+Airteagal 50 Córais aisíoctha éarlaise
---+Airteagal 50 1
---+Airteagal 50 2
---+Airteagal 50 3
---+Airteagal 50 4
---+Airteagal 50 5
---+Airteagal 50 6
---+Airteagal 50 7
---+Airteagal 50 8
---+Airteagal 50 9
---+Airteagal 50 10
---+Airteagal 50 11
---+Airteagal 50 12

Airteagal 50 Córais aisíoctha éarlaise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 50 1

1.   Faoin 1 Eanáir 2029, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ar leithligh ar 90 % ar a laghad in aghaidh na bliana de réir meáchain de na formáidí pacáistíochta seo a leanas a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair sa Bhallstát sin i mbliain féilire ar leith:

(a)

buidéil deochanna aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear; agus

(b)

coimeádáin deochanna miotail aon úsáide de thoilleadh suas le trí lítear.

Féadfaidh na Ballstáit an cainníocht dramhaíola ó phacáistíocht a ghintear ó phacáistíocht a chuirtear ar an margadh a úsáid chun na spriocanna a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, a ríomh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 56(7), pointe (a).

Airteagal 50 2

2.   Chun na spriocanna a leagtar amach mír 1 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbunófar córais aisíoctha éarlaise le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfar éarlais a mhuirearú ag an díolphointe.

Airteagal 50 3

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha in earnáil HORECA a dhíolmhú ó éarlais a mhuirearú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

osclaítear an phacáistíocht lena ngabhann éarlais san áitreabh;

(b)

ídítear an táirge san áitreabh; agus

(c)

tabharfar ar ais ag an áitreabh an phacáistíocht fholamh lena ngabhann éarlais.

Airteagal 50 4

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an bpacáistíocht le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

catagóirí na dtáirgí fíniúna a liostaítear i bpointí 1, 3, 8, 9, 11, 12, 15, 16 agus 17, Cuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó do tháirgí fíona cumhraithe mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 251/2014;

(b)

táirgí atá comhchosúil le táirgí fíona agus táirgí fíona cumhraithe a fhaightear ó thorthaí eile seachas fíonchaora agus ó ghlasraí, agus deochanna coipthe eile a thagann faoi chód AC 2206 00;

(c)

deochanna biotáilleacha alcólbhunaithe a chomhfhreagraíonn do cheannteideal AC 2208;

(d)

bainne agus táirgí bainne a liostaítear i gCuid XVI d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 1308/2013.

De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit buidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus coimeádáin deochanna miotail aon úsáide ag a bhfuil toilleadh níos ísle ná 0,1 lítear a dhíolmhú ó rannpháirtíocht sna córais aisíoctha éarlaise, i gcás nach bhfuil an rannpháirtíocht sin indéanta go teicniúil.

Airteagal 50 5

5.   De mhaolú ar mhír 2, féadfar na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid faoi mhír 2, an chéad fhomhír, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

is é ráta bailiúcháin ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha, mar a éilítear in Airteagal 48 agus mar a chuirtear faoi bhráid gChoimisiúin faoi Airteagal 56(1) pointe (c), 80 % nó níos mó de réir mheáchan na pacáistíochta sin a chuirtear ar fáil den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin i mbliain féilire 2026; agus

(b)

faoin 1 Eanáir 2028, tugann an Ballstát fógra don Choimisiún faoina iarraidh ar dhíolúine agus cuireann sé isteach plean cur chun feidhme ina léirítear straitéis lena ngabhann bearta coincréiteacha lena n-áirítear an amlíne a bhaineann leo lena ndéantar a áirithiú go mbainfear amach an ráta bailiúcháin ar leithligh de 90 % de mheáchan na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1.

Chun críocha phointe (a), i gcás nár cuireadh an fhaisnéis maidir le ráta bailithe ar leithligh na formáide pacáistíochta ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin go fóill, soláthróidh an Ballstát míniú réasúnaithe faoin gcaoi a gcomhlíontar ar shlí eile na coinníollacha maidir leis an díolúine a leagtar amach sa mhír seo. Beidh an míniú réasúnaithe bunaithe ar shonraí náisiúnta bailíochtaithe agus áireofar ann tuairisc ar na bearta arna gcur chun feidhme.

Airteagal 50 6

6.   Laistigh de 3 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme a fháil arna thíolacadh de bhun mhír 3, pointe (b), féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean sin má mheasann sé nach gcomhlíonann an plean cur chun feidhme sin na ceanglais a leagtar amach i mír 3, pointe (b). Déanfaidh an Ballstát plean athbhreithnithe cur chun feidhme a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh ón gCoimisiún a fháil.

Airteagal 50 7

7.   Má laghdaítear an ráta bailiúcháin ar leithligh le haghaidh na pacáistíochta dá dtagraítear i mír 1 i mBallstát agus má fhanann sé faoi bhun 90 % de mheáchan formáide pacáistíochta áirithe arna cur ar an margadh go ceann 3 bliana féilire as a chéile, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát sin nach bhfuil feidhm ag an díolúine a thuilleadh. Bunófar córas aisíoctha éarlaise faoin 1 Eanáir sa dara bliain féilire tar éis na bliana inar thug an Coimisiún fógra don Bhallstát lena mbaineann nach bhfuil feidhm ag an díolúine a thuilleadh.

Airteagal 50 8

8.   Féachfaidh na Ballstáit le córais aisíoctha éarlaise a bhunú agus a chothabháil go háirithe le haghaidh buidéil deochanna gloine aon úsáide, agus cartáin deochanna. Féachfaidh na Ballstáit le háirithiú go mbeidh córais aisíoctha éarlaise le haghaidh formáidí pacáistíochta aon úsáide, go háirithe le haghaidh buidéil deochanna gloine aon úsáide, ar fáil freisin le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch.

Airteagal 50 9

9.   Féadfaidh Ballstát, agus na rialacha ginearálta a leagtar síos in CFAE á gcomhlíonadh aige agus an Rialachán seo chomhlíonadh aige, forálacha a ghlacadh a théann thar na híoscheanglais a leagtar amach san Airteagal seo amhail an fhéidearthacht pacáistíocht a liostaítear i mír 4, agus pacáistíocht le haghaidh táirgí eile nó atá déanta as ábhar eile a áireamh.

Airteagal 50 10

10.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na hionaid fillte agus deiseanna le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte lena ngabhann cuspóir agus formáid cosúil leo siúd arna mbunú faoi mhír 1, go mbeidh siad chomh háisiúil céanna freisin d’úsáideoirí deiridh agus atá deiseanna pacáistíochta aon úsáide a thabhairt ar ais chuig córas aisíoctha éarlaise.

Airteagal 50 11

11.   Faoin 1 Eanáir 2029, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis na scéimeanna aisíoctha éarlaise arna mbunú faoi mhír 2 den Airteagal seo ar a laghad, i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X.

Ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X maidir le scéimeanna aisíoctha éarlaise a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus lena mbaintear amach an sprioc 90 % a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo faoin 1 Eanáir 2029. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfar leis na córais aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X nuair a dhéanfar athbhreithniú orthu den chéad uair. Mura mbainfear amach an sprioc 90 % faoin 1 Eanáir 2029, comhlíonfar leis na córais aisíoctha éarlaise aon úsáide atá ann cheana na híoscheanglais in Iarscríbhinn X faoin 1 Eanáir 2035 ar a dhéanaí.

Faoin 1 Eanáir 2038, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú ar chur chun feidhme an Airteagail seo agus sainaithneoidh sé conas idir-inoibritheacht na gcóras aisíoctha éarlaise a uasmhéadú.

Airteagal 50 12

12.   Ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo sna réigiúin is forimeallaí mar a aithnítear iad in Airteagal 349, an tríú fomhír de CFAE, agus a sainiúlachtaí áitiúla á gcur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.