+Airteagal 40 Bearta chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hidirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte
---+Airteagal 40 1
---+Airteagal 40 2

Airteagal 40 Bearta chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hidirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó a thagann ó sheoladh féinóstáilte a shainaithint agus a mheasúnú. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.

Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí a sainaithníodh. Áireofar ar na bearta maolaitheacha sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin, nó chuig seoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin, a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trína bheith ag brath ar thríú páirtithe;

(b)

faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní;

(c)

faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar idirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte;

(d)

aon bheart eile chun maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta mar aon le maolú agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.

Airteagal 40 2

2.   Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte chun na bearta maolaitheacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, lena n-áirítear:

(a)

na critéir agus na modhanna chun céannacht thionscnóir nó thairbhí an aistrithe arna dhéanamh ó sheoladh féinóstáilte nó chuig seoladh féinóstáilte a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trína bheith ag brath ar thríú páirtithe, agus na forbairtí teicneolaíochta is déanaí á gcur san áireamh;

(b)

critéir agus modhanna chun a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil an seoladh féinóstáilte faoi úinéireacht nó faoi rialú custaiméara.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas