+Airteagal 72 Nós imeachta simplithe le haghaidh rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte ó shealbhóir iontaofa sonraí sláinte
---+Airteagal 72 1
---+Airteagal 72 2
---+Airteagal 72 3
---+Airteagal 72 4
---+Airteagal 72 5
---+Airteagal 72 6
---+Airteagal 72 7
|
Airteagal 72 Nós imeachta simplithe le haghaidh rochtain ar shonraí leictreonacha sláinte ó shealbhóir iontaofa sonraí sláinte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72 1
|
1. I gcás ina bhfaigheann comhlacht rochtana sonraí sláinte iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte de bhun Airteagal 67 nó iarraidh ar shonraí sláinte de bhun Airteagal 69, nach gcumhdaítear leo ach sonraí leictreonacha sláinte atá i seilbh sealbhóir iontaofa sonraí sláinte arna ainmniú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 4 go 6 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 72 2
|
2. Féadann na Ballstáit nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh sealbhóirí sonraí sláinte iarratas a dhéanamh go n-ainmneofaí iad mar shealbhóirí iontaofa sonraí sláinte, ar choinníoll go gcomhlíonann na sealbhóirí sonraí sláinte na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
is féidir leo rochtain ar shonraí sláinte a sholáthar trí thimpeallacht shlán phróiseála a chomhlíonann Airteagal 73;
|
|
(b)
|
tá an saineolas is gá acu chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus ar iarrataí ar shonraí sláinte;
|
|
(c)
|
soláthraíonn siad na ráthaíochtaí is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo.
|
Ainmneoidh na Ballstáit sealbhóirí iontaofa sonraí sláinte tar éis don chomhlacht rochtana sonraí sláinte ábhartha measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.
Bunóidh na Ballstáit nós imeachta chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh i dtaobh an leanann an sealbhóir iontaofa sonraí sláinte de na coinníollacha sin a chomhlíonadh.
Léireoidh comhlachtaí rochtana sonraí sláinte na sealbhóirí iontaofa sonraí sláinte sa chatalóg tacar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 77.
|
|
Airteagal 72 3
|
3. Cuirfear na hiarratais ar rochtain ar shonraí sláinte agus na hiarrataí ar shonraí sláinte dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an chomhlachta rochtana sonraí sláinte, a fhéadfaidh iad a chur ar aghaidh chuig an sealbhóir iontaofa ábhartha sonraí sláinte.
|
|
Airteagal 72 4
|
4. Tar éis iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó iarraidh ar shonraí sláinte a fháil de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an sealbhóir iontaofa sonraí sláinte measúnú ar an iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó ar an iarraidh ar shonraí sláinte i gcoinne na gcritéar a liostaítear in Airteagal 689(1) agus (2) nó in Airteagal 6968(2) agus (3), de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 72 5
|
5. Cuirfidh an sealbhóir iontaofa sonraí sláinte an measúnú a dhéanann sé nó sí de bhun mhír 4, lena ngabhfaidh togra le haghaidh cinnidh, faoi bhráid an chomhlachta rochtana sonraí sláinte laistigh de dhá mhí tar éis an t-iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó an iarraidh ar shonraí sláinte a fháil ón gcomhlacht rochtana sonraí sláinte. Laistigh de dhá mhí ón measúnú a fháil, eiseoidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte cinneadh maidir leis an iarratas ar rochtain ar shonraí sláinte nó an iarraidh ar shonraí sláinte. Ní bheidh an comhlacht rochtana sonraí sláinte faoi cheangal ag an togra arna thíolacadh ag an sealbhóir iontaofa sonraí sláinte.
|
|
Airteagal 72 6
|
6. Tar éis chinneadh an chomhlachta rochtana sonraí sláinte an cead sonraí a eisiúint nó an iarraidh ar shonraí sláinte a fhormheas, déanfaidh an sealbhóir iontaofa sonraí sláinte na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointí (a)(i) agus (b).
|
|
Airteagal 72 7
|
7. Féadfaidh seirbhís rochtana sonraí sláinte an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 56 sealbhóirí sonraí sláinte arb institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo a ainmniú mar shealbhóirí iontaofa sonraí sláinte. I gcás ina ndéanann sí amhlaidh, beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2, an tríú agus an ceathrú fomhír, agus míreanna 3 go 6 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.03.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0327
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|