+Airteagal 317 Tacar sonraí maidir le caillteanas
---+Airteagal 317 1.
---+Airteagal 317 2.
---+Airteagal 317 3.
---+Airteagal 317 4.
---+Airteagal 317 5.
---+Airteagal 317 6.
---+Airteagal 317 7.
---+Airteagal 317 8.
---+Airteagal 317 9.
---+Airteagal 317 10.

Airteagal 317 Tacar sonraí maidir le caillteanas

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 317 1.
I gcás institiúidí a ríomhann caillteanas riosca oibriúcháin bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 316(1), beidh socruithe, próisis agus sásraí i bhfeidhm acu chun tacar sonraí maidir le caillteanas a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, ina dtiomsófar, i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin arna thaifeadadh, méideanna an chaillteanais chomhláin, gnóthuithe nach gnóthuithe árachais iad, gnóthuithe árachais, dátaí tagartha agus caillteanais ghrúpáilte, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as teagmhais mhí-iompair,.
Airteagal 317 2.
Gabhfaidh tacar sonraí na hinstitiúide maidir le caillteanas gach teagmhas riosca oibriúcháin a eascraíonn as na heintitis uile atá faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.
Airteagal 317 3.

Chun críoch mhír 1, déanfaidh institiúidí:

(a) 

gach teagmhas riosca oibriúcháin arna thaifeadadh i gcaitheamh bliain amháin airgeadais nó i gcaitheamh blianta iomadúla airgeadais a chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas;

(b) 

dáta na cuntasaíochta a úsáid chun caillteanais a bhaineann le teagmhais riosca oibriúcháin a chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas;

(c) 

caillteanais agus gnóthuithe gaolmhara i gcás teagmhais riosca oibriúcháin chomhchoitinn nó teagmhais riosca oibriúcháin ghaolmhara thar thréimhse ama, arna mbreacadh sna cuntais thar bhlianta éagsúla, a leithdháileadh ar na blianta airgeadais comhfhreagracha sa tacar sonraí maidir le caillteanas, i gcomhréir lena láimhseáil chuntasaíochta.

Airteagal 317 4.

Baileoidh na hinstitiúidí freisin:

(a) 

faisnéis maidir le dátaí tagartha na dteagmhas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear:

(i) 

an dáta a tharla an teagmhas riosca oibriúcháin nó a thosaigh sé ar dtús (“dáta an tarlaithe”), i gcás ina bhfuil fáil air sin;

(ii) 

an dáta a tháinig an institiúid ar an eolas faoin teagmhas riosca oibriúcháin (“dáta an aimsithe”);

(iii) 

an dáta nó na dátaí a tharlaíonn caillteanas de dheasca teagmhais riosca oibriúcháin, nó a dhéantar cúlchiste nó soláthar in aghaidh caillteanais, arna aithint i gcuntais bhrabúis agus chaillteanais na hinstitiúide (“dáta na cuntasaíochta”);

(b) 

faisnéis maidir le haon ghnóthú ar mhéideanna caillteanais chomhláin mar aon le faisnéis thuairisciúil faoi na cúiseanna a bhí leis na teagmhais chaillteanais nó faoi na gníomhaithe a spreag iad.

Beidh an líon mionsonraí san fhaisnéis thuairisciúil i gcomhréir le méid an chaillteanais chomhláin.

Airteagal 317 5.
Teagmhais riosca oibriúcháin a bhaineann le riosca creidmheasa agus atá curtha san áireamh sa mhéid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca don riosca creidmheasa, ní dhéanfaidh institiúid iad a chur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas. Teagmhais riosca oibriúcháin a bhaineann le riosca creidmheasa ach nach bhfuil curtha san áireamh sa mhéid neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca don riosca creidmheasa, áireofar iad sa tacar sonraí maidir le caillteanas.
Airteagal 317 6.
Teagmhais riosca oibriúcháin a bhaineann le riosca margaidh, déanfar iad a láimhseáil mar riosca oibriúcháin agus áireofar iad sa tacar sonraí maidir le caillteanas.
Airteagal 317 7.
Arna iarraidh sin don údarás inniúil, beidh institiúid in ann a sonraí stairiúla maidir le caillteanas inmheánach a mhapáil ar an gcineál teagmhais.
Airteagal 317 8.

Chun críocha an Airteagail seo, áiritheoidh institiúidí fóntacht, stóinseacht agus feidhmíocht a gcóras agus a mbonneagair TF is gá chun an tacar sonraí maidir le caillteanas a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe tríd an méid seo a leanas ar fad a áirithiú:

(a) 

tá a gcórais agus a mbonneagar fónta agus athléimneach agus féadtar an fhóntacht agus an athléimneacht sin a choinneáil ar bun go leanúnach;

(b) 

tá a gcórais agus a mbonneagar TF faoi réir próisis bainistithe cumraíochta, bainistithe athruithe agus bainistithe scaoilte;

(c) 

i gcás ina seachfhoinsíonn institiúid codanna de chothabháil a gcóras agus a mbonneagair TF, áirithítear fóntacht, stóinseacht agus feidhmíocht na gcóras agus an bhonneagair TF tríd an méid seo a leanas ar a laghad a dheimhniú:

(i) 

tá a córais agus a mbonneagar fónta agus athléimneach agus féadtar an fhóntacht agus an athléimneacht sin a choinneáil ar bun go leanúnach;

(ii) 

tá an próiseas atá ann chun na córais agus an bonneagar TF a phleanáil, a chruthú, a thástáil agus a chur chun feidhme fónta agus cuí i dtaca le bainistíocht tionscadal, bainistiú riosca, rialachas, innealtóireacht, dearbhú cáilíochta agus pleanáil tástála, forbairt agus samhaltú córas, dearbhú cáilíochta i ngach gníomhaíocht, lena n-áirítear athbhreithnithe ar chóid agus i gcás inarb iomchuí, fíorúchán cóid, agus tástáil, lena n-áirítear glacadh i measc úsáideoirí;

(iii) 

tá a córais agus a mbonneagar TF faoi réir próisis bainistithe cumraíochta, bainistithe athruithe agus bainistithe scaoilte;

(iv) 

formheasann an comhlacht bainistíochta nó an lucht bainistíochta sinsearaí an próiseas atá ann chun na córais agus an bonneagar TF a phleanáil, a chruthú, a thástáil agus a chur chun feidhme agus cuirtear ar an eolas iad go tráthrialta faoi na córais TF agus faoi fheidhmíocht an bhonneagair.

Airteagal 317 9.
Chun críocha mhír 7, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena mbunófar tacsanomaíocht riosca maidir le riosca oibriúcháin atá i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus modheolaíocht chun na teagmhais chaillteanais arna gcur san áireamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas a aicmiú de réir na tacsanomaíochta riosca sin maidir le riosca oibriúcháin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 317 10.
Chun críocha mhír 8, forbróidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ina míneofar na gnéithe teicniúla is gá chun fóntacht, stóinseacht agus feidhmíocht na socruithe rialachais chun an tacar sonraí maidir le caillteanas a choinneáil ar bun a áirithiú, ina mbeidh fócas ar leith ar chórais agus ar bhonneagair TF.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas