+Airteagal 197 Incháilitheacht na comhthaobhachta faoi gach cineál cur chuige agus gach modh
---+Airteagal 197 1.
---+Airteagal 197 2.
---+Airteagal 197 3.
---+Airteagal 197 4.
---+Airteagal 197 5.
---+Airteagal 197 6.
---+Airteagal 197 7.
---+Airteagal 197 8.

Airteagal 197 Incháilitheacht na comhthaobhachta faoi gach cineál cur chuige agus gach modh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 197 1.

Féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe faoi gach cineál cur chuige agus gach modh:

(a) 

airgead i dtaisce leis an institiúid iasachtaí, nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid arna sealbhú aici;

▼M17

(b) 

urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS nó ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS nó an ghníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2, 3 nó 4 den cháilíocht chreidmheasa de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Chaibidil 2;

(c) 

urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag institiúidí, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;

(d) 

urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag eintitis eile, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;

(e) 

urrúis fiachais a ndéanann IMCS measúnú creidmheasa gearrthéarmach orthu sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;

▼B

(f) 

cothromas nó na bannaí in-chomhshóite a áirítear i bpríomhinnéacs;

▼M17

(g) 

órbhuillean;

▼M5

(h) 

suíomhanna urrúsúcháin nach suíomhanna ath-urrúsúcháin iad agus atá faoi réir ualú priacail 100 % nó níos lú i gcomhréir le hAirteagal 261 go go hAirteagal 264.

▼B

Airteagal 197 2.

Chun críocha phointe (b) de mhír 1, áireofar in “urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais” iad seo ar fad a leanas:

(a) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, a láimhseáiltear ►C9  neamhchosaintí ◄ orthu mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar an rialtas láir a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse, faoi Airteagal 115(2);

(b) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4);

(c) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);

(d) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 118.

Airteagal 197 3.

Chun críocha phointe (c) de mhír 1, áireofar in “urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí” iad seo ar fad a leanas:

(a) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla seachas na hurrúis fiachais sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

(b) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí, a láimhseáiltear ►C9  neamhchosaintí ◄ orthu de réir Airteagal 116(1) agus (2);

(c) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha seachas iad sin a sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2);

Airteagal 197 4.

Urrúis fiachais a eisíonn institiúidí eile agus nach bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS, féadfaidh institiúid iad a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfaidh na hurrúis fiachais sin na critéir seo a leanas ar fad:

▼B

(a) 

tá siad liostaithe ar mhalartán aitheanta;

(b) 

cáilíonn siad mar fhiachas sinsearach;

(c) 

maidir leis na heisiúintí rátáilte ón institiúid eisithe a mbaineann an tsinsearacht chéanna leo, tá measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS a bhfuil sé cinnte ag ÚBE go mbaineann sé le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde de réir na rialacha ualaithe ►C9  riosca ◄ maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar institiúidí nó ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;

(d) 

níl aon fhaisnéis ag an institiúid iasachtaí a thabharfadh le fios go mbeadh údar le measúnú creidmheasa a bheadh níos ísle ná an ceann a shonraítear i bpointe (c);

(e) 

is leor leachtacht mhargaidh na hionstraime chun na críocha sin.

Airteagal 197 5.

Féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna in GCanna a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;

▼C2

(b) 

tá na GCanna teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi mhír 1 agus mhír 4;

▼B

(c) 

comhlíonann na GCanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 132(3).

I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin.

I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin a bheith incháilithe mar chomhthaobhacht dá bharr sin.

Airteagal 197 6.

Chun críocha mhír 5 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil GC (“an GC bunaidh”) ná aon cheann dá GCanna foluiteacha teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe faoi mhír 1 agus mhír 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcuireann na hinstitiúidí cur chuige na trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 132a(1) nó Airteagal 152(2) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas go dtí an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo;

(b) 

i gcás ina gcuireann institiúidí an cur chuige bunaithe ar shainordú dá dtagraítear in Airteagal 132a(2) nó 152(5) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas chuig an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCanna foluiteacha in ionstraimí neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe féin.

I gcás ina bhfuil GCanna foluiteacha dá chuid féin aige ag aon GC bunúsach, féadfaidh institiúidí aonaid nó scaireanna sa GC bunaidh a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe ar an gcoinníoll go ndéanfaidh siad an mhodheolaíocht a leagtar síos sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.

I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag sócmhainní neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thig ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá ní seo a leanas:

(a) 

ríomhfaidh siad luach iomlán na sócmhainní neamh-incháilithe;

(b) 

i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na sócmhainní incháilithe.

Airteagal 197 7.
Maidir le pointí (b) go (e) de mhír 1, i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ag urrús ó IMCSanna, cuirfidh institiúidí an measúnú is lú fabhar i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ag urrús ó IMCSanna, cuirfidh institiúidí an dá mheasúnú is fabhraí i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil, cuirfidh institiúidí an measúnú is lú fabhar i bhfeidhm.
Airteagal 197 8.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na príomhinnéacsanna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), agus i bpointe (e) d'Airteagal 299(2);

(b) 

na malartuithe aitheanta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 den Airteagal seo,i bpointe (a) d'Airteagal 198(1), in Airteagal 224(1) agus (4), i bpointe (e) d'Airteagal 299(2), i bpointe (k) d'Airteagal 400(2), i bpointe (e) d'Airteagal 416(3), i bpointe (c) d'Airteagal 428(1), agus i bpointe 12 d'Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (72) d'Airteagal 4(1).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2014.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas