4. Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach i gcónaí. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge chomh maith le hathruithe ar na modhanna tástála a ndearbhaítear comhréireacht táirge trína mbíthin.
Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir le feidhmíocht nó maidir leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó dromchlaghníomhaí, déanfaidh na monaróirí tástáil shamplach ar an nglantach sin nó ar an dromchlaghníomhaí sin, imscrúdóidh siad gearáin agus, más gá, coimeádfaidh siad clár um ghearáin maidir le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe neamh-chomhlíontacha agus maidir le haisghairm na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán mar sin.