+Airteagal 2 2
|
Airteagal 2 2
2. Ceanglóidh údaráis TLPT ar gach ceann de na heintitis airgeadais seo a leanas TLPT a dhéanamh, mura léirítear sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 i leith eintiteas airgeadais nach dtugann a thionchar, na hábhair imní maidir le cobhsaíocht airgeadais a bhaineann leis an eintiteas airgeadais sin, nó a phróifíl riosca TFC, údar le TLPT a dhéanamh:
|
(a)
|
institiúidí creidmheasa a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(i)
|
sainaithníodh iad mar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna) i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);
|
|
(ii)
|
sainaithníodh iad mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo (O-SIInna) i gcomhréir le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE;
|
|
(iii)
|
is cuid de G-SII nó de O-SII iad;
|
|
|
(b)
|
institiúidí íocaíochta a sháraigh EUR 150 billiún i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh an measúnú a rinne údarás TLPT ar luach iomlán na n-idirbheart íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (8)
|
|
(c)
|
institiúidí ríomh-airgid a sháraigh EUR 150 billiún de luach iomlán na n-idirbheart íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir (AE) 2015/2366 nó EUR 40 billiún de luach iomlán mhéid an ríomh-airgid gan íoc i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh an measúnú a rinne údarás TLPT;
|
|
(d)
|
taisclanna lárnacha urrús;
|
|
(e)
|
contrapháirtithe lárnacha;
|
|
(f)
|
ionaid trádála ag a bhfuil córas trádála leictreonach a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:
|
(i)
|
tá an sciar is airde den mhargadh ag an ionad trádála i dtéarmaí láimhdeachais ar an leibhéal náisiúnta i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh an measúnú a rinne údarás TLPT in aon cheann díobh seo a leanas:
|
(1)
|
urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (44)(a), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);
|
|
(2)
|
urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (44)(b), de Threoir 2014/65/AE;
|
|
(3)
|
díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);
|
|
(4)
|
táirgí airgeadais struchtúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;
|
|
(5)
|
lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i Roinn C, pointe (11), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
|
|
|
(ii)
|
tá sciar den mhargadh ag an ionad trádála i dtéarmaí láimhdeachais ar leibhéal an Aontais a sháraíonn 5 % i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimh mheasúnú an údaráis TLPT in aon cheann díobh seo a leanas:
|
(1)
|
scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá comhionann le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna;
|
|
(2)
|
bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrús den sórt sin;
|
|
(3)
|
díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014,
|
|
(4)
|
táirgí airgeadais struchtúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;
|
|
(5)
|
lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i Roinn C, pointe (11), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
|
|
|
|
(g)
|
gnóthais árachais agus athárachais a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:
|
(i)
|
tá préimh chomhlán i scríbhinn (GWP) acu ar mó í ná EUR 1 500 000 000;
|
|
(ii)
|
tá forálacha teicniúla acu ar mó iad ná EUR 10 000 000 000;
|
|
(iii)
|
gnóthais árachais nach saothraíonn ach gníomhaíochtaí saoil nó a shaothraíonn gníomhaíochtaí saoil agus neamhshaoil araon agus a bhfuil sócmhainní iomlána acu a sháraíonn 3,5 % de shuim iomlán na sócmhainní arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) de na gnóthais árachais agus athárachais atá bunaithe sa Bhallstát.
|
|
Chun críocha (f)(ii), i gcás ina mbeidh an t-ionad trádála ina chuid de ghrúpa a chomhroinneann chórais TFC nó den soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna, breithneofar láimhdeachas na gconarthaí urrús agus díorthach ar gach ionad trádála a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe san Aontas.
Chun críocha phointe (g), sainaithneoidh údaráis TLPT fothacar de na gnóthais árachais agus athárachais uile trí na critéir a leagtar síos i bpointí (g)(i), (ii), agus (iii) a chur i bhfeidhm. Ceanglófar ar ghnóthais árachais agus athárachais a áirítear san fhothacar sin TLPT a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonann siad aon cheann de na critéir seo a leanas freisin:
|
(a)
|
préimh chomhlán i scríbhinn (GWP) ar mó í ná EUR 3 000 000 000;
|
|
(b)
|
forálacha teicniúla ar mó iad ná EUR 30 000 000 000;
|
|
(c)
|
sócmhainní iomlána a sháraíonn 10 % de shuim iomlán na sócmhainní arna luacháil i gcomhréir le hAirteagal 75 de Threoir 2009/138/CE de chuid na ngnóthas árachais agus athárachais atá bunaithe sa Bhallstát.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|