+IARSCRÍBHINN IV LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS THALMHAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(2)

IARSCRÍBHINN IV LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS THALMHAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(2)

IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS THALMHAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(2)

Táscaire

Tuairisc, aonaid agus modheolaíocht chun an táscaire a chinneadh agus faireachán a dhéanamh air

Innéacs féileacán féarthalún

Tuairisc: Tá an táscaire seo comhdhéanta de speicis a mheastar a bheith ina saintréith d’fhéarthailte Eorpacha agus a fhaightear i gcuid mhór den Eoraip, a chumhdaítear le formhór na Scéimeanna um Fhaireachán ar Fhéileacáin. Tá sé bunaithe ar an meán geoiméadrach de threochtaí speiceas.

Aonad: Innéacs.

Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid Butterfly Conservation Europe, Van Swaay, C.A.M, Assessing Butterflies in Europe – Butterfly Indicators 1990-2018, Tuarascáil Theicniúil, Butterfly Conservation Europe, 2020.

Stoc an charbóin orgánaigh in ithreacha mianracha talún curaíochta

Tuairisc: Leis an táscaire seo, tugtar tuairisc ar an stoc de charbón orgánach in ithreacha mianracha talún curaíochta ag doimhneacht 0 go 30 cm.

Aonad: Tonaí carbóin orgánaigh/ha.

Modheolaíocht: mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardal Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, agus arna tacú ag an suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS) Ithir, Jones A. et al., LUCAS Soil 2022, tuarascáil theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.

Sciar na talún talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta

Tuairisc: Is gnéithe d’fhásra buan nádúrtha nó leathnádúrtha i gcomhthéacs talmhaíochta ina gcuirtear seirbhísí éiceachórais agus tacaíocht do bhithéagsúlacht ar fáil iad gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta, amhail, stiallacha maolánacha, fálta sceach, crainn aonair nó grúpaí crann, sraitheanna crann, corrlaigh pháirce, paistí, díoga, sruthanna, bogaigh bheaga, ardáin, cairn, ballaí cloiche, locháin bheaga agus gnéithe cultúrtha.

Chun é sin a dhéanamh, ní mór gnéithe tírdhreacha a bheith faoi réir a laghad suaite sheachtraigh dhiúltaigh agus is féidir chun gnáthóga sábháilte a sholáthar do thacsóin éagsúla, agus dá bhrí sin ní mór dóibh na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ní féidir iad a bheith faoi úsáid tháirgiúil talmhaíochta (lena n-áirítear táirgeadh féaraigh nó farae), ach amháin más gá an úsáid sin chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú; agus

(b)

níor cheart leasachán nó cóireáil lotnaidicídí a chur orthu, ach amháin cóireáil ionchuir ísil le haoileach soladach.

Is féidir talamh atá á fhágáil bán a mheas, lena n-áirítear go sealadach, mar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta má chomhlíonann sé na critéir a leagtar amach faoi phointí (a) agus (b) thuas den dara mír. Is féidir a mheas freisin gur gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta iad crainn tháirgiúla atá mar chuid de chórais agrafhoraoiseachta inbhuanaithe nó crainn i sean-úlloird mhóra ar fhéarlach buan agus gnéithe táirgiúla i bhfálta, má chomhlíonann siad critéar a leagtar amach faoi phointe (b) den dara mír, agus más rud é nach ndéantar an fómhar ach tráth nach gcuirfeadh sé isteach ar leibhéil arda bithéagsúlachta.

Aonad: Faoin gcéad (scair den Limistéar Talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh Feirmeoireachta).

Modheolaíocht: mar a forbraíodh faoi tháscaire I.21, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, mar a bunaíodh ar an leagan is nuashonraithe de LUCAS le haghaidh gnéithe tírdhreacha, Ballin M. et al., Redesign sample for Land Use/Cover Area frame Survey (LUCAS), Eurostat 2018, agus le haghaidh na talún a fhágtar bán, Farm Structure, Reference Metadata in Single Integrated Metadata Structure, foilseachán ar líne, Eurostat, agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta nach gcumhdaítear leis an modheolaíocht thuas, modheolaíocht arna forbairt ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14(7) den Rialachán seo.

Déantar modheolaíocht LUCAS a nuashonrú ar bhonn rialta chun feabhas a chur ar iontaofacht na sonraí arna n-úsáid san Aontas agus ar an leibhéal náisiúnta ag na Ballstáit agus a bpleananna athchóirithe náisiúnta á gcur chun feidhme acu.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.