+Airteagal 33 Bearta díchill chuí simplithe
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
---+Airteagal 33 5
|
Airteagal 33 Bearta díchill chuí simplithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1
|
1. I gcás inar leibhéal íseal riosca a bhaineann leis an ngaolmhaireacht gnó nó leis an idirbheart, agus na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III á gcur san áireamh, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid na bearta díchill chuí simplithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
céannacht an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil a fhíorú i ndiaidh don ghaolmhaireacht gnó a bheith bunaithe, ar choinníoll gur thug an riosca sonrach níos ísle a sainaithníodh údar leis an iarchur sin, ach in aon chás tráth nach déanaí ná 60 lá ó bunaíodh an ghaolmhaireacht;
|
|
(b)
|
laghdú a chur ar an minicíocht a thugtar sonraí céannachta na gcustaiméirí cothrom le dáta;
|
|
(c)
|
laghdú a chur ar an méid faisnéise a bhailítear chun cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh a shainaithint, nó an fhaisnéis a thuiscint as cineál na n-idirbheart nó na gaolmhaireachta gnó a bunaíodh;
|
|
(d)
|
laghdú a chur ar mhinicíocht nó méid an ghrinnscrúdaithe a dhéantar ar idirbhearta a dhéanann an custaiméir;
|
|
(e)
|
aon bheart díchill chuí simplithe ábhartha eile a shainaithníonn AMLA de bhun Airteagal 28 a chur i bhfeidhm.
|
Beidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhréireach le cineál agus méid an ghnó agus le gnéithe sonracha an riosca níos ísle a sainaithníodh. Mar sin féin, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid faireachán leordhóthanach ar na hidirbhearta agus ar an ngaolmhaireacht gnó chun go bhféadfar idirbhearta neamhghnácha nó amhrasacha a bhrath.
|
|
Airteagal 33 2
|
2. Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid go gcuimseofar sna nósanna imeachta inmheánacha arna mbunú de bhun Airteagal 9 na bearta sonracha maidir le fíorú simplithe a dhéanfar i ndáil leis na cineálacha difriúla custaiméirí lena mbaineann riosca níos ísle. Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a thaifeadadh chun tosca breise maidir le riosca níos ísle a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 33 3
|
3. Chun na bearta díchill chuí simplithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a chur i bhfeidhm, glacfaidh eintitis faoi oibleagáid nósanna imeachta bainistíochta riosca maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad seirbhísí a chur ar fáil nó idirbhearta a dhéanamh do chustaiméir sula ndéantar an fíorú, lena n-áirítear trí bhíthin teorainn a chur ar mhéid, líon nó cineálacha na n-idirbheart is féidir a dhéanamh nó trí bhíthin faireachán a dhéanamh ar idirbhearta lena áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na noirm ionchasacha don ghaolmhaireacht gnó i gceist.
|
|
Airteagal 33 4
|
4. Déanfaidh eintitis faoi oibleagáid a fhíorú ar bhonn rialta gur ann fós do na coinníollacha maidir le bearta díchill chuí simplithe a chur i bhfeidhm. Beidh minicíocht an bhfíoruithe sin i gcomhréir le cineál agus méid an ghnó agus leis na rioscaí a bhaineann leis an ngaolmhaireacht shonrach.
|
|
Airteagal 33 5
|
5. Staonfaidh eintitis faoi oibleagáid ó bhearta díchill chuí simplithe a chur i bhfeidhm in aon cheann de na cásanna a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina mbeidh amhras ar na heintitis faoi oibleagáid maidir le fírinneacht na faisnéise arna cur ar fáil ag an gcustaiméir nó ag an úinéir tairbhiúil ag an gcéim sainaitheanta, nó ina mbraithfidh siad neamhréireachtaí maidir leis an bhfaisnéis sin;
|
|
(b)
|
i gcás nach bhfuil na tosca a léiríonn riosca níos ísle ann a thuilleadh;
|
|
(c)
|
i gcás ina n-eisítear cás a bhféadfadh riosca níos ísle a bheith i gceist leis trí bhíthin an fhaireacháin ar idirbhearta an chustaiméara agus an fhaisnéis a bhailítear i gcomhthéacs na gaolmhaireachta gnó;
|
|
(d)
|
i gcás ina bhfuil amhras ann faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.
|
|
(e)
|
i gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil an custaiméir, nó an duine atá ag gníomhú thar ceann an chustaiméara, ag iarraidh dul timpeall ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe nó iad a sheachaint.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|