1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó a thagann ó sheoladh féinóstáilte a shainaithint agus a mheasúnú. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí a sainaithníodh. Áireofar ar na bearta maolaitheacha sin ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin, nó chuig seoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin, a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trína bheith ag brath ar thríú páirtithe;
|
|
(b)
|
faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní;
|
|
(c)
|
faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar idirbhearta ag a bhfuil seoladh féinóstáilte;
|
|
(d)
|
aon bheart eile chun maolú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoireachta mar aon le maolú agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint.
|