|
+IARSCRÍBHINN II INFHEISTEOIRÍ SOFAISTICIÚLA CHUN CRÍOCH AN RIALACHÁIN SEO |
IARSCRÍBHINN II INFHEISTEOIRÍ SOFAISTICIÚLA CHUN CRÍOCH AN RIALACHÁIN SEOIARSCRÍBHINN II INFHEISTEOIRÍ SOFAISTICIÚLA CHUN CRÍOCH AN RIALACHÁIN SEO I. Critéir sainaitheantais Is infheisteoir sofaisticiúil infheisteoir ag a bhfuil feasacht ar na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i margaí caipitil agus ag a bhfuil acmhainní leordhóthanacha chun tabhairt faoi na rioscaí sin gan é féin a fhágáil ar neamhchosaint ar iarmhairtí iomarcacha airgeadais. Féadfar infheisteoirí a chatagóiriú mar infheisteoirí sofaisticiúla i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir sainaitheantais a leagtar amach sa Roinn seo, agus má leantar an nós imeachta a leagtar amach i Roinn II. Measfar gur infheisteoirí sofaisticiúla na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas sna seirbhísí uile a thairgeann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo:
II. Iarraidh go gcaithfí le hinfheisteoir mar infheisteoir sofaisticiúil Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin teimpléad ar fáil dá gcuid infheisteoirí lena bhféadfaidh infheisteoir iarraidh a thíolacadh le go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil. Beidh sa teimpléad na critéir sainaitheantais a leagtar amach i Roinn I agus rabhadh soiléir ina sonraítear an chosaint infheisteora a chaillfidh infheisteoir sofaisticiúil de thoradh a chatagóirithe sa cháil sin. Beidh san iarraidh chun go gcaithfí le hinfheisteoir mar infheisteoir sofaisticiúil an méid seo a leanas:
Déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin bearta réasúnta chun a áirithiú go gcáilíonn an t-infheisteoir mar infheisteoir sofaisticiúil agus cuirfidh sé beartais inmheánacha iomchuí i scríbhinn chun feidhme agus infheisteoirí á gcatagóiriú aige. Déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an iarraidh a fhormheas mura bhfuil amhras réasúnta air go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarraidh ceart. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin in iúl go sonrach dona hinfheisteoirí ach a stádas a bheith daingnithe. Beidh an formheas dá dtagraítear sa tríú mír bailí ar feadh dhá bhliain. Déanfaidh infheisteoirí ar mian leo stádas infheisteora sofaisticiúil a choinneáil tar éis dhul in éag thréimhse bhailíochta iarraidh nua a thíolacadh chuig an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Beidh sé de chúram ar na hinfheisteoirí sofaisticiúla an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a choinneáil ar an eolas maidir le haon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá gcatagóiriú. I gcás ina bhfaighidh soláthraí na seirbhísí sluachistiúcháin amach, nach gcomhlíonann an t-infheisteoir a thuilleadh na coinníollacha tosaigh a bhí ann, is iad sin go raibh an t-infheisteoir i dteideal go gcaithfí leis mar infheisteoir sofaisticiúil, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-infheisteoir ar an eolas go gcaithfear leis mar infheisteoir neamhshofaisticiúil. III. Infheisteoirí sofaisticiúla ar cliaint ghairmiúla iad De mhaolú ar an nós imeachta a leagtar amach i Roinn II den Iarscríbhinn seo, measfar gur infheisteoirí sofaisticiúla iad eintitis dá dtagraítear i bpointí (1) go (4) de Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/EU i gcás ina soláthróidh siad cruthúnas ar a stádas mar ghairmiúlaithe don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|