+Airteagal 69 Iarraidh ar shonraí sláinte
---+Airteagal 69 1
---+Airteagal 69 2
---+Airteagal 69 3
---+Airteagal 69 4

Airteagal 69 Iarraidh ar shonraí sláinte

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 69 1

1.   Féadfaidh an t-iarratasóir ar shonraí sláinte iarraidh ar shonraí sláinte a thíolacadh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 53 agus é mar aidhm aige freagra a fháil i bhformáid staidrimh anaithnidithe amháin. Ní thabharfaidh comhlacht rochtana sonraí sláinte freagra ar iarraidh ar shonraí sláinte in aon fhormáid eile agus ní bheidh aon rochtain ag an úsáideoir sonraí sláinte ar na sonraí leictreonacha sláinte a úsáideadh chun an freagra sin a sholáthar.

Airteagal 69 2

2.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh ar shonraí sláinte dá dtagraítear i mír 1:

(a)

céannacht an iarratasóra ar shonraí sláinte agus tuairisc ar fheidhmeanna gairmiúla agus gníomhaíochtaí an iarratasóra ar shonraí sláinte;

(b)

míniú mionsonraithe ar an úsáid atá beartaithe do na sonraí leictreonacha sláinte, lena n-áirítear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a bhfuil iarraidh ar rochtain déanta ina leith;

(c)

tuairisc ar na sonraí leictreonacha sláinte arna n-iarraidh, a bhformáid agus foinsí na sonraí sin, i gcás inar féidir;

(d)

tuairisc ar inneachar staitistiúil;

(e)

tuairisc ar na coimircí atá beartaithe chun cosc a chur ar aon mhí-úsáid a bhaint as na sonraí leictreonacha sláinte a iarradh;

(f)

tuairisc ar an tslí a ndéanfadh an phróiseáil Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 5(1) agus Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh;

(g)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir ar shonraí sláinte úsáid a bhaint as eisceacht faoi Airteagal 71(3), an t-údar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta ina leith sin de bhun an Airteagail sin.

Airteagal 69 3

3.   Déanfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte measúnú i dtaobh an bhfuil an iarraidh ar shonraí sláinte iomlán agus cuirfidh sé na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 68(2) san áireamh.

Airteagal 69 4

4.   Déanfaidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte measúnú ar an iarraidh ar shonraí sláinte, laistigh de thrí mhí ón iarraidh a fháil agus, i gcás inar féidir, ina dhiaidh sin soláthróidh sé freagra don úsáideoir sonraí sláinte laistigh de thrí mhí eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.