+Airteagal 21 Éagumas chun an ceanglas bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
---+Airteagal 21 3
---+Airteagal 21 4
|
Airteagal 21 Éagumas chun an ceanglas bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. I gcás nach féidir le heintiteas faoi oibleagáid an ceanglais chun bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1) a chomhlíonadh, staonfaidh sé ó idirbheart a dhéanamh nó gaolmhaireacht gnó a bhunú, agus foirceannfaidh sé an ghaolmhaireacht gnó agus breithneoidh sé idirbheart amhrasach a thuairisciú don FIU i ndáil leis an gcustaiméir i gcomhréir le hAirteagal 69.
Ní chuirfidh foirceannadh gaolmhaireachta gnó de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo toirmeasc ar chistí a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 atá dlite don eintiteas faoi oibleagáid.
I gcás ina bhfuil sé de dhualgas ar eintiteas faoi oibleagáid sócmhainní a chustaiméara a chosaint, ní thuigfear le foirceannadh na gaolmhaireachta gnó go n-éilítear diúscairt shócmhainní an chustaiméara.
I gcás conarthaí árachais saoil, staonfaidh eintitis faoi oibleagáid, i gcás inar gá sin a dhéanamh in áit an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, ó idirbhearta a dhéanamh don chustaiméir, lena n-áirítear íocaíochtaí amach le tairbhithe, go dtí go gcomhlíonfar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1).
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí neamhspleácha eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha ná comhairleoirí cánach, a mhéid a fhionnfaidh na daoine sin staid dhlíthiúil a gcliaint, nó go ndéanfaidh siad an cliant a chosaint nó go ndéanfaidh siad ionadaíocht dó nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a sholáthar chun na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina ndéanann na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear inti an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bíonn siad páirteach i sciúradh airgid, ina chionta preideacáide, nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta;
|
|
(b)
|
tugann siad comhairle dlí chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta, nó
|
|
(c)
|
bíonn a fhios acu go bhfuil comhairle dlí á lorg ag an gcliant chun críoch sciúrtha airgid, a chionta preideacáide nó maoinithe sceimhlitheoireachta; is féidir eolas nó cuspóir a thuiscint as imthosca fíorasacha oibiachtúla.
|
|
|
Airteagal 21 3
|
3. Coimeádfaidh eintitis faoi oibleagáid taifid ar na gníomhaíochtaí a dhéanann siad chun an ceanglas a chomhlíonadh bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear taifid ar chinntí a glacadh agus ar na doiciméid tacaíochta ábhartha agus ar na húdair leo. Nuashonrófar doiciméid, sonraí nó faisnéis i seilbh an eintitis faoi oibleagáid nuair a dhéantar athbhreithniú ar an dícheall cuí do chustaiméirí de bhun Airteagal 26.
Beidh feidhm ag an oibleagáid taifid a choimeád dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le cásanna ina ndiúltaíonn eintitis faoi oibleagáid dul i mbun gaolmhaireacht gnó, gaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh nó bearta malartacha a chur i bhfeidhm de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 21 4
|
4. Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte comhpháirteacha leis an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na bearta a fhéadfaidh institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus ceanglais Threoir 2014/92/AE á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear i ndáil le gaolmhaireachtaí gnó ar mó a ndéanann cleachtais dí-rioscaithe difear dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|