+Airteagal 122a Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe
---+Airteagal 122a 1.
---+Airteagal 122a 2.
---+Airteagal 122a 3.
---+Airteagal 122a 4.
|
Airteagal 122a Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 122a 1.
|
Laistigh den aicme neamhchosanta ar chorparáidí dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (g), déanfaidh institiúidí neamhchosaintí a bhfuil na tréithe uile seo a leanas acu a shainaithint ar leithligh mar neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe:
(a)
is neamhchosaint ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiceacha a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is neamhchosaint í atá inchomparáide go heacnamaíoch le neamhchosaint mar sin;
(b)
níl baint ag an neamhchosaint le maoiniú réadmhaoine cónaithe nó réadmhaoine dochorraithe tráchtála agus tá sí laistigh de na sainmhínithe ar mhaoiniú réada, ar mhaoiniú tionscadail nó ar neamhchosaintí ar mhaoiniú tráchtearraí a leagtar síos i mír 3;
(c)
tugann na socruithe conarthacha lena rialaítear an oibleagáid a bhaineann leis an neamhchosaint smacht áirithe don institiúid ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;
(d)
is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide a bhaineann leis an neamhchosaint ná an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní atá á maoiniú, seachas an acmhainneacht neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.
|
|
Airteagal 122a 2.
|
Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe a bhfuil measúnú creidmheasa is infheidhme go díreach a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1.
Tábla 1
|
Céim na cáilíochta creidmheasa
|
1
|
2
|
3
|
4
|
5
|
6
|
|
Ualú riosca
|
20 %
|
50 %
|
75 %
|
100 %
|
150 %
|
150 %
|
|
|
Airteagal 122a 3.
|
Neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe is infheidhme go díreach ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh mar a leanas:
(a)
i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe maoiniú a sholáthar chun sócmhainní fisiceacha a fháil, lena n-áirítear longa, aerárthaí, satailítí, cairr iarnróid agus cabhlaigh, agus ina mbeidh an t-ioncam a ghinfear leis na sócmhainní sin i bhfoirm sreabha airgid arna nginiúint ag na sócmhainní fisiceacha sonracha atá maoinithe agus geallta nó sannta don iasachtóir (“neamhchosaintí um maoiniú réada”), cuirfidh na hinstitiúidí ualú riosca 100 % i bhfeidhm;
(b)
i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe maoiniú gearrthéarmach a sholáthar le haghaidh cúlchistí, fardal nó infháltais i leith tráchtearraí arna dtrádáil ar an stocmhalartán, lena n-áirítear amhola, miotail nó barra, agus inarb é an t-ioncam atá le giniúint leis na cúlchistí, fardail nó infháltais sin na fáltais ón tráchtearra a dhíol (“neamhchosaintí um maoiniú tráchtearraí”), cuirfidh na hinstitiúidí ualú riosca 100 % i bhfeidhm;
(c)
i gcás inarb é is cuspóir do neamhchosaint ar iasachtú speisialaithe tionscadal aonair a mhaoiniú, bíodh sé i bhfoirm maoiniú chun suiteáil chaipitil nua a thógáil, nó suiteáil atá ann cheana a athmhaoiniú, le feabhsuithe nó gan feabhsuithe, chun suiteálacha móra, casta agus costasacha a fhorbairt nó a fháil, lena n-áirítear gléasraí cumhachta, gléasraí próiseála ceimiceán, mianaigh, bonneagar iompair, timpeallacht agus bonneagar teileachumarsáide, ina bhféachann an institiúid iasachtaí go príomha ar an ioncam a ghinfidh an tionscadal maoinithe, bíodh sé mar fhoinse aisíocaíochta agus mar urrús don iasacht (“neamhchosaintí um maoiniú tionscadail”), cuirfidh na hinstitiúidí na hualuithe riosca seo a leanas i bhfeidhm:
(i)
130 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim réamhoibriúcháin;
(ii)
ar choinníoll nach gcuirtear i bhfeidhm an coigeartú ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 501a, 80 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim oibriúcháin agus ina gcomhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na critéir seo a leanas:
(1)
tá srianta conarthacha le cumas an oibleagáideora gníomhaíochtaí a dhéanamh lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d’iasachtóirí, lena n-áirítear an srian nach féidir fiacha nua a eisiúint gan cead ó sholáthraithe féich atá ann cheana;
(2)
tá cúlchistí leordhóthanacha ag an oibleagáideoir atá cistithe go hiomlán le hairgead tirim, nó socruithe airgeadais eile le heintiteas, chun an cistiú teagmhasach agus na riachtanais caipitil oibre a chumhdach le linn shaolré an tionscadail atá á mhaoiniú, ar choinníoll go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach don eintiteas sin atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad, ar choinníoll go ndéanann an institiúid rátáil inmheánach ar an eintiteas sin i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;
(3)
gineann an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sreabha airgid atá intuartha agus lena gcumhdaítear na haisíocaíochtaí iasachta uile a bheidh ann amach anseo;
(4)
i gcás nach gcistítear ioncam an oibleagáideora le híocaíochtaí ó líon mór úsáideoirí, braitheann foinse aisíocaíochta na hoibleagáide ar phríomh-chontrapháirtí amháin agus is ceann díobh seo a leanas an príomh-chontrapháirtí sin:
—
banc ceannais, rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil ar choinníoll go sanntar ualú riosca 0 % dóibh i gcomhréir le hAirteagail 114 agus 115 nó go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa dar méid 3 ar a laghad dóibh; nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an mbanc ceannais, ag an rialtas láir, ag an rialtas réigiúnach nó ag an údarás áitiúil ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad dóibh, ar an gcoinníoll go bhfuil siad rátáilte go hinmheánach ag an institiúid i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;
—
eintiteas earnála poiblí ar choinníoll go sannann IMCS ainmnithe ualú riosca 20 % nó níos lú don eintiteas sin i gcomhréir le hAirteagal 116, nó go sannann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas earnála poiblí sin ó IMCS aitheanta, sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach atá coibhéiseach le céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad don eintiteas, ar choinníoll go ndéanann an institiúid an t-eintiteas earnála poiblí sin a rátáil go hinmheánach i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 6;
—
eintiteas corparáideach ar shann IMCS aitheanta rátáil IMCS ag a bhfuil céim cáilíochta creidmheasa 3 ar a laghad dó, nó, i gcás institiúidí a ríomhann méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcomhréir le Caibidil 3, i gcás nach bhfuil measúnú creidmheasa ag an eintiteas corparáideach ó IMCS aitheanta, go sannann an institiúid rátáil chreidmheasa inmheánach don eintiteas corparáideach sin atá coibhéiseach le céim 3 ar a laghad den cháilíocht chreidmheasa, ar choinníoll go ndéanann an institiúid rátáil inmheánach ar an eintiteas corparáideach sin i gcomhréir le forálacha Chaibidil 3, Roinn 6;
(5)
foráiltear leis na forálacha conarthacha lena rialaítear an neamhchosaint ar an oibleagáideoir maidir le leibhéal ard cosanta don institiúid iasachtaí i gcás ina mainníonn an t-oibleagáideoir;
(6)
déanann an príomh-chontrapháirtí, nó na contrapháirtithe eile a chomhlíonann na critéir incháilitheachta ar an gcaoi chéanna maidir leis an bpríomh-chontrapháirtí, an institiúid iasachtaí a chosaint go héifeachtach ar chaillteanais a bheadh mar thoradh ar fhoirceannadh an tionscadail;
(7)
tá na sócmhainní agus na conarthaí uile is gá chun an tionscadal a fheidhmiú geallta don institiúid iasachtaí a mhéid is a cheadaítear de réir an dlí is infheidhme;
(8)
is féidir leis an institiúid iasachtaí smacht a ghlacadh ar an eintiteas oibleagáideora i gcás teagmhas mainneachtana;
(iii)
100 % i gcás ina bhfuil an tionscadal lena mbaineann an neamhchosaint sa chéim oibriúcháin agus nach gcomhlíonann an neamhchosaint na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (ii);
(d)
chun críocha phointe (c)(ii)(3), ní mheasfar gurb intuartha na sreabha airgid a ghintear mura gcomhlíonann cuid shubstaintiúil de na hioncaim ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
tá an t-ioncam “bunaithe ar infhaighteacht”, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-oibleagáideoir, a luaithe a bheidh an tógáil curtha i gcrích agus a fhad agus a chomhlíontar na coinníollacha conarthacha, i dteideal íocaíochtaí óna chontrapháirtithe conarthacha a chumhdaíonn costais oibriúcháin agus chothabhála, costais fiachsheirbhíse agus tuairisceáin chothromais de réir mar a oibríonn an t-oibleagáideoir an tionscadal, agus nach mbíonn na híocaíochtaí sin faoi réir luascadh éilimh, mar shampla, leibhéil tráchta, agus nach ndéantar iad a choigeartú de ghnáth ach d’easpa feidhmíochta nó d’easpa infhaighteachta na sócmhainne don phobal;
(ii)
tá na hioncaim faoi réir rialáil ráta fáltais;
(iii)
tá na hioncaim faoi réir conradh lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta;
(e)
chun críocha phointe (c), ciallóidh an chéim oibriúcháin an chéim ina gcomhlíonann an t-eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun an tionscadal a mhaoiniú, nó atá inchomparáide ó thaobh eacnamaíochta de, an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
tá glan-sreabhadh airgid thirim dearfach ag an eintiteas, atá leordhóthanach chun aon oibleagáid chonarthach atá fágtha a chumhdach;
(ii)
tá fiachas fadtéarmach atá ag dul i laghad ag an eintiteas.
|
|
Airteagal 122a 4.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ar bhealach níos mionsonraithe fós na coinníollacha faoina gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach i mír 3, pointe (c)(ii). Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|