+Airteagal 197 1.

Airteagal 197 1.

Féadfaidh institiúidí na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe faoi gach cineál cur chuige agus gach modh:

(a) 

airgead i dtaisce leis an institiúid iasachtaí, nó ionstraimí comhshamhlaithe airgid arna sealbhú aici;

▼M17

(b) 

urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS nó ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS nó an ghníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2, 3 nó 4 den cháilíocht chreidmheasa de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais faoi Chaibidil 2;

(c) 

urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag institiúidí, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;

(d) 

urrúis fiachais, arna n-eisiúint ag eintitis eile, a bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí faoi Chaibidil 2;

(e) 

urrúis fiachais a ndéanann IMCS measúnú creidmheasa gearrthéarmach orthu sna cásanna seo a leanas:

(i) 

tá IMCS ainmnithe ag an institiúid chun críocha Chaibidil 2; agus

(ii) 

tá sé cinnte ag ÚBE go mbaineann an measúnú creidmheasa le céim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa de réir na rialacha ualaithe riosca maidir le neamhchosaintí gearrthéarmacha faoi Chaibidil 2;

▼B

(f) 

cothromas nó na bannaí in-chomhshóite a áirítear i bpríomhinnéacs;

▼M17

(g) 

órbhuillean;

▼M5

(h) 

suíomhanna urrúsúcháin nach suíomhanna ath-urrúsúcháin iad agus atá faoi réir ualú priacail 100 % nó níos lú i gcomhréir le hAirteagal 261 go go hAirteagal 264.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas