+Airteagal 2 Eintitis airgeadais a shainaithint a gceanglaítear orthu TLPT a dhéanamh
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3

Airteagal 2 Eintitis airgeadais a shainaithint a gceanglaítear orthu TLPT a dhéanamh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1

1.   Déanfaidh údaráis TLPT measúnú cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear ar aon eintiteas airgeadais TLPT a dhéanamh, agus tionchar na n-eintiteas airgeadais sin, a saintréithe sistéamacha agus a bpróifíl riosca TFC á gcur san áireamh, ar bhonn na gcritéar uile seo a leanas:

(a)

tosca a bhaineann le tionchar agus le saintréithe sistéamacha:

(i)

méid an eintitis airgeadais, arna chinneadh ar bhonn cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an t-eintiteas airgeadais seirbhísí airgeadais i mBallstát amháin nó níos mó agus trí ghníomhaíochtaí an eintitis airgeadais a chur i gcomparáid le gníomhaíochtaí eintiteas airgeadais eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla;

(ii)

méid agus cineál idircheangailteachta an eintitis airgeadais le heintitis airgeadais eile san earnáil airgeadais i mBallstát amháin nó níos mó;

(iii)

criticiúlacht nó tábhacht na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais don earnáil airgeadais;

(iv)

inionadaitheacht na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais;

(v)

castacht shamhail ghnó an eintitis airgeadais agus na seirbhísí gaolmhara agus na bpróiseas gaolmhar;

(vi)

cé acu atá nó nach bhfuil an t-eintiteas airgeadais ina chuid de ghrúpa saintréithe sistéamaí ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta san earnáil airgeadais agus a dhéanann córais TFC a chomhroinnt;

(b)

Tosca a bhaineann le riosca TFC:

(i)

próifíl riosca an eintitis airgeadais;

(ii)

timpeallacht na bagartha de chuid an eintitis airgeadais;

(iii)

a mhéid a bhraitheann feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó feidhmeanna tacaíochta an eintitis airgeadais ar chórais agus ar phróisis TFC;

(iv)

castacht ailtireacht TFC an eintitis airgeadais;

(v)

na seirbhísí agus na feidhmeanna TFC a dtacaíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí leo, agus cainníocht agus cineál na socruithe conarthacha le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nó soláthraithe seirbhíse TFC inghrúpa;

(vi)

torthaí aon athbhreithnithe maoirseachta atá ábhartha don mheasúnú ar aibíocht TFC an eintitis airgeadais;

(vii)

aibíocht pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC;

(viii)

aibíocht na mbeart oibríochtúil braite agus maolaithe slándála TFC, lena n-áirítear an cumas chun:

(1)

faireachán a dhéanamh ar bhonneagar TFC an eintitis airgeadais ar bhonn buan;

(2)

teagmhais a bhaineann le TFC a bhrath i bhfíor-am;

(3)

anailís a dhéanamh ar na teagmhais dá dtagraítear i bpointe (2);

(4)

freagairt do na teagmhais dá dtagraítear i bpointe (2) ar bhealach tráthúil agus éifeachtach;

(ix)

cé acu atá nó nach bhfuil an t-eintiteas airgeadais ina chuid de ghrúpa atá gníomhach san earnáil airgeadais ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a chomhroinneann córais TFC.

Chun críocha phointe (a)(i), breithneoidh údarás TLPT, i gcás inar féidir, an méid seo a leanas:

(a)

staid an eintitis airgeadais maidir lena sciar den mhargadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

raon na ngníomhaíochtaí a chuireann an t-eintiteas airgeadais ar fáil;

(c)

an sciar den mhargadh atá ag na seirbhísí a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais nó ag na gníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

Chun críocha phointe (a)(v), breithneoidh údarás TLPT, i gcás inar féidir:

(a)

cé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn an t-eintiteas airgeadais níos mó ná samhail ghnó amháin;

(b)

idircheangailteacht na bpróiseas gnó éagsúil agus na seirbhísí gaolmhara.

Airteagal 2 2

2.   Ceanglóidh údaráis TLPT ar gach ceann de na heintitis airgeadais seo a leanas TLPT a dhéanamh, mura léirítear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 i leith eintiteas airgeadais nach dtugann a thionchar, na hábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais a bhaineann leis an eintiteas airgeadais sin, nó a phróifíl riosca TFC, údar le TLPT a dhéanamh:

(a)

institiúidí creidmheasa a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

sainaithníodh iad mar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(ii)

sainaithníodh iad mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE;

(iii)

is cuid de G-SII nó de O-SII iad;

(b)

institiúidí íocaíochta a sháraigh EUR 150 billiún i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh an measúnú a rinne údarás TLPT ar luach iomlán na n-idirbheart íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (8)

(c)

institiúidí ríomh-airgid a sháraigh EUR 150 billiún de luach iomlán na n-idirbheart íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir (AE) 2015/2366 nó EUR 40 billiún de luach iomlán mhéid an ríomh-airgid gan íoc i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh an measúnú a rinne údarás TLPT;

(d)

taisclanna lárnacha urrús;

(e)

contrapháirtithe lárnacha;

(f)

ionaid trádála ag a bhfuil córas trádála leictreonach a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:

(i)

tá an sciar is airde den mhargadh ag an ionad trádála i dtéarmaí láimhdeachais ar an leibhéal náisiúnta i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh an measúnú a rinne údarás TLPT in aon cheann díobh seo a leanas:

(1)

urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (44)(a), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(2)

urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (44)(b), de Threoir 2014/65/AE;

(3)

díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(4)

táirgí airgeadais struchtúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(5)

lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i Roinn C, pointe (11), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(ii)

tá sciar den mhargadh ag an ionad trádála i dtéarmaí láimhdeachais ar leibhéal an Aontais a sháraíonn 5 % i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh mheasúnú an údaráis TLPT in aon cheann díobh seo a leanas:

(1)

scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá comhionann le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna;

(2)

bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrús den sórt sin;

(3)

díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014,

(4)

táirgí airgeadais struchtúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(5)

lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i Roinn C, pointe (11), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(g)

gnóthais árachais agus athárachais a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(i)

tá préimh chomhlán i scríbhinn (GWP) acu ar mó í ná EUR 1 500 000 000;

(ii)

tá forálacha teicniúla acu ar mó iad ná EUR 10 000 000 000;

(iii)

gnóthais árachais nach saothraíonn ach gníomhaíochtaí saoil nó a shaothraíonn gníomhaíochtaí saoil agus neamhshaoil araon agus a bhfuil sócmhainní iomlána acu a sháraíonn 3,5 % de shuim iomlán na sócmhainní arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) de na gnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe sa Bhallstát.

Chun críocha (f)(ii), i gcás ina mbeidh an t-ionad trádála ina chuid de ghrúpa a chomhroinneann chórais TFC nó den soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna, breithneofar láimhdeachas na gconarthaí urrús agus díorthach ar gach ionad trádála a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe san Aontas.

Chun críocha phointe (g), sainaithneoidh údaráis TLPT fothacar de na gnóthais árachais agus athárachais uile trí na critéir a leagtar síos i bpointí (g)(i), (ii), agus (iii) a chur i bhfeidhm. Ceanglófar ar ghnóthais árachais agus athárachais a áirítear san fhothacar sin TLPT a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonann siad aon cheann de na critéir seo a leanas freisin:

(a)

préimh chomhlán i scríbhinn (GWP) ar mó í ná EUR 3 000 000 000;

(b)

forálacha teicniúla ar mó iad ná EUR 30 000 000 000;

(c)

sócmhainní iomlána a sháraíonn 10 % de shuim iomlán na sócmhainní arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2009/138/CE de chuid na ngnóthas árachais agus athárachais atá bunaithe sa Bhallstát.

Airteagal 2 3

3.   I gcás ina gcomhlíonfaidh níos mó ná eintiteas airgeadais amháin a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus a chomhroinneann córais TFC, nó i gcás ina gcomhlíonfaidh níos mó ná eintiteas airgeadais amháin a úsáideann an soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna, na critéir a leagtar amach i mír 2, cinnfidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais sin, i gcomhréir le hAirteagal 16(2), cé acu atá nó nach bhfuil an ceanglas TLPT a dhéanamh ar bhonn aonair ábhartha do na heintitis airgeadais sin.

I gcás nach ionann údarás TLPT mháthairghnóthas grúpa eintiteas airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus údaráis TLPT eintitis airgeadais an ghrúpa, rachaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais ar leis an ngrúpa sin i gcomhairle leis an údarás sin maidir le cé acu is iomchuí nó nach iomchuí TLPT a dhéanamh ar bhonn aonair.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas