|
+Airteagal 180 1. |
Airteagal 180 1.►M17 Agus na paraiméadair riosca a bhainfidh leis na gráid nó leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, déanfaidh na hinstitiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le meastachán PD a chur i bhfeidhm i gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí: ◄
(a)
déanfaidh institiúidí meastachán ar PDanna de réir grád oibleagáideora ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana aon bhliain amháin. Cuirfear san áireamh i meastacháin PD oibleagáideoirí atá dianluamhánaithe nó oibleagáideoirí ar sócmhainní trádáilte den chuid is mó a sócmhainní feidhmíocht na sócmhainní foluiteacha ar bhonn tréimhsí luaineachta struis;
(b)
i gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe féadfaidh institiúidí an EL de réir an ghráid oibleagáideora a mheas ar bhonn meán fadtréimhseach rátaí mainneachtana réadaithe aon bhliain amháin;
(c)
má dhéanann institiúid na meánmheastacháin fhadtréimhseacha ar PDanna agus LGDanna i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe ó mheastachán EL, agus ar mheastachán iomchuí ar PD nó ar LGD, comhlíonfaidh an próiseas chun na caillteanais iomlána a mheas na caighdeáin ghinearálta maidir le meastacháin ar PDanna agus LGDanna atá leagtha amach sa chuid seo, agus beidh an toradh comhsheasmhach le coincheap an LGD mar atá sé leagtha amach in Airteagal 181(1)(a);
(d)
ní bhainfidh institiúidí úsáid as teicnící measta PD gan anailís a chur mar thaca leo. Cuirfidh institiúidí san áireamh an tábhacht a bhaineann le breithiúnas maidir le torthaí na dteicnící a chur le chéile agus coigeartuithe a dhéanamh i ngeall ar easnamh na dteicnící agus na faisnéise;
(e)
sa mhéid go n-úsáideann institiúid sonraí maidir leis an taithí inmheánach ar an mainneachtain chun PDanna a mheas, cuirfear san áireamh sna meastacháin na caighdeáin frithgheallta reatha agus na difríochtaí sa chóras rátála a ghin na sonraí agus an córas rátála reatha; I gcás ina bhfuil athrú tagtha ar na caighdeáin frithgheallta nó ar na córais rátála, tar éis coigeartú iomchuí a chur san áireamh, cuirfidh an institiúid corrlach coimeádachais níos mó lena meastachán ar PD a bhaineann le raon ionchasach na n-earráidí meastacháin nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis an gcoigeartú iomchuí;
(f)
sa mhéid go gcomcheanglaíonn nó go mapálann institiúid a gráid inmheánacha leis an scála a úsáideann IMCS nó eagraíochtaí dá leithéid agus go sannann sí ansin an ráta mainneachtana atá le haithint ar ghráid na heagraíochta seachtraí do ghráid na hinstitiúide, beidh na mapálacha bunaithe ar chomparáid idir na critéir rátála inmheánacha agus na critéir a úsáideann an eagraíocht sheachtrach agus ar chomparáid idir na rátálacha inmheánacha agus na rátálacha seachtracha i gcás aon oibleagáideoir atá i bpáirt acu. Seachnófar laofachtaí nó neamhréireanna sa chur chuige mapála nó sna bunsonraí. Beidh critéir na heagraíochta seachtraí a fholuíonn na sonraí a úsáidfear don chainníochtú dírithe ar an ►C9 riosca ◄ mainneachtana amháin agus ní chuirfidh siad saintréithe na n-idirbheart san áireamh. Áireofar san anailís a dhéanfaidh an institiúid comparáid idir na sainmhínithe ar mhainneachtain arna n-úsáid, faoi réir na gceanglas in Airteagal 178. Doiciméadóidh an institiúid bunús na mapála;
(g)
sa mhéid go n-úsáideann institiúid samhlacha staitistiúla chun mainneachtain a thuar, is ceadmhach meastachán a dhéanamh ar na PDanna mar mheán simplí na meastachán ar dhóchúlacht mainneachtana oibleagáideoirí aonair in aon ghrád ar leith. An úsáid a bhainfidh an institiúid as samhlacha um dhóchúlacht mainneachtana chun na críche seo, comhlíonfaidh sí na caighdeáin atá leagtha amach in Airteagal 174;
(h)
is cuma cé acu foinsí sonraí seachtracha, inmheánacha nó comhthiomsaithe, nó meascán den trí rud sin a úsáideann an institiúid dá meastachán PD, beidh fad na tréimhse breathnóireachta stairiúla foluití cothrom le 5 bliana ar a laghad i gcás foinse amháin díobh ar a laghad;
(i)
gan beann ar an modh a úsáidfear chun PD a mheas, déanfaidh institiúidí meastachán ar PD i gcás gach gráid rátála bunaithe ar an meánráta stairiúil mainneachtana bliana breathnaithe, ar meán uimhríochtúil é bunaithe ar líon na n-oibleagáideoirí (a ualaítear ó thaobh a lín); ní cheadófar cineálacha cur chuige eile, lena n-áirítear meáin a ualaítear ó thaobh na neamhchosanta. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (h), den mhír seo, i gcás inar faide ná sin an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh le fáil i gcás aon fhoinse ar leith, agus i gcás ina mbeidh na sonraí sin ábhartha, is í an tréimhse is faide sin a úsáidfear. Cuimseoidh na sonraí sin meascán ionadaíoch de bhlianta maithe agus de dhrochbhlianta an timthrialla eacnamaíoch a bheidh ábhartha don chineál neamhchosaintí. Faoi réir chead na n-údarás inniúil, institiúidí nach mbeidh cead faighte acu ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin féin ar LGD ná IRB-CCF a úsáid, féadfaidh siad sonraí ábhartha a chumhdóidh tréimhse 2 bhliain a úsáid le linn dóibh Cur Chuige IRB a chur chun feidhme. Cuirfear 1 bhliain amháin gach bliain leis an tréimhse atá le cumhdach go dtí go gcumhdóidh sonraí ábhartha tréimhse 5 bliana ar a laghad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|