+Airteagal 325bp 5.

Airteagal 325bp 5.

Chun mainneachtain na n-eisiúnaithe a ionsamhlú sa tsamhail inmheánach maidir leis an ►C12  riosca ◄ mainneachtana, comhlíonfaidh meastacháin na hinstitiúide ar dhóchúlachtaí mainneachtana na ceanglais seo a leanas:

▼M17

(a) 

socrófar íosteorainn le haghaidh na ndóchúlachtaí mainneachtana ag an ráta 0,01  % i gcás neamhchosaintí a gcuirtear ualú riosca 0 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagail 114 go 118 agus 0,01  % i gcás bannaí faoi chumhdach a gcuirtear ualú riosca 10 % i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 129; in aon chás eile, socrófar íosteorainn na ndóchúlachtaí mainneachtana ar ráta 0,03  %;

▼M8

(b) 

bunófar na dóchúlachtaí mainneachtana ar thréimhse ionchasach bliana, mura luaitear a mhalairt sa Roinn seo;

(c) 

chun dóchúlachtaí mainneachtana a thomhas, úsáidfear sonraí maidir le mainneachtana a tharla san am atá caite agus meathlú móra i bpraghsanna margaidh atá coibhéiseach le teagmhais mhainneachtana, ó thréimhse a théann siar cúig bliana ar a laghad, agus na sonraí sin amháin, nó úsáidfear na sonraí sin i dteannta le praghsanna margaidh reatha; ní bhunófar dóchúlachtaí mainneachtana ar phraghsanna margaidh reatha amháin;

▼M17

(d) 

i gcás institiúid ar tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, le haghaidh na haicme neamhchosanta agus an chórais rátála a chomhfhreagraíonn d’eisitheoir áirithe, úsáidfidh sí an mhodheolaíocht a leagtar amach ansin chun dóchúlachtaí mainneachtana an eisitheora sin a ríomh, ar choinníoll go bhfuil fáil ar na sonraí le haghaidh an mheastacháin sin;

(e) 

i gcás institiúid nár tugadh cead di meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana dá dtagraítear i bpointe (d), forbróidh sí modheolaíocht inmheánach nó úsáidfidh sí foinsí seachtracha chun meastachán a dhéanamh ar na dóchúlachtaí mainneachtana sin go comhsheasmhach leis na ceanglais is infheidhme maidir le meastacháin ar dhóchúlachtaí mainneachtana faoin Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), tá fáil ar na sonraí chun meastachán a dhéanamh ar dhóchúlachtaí mainneachtana eisitheora áirithe suíomh leabhair trádála i gcás ina bhfuil, ar dháta an ríomha, suíomh leabhair neamhthrádála ag an institiúid i leith an oibleagáideora chéanna a measann sí dóchúlachtaí mainneachtana lena aghaidh i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3, Roinn 1, chun a ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Chaibidil sin a ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas