|
+Airteagal 21 1 |
Airteagal 21 11. I gcás nach féidir le heintiteas faoi oibleagáid an ceanglais chun bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1) a chomhlíonadh, staonfaidh sé ó idirbheart a dhéanamh nó gaolmhaireacht gnó a bhunú, agus foirceannfaidh sé an ghaolmhaireacht gnó agus breithneoidh sé idirbheart amhrasach a thuairisciú don FIU i ndáil leis an gcustaiméir i gcomhréir le hAirteagal 69. Ní chuirfidh foirceannadh gaolmhaireachta gnó de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo toirmeasc ar chistí a fháil mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 atá dlite don eintiteas faoi oibleagáid. I gcás ina bhfuil sé de dhualgas ar eintiteas faoi oibleagáid sócmhainní a chustaiméara a chosaint, ní thuigfear le foirceannadh na gaolmhaireachta gnó go n-éilítear diúscairt shócmhainní an chustaiméara. I gcás conarthaí árachais saoil, staonfaidh eintitis faoi oibleagáid, i gcás inar gá sin a dhéanamh in áit an ghaolmhaireacht gnó a fhoirceannadh, ó idirbhearta a dhéanamh don chustaiméir, lena n-áirítear íocaíochtaí amach le tairbhithe, go dtí go gcomhlíonfar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|