+Airteagal 5a Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní

Airteagal 5a Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní

Airteagal 5a

Sainmhínithe atá sonrach do chripteashócmhainní

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “cripteashócmhainn” cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ) nach airgeadra digiteach bainc ceannais í;

(2) 

ciallaíonn “comhartha ríomh-airgid” nó “comhartha r-airgid” comhartha ríomh-airgid nó comhartha r-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114;

(3) 

ciallaíonn “neamhchosaint cripteashócmhainní” sócmhainn nó ítim lasmuigh den chlár comhardaithe a bhaineann le cripteashócmhainn as a dtagann riosca creidmheasa, riosca creidmheasa contrapháirtí, riosca margaidh, riosca oibriúcháin nó riosca leachtachta;

(4) 

ciallaíonn “sócmhainn thraidisiúnta” aon sócmhainn seachas cripteashócmhainn, lena n-áirítear:

(a) 

ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (50), den Rialachán seo;

(b) 

cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366;

(c) 

taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ), lena n-áirítear taiscí struchtúrtha;

(d) 

suíomhanna urrúsúcháin i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;

(e) 

táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin;

(f) 

táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;

(g) 

scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ) nó Threoir 2009/138/CE;

(h) 

táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin;

(i) 

Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 );

(j) 

scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 25 ).

(5) 

ciallaíonn “sócmhainn thraidisiúnta théacschomharthaithe” cineál cripteashócmhainne ar sócmhainn thraidisiúnta é, lena n-áirítear comhartha ríomh-airgid;

(6) 

ciallaíonn “comhartha sócmhainn-tagartha” comhartha sócmhainn-tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6), de Rialachán (AE) 2023/1114;

(7) 

ciallaíonn “seirbhís cripteashócmhainní” seirbhís cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 16, de Rialachán (AE) 2023/1114.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas