh gach bliain féilire agus an suíomh ina bhfuil na dáileoirí deiridh lonnaithe á gcur san áireamh.